Foilsithe ar
Ráiteas ag Rialtas na hÉireann, Rockall
Eisithe ag Preas-Oifig an Rialtais
Tá plé ar siúl maidir le Rocal idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas na hAlban.
Tá teagmháil dhlúth á déanamh ar leibhéal oifigiúil le cúpla lá anuas. Rinneadh comhaontú go dtitfidh próiseas idirchaidrimh níos dlúithe amach, faoi stiúir oifigigh shinsearacha ón dá rialtas.
Mhaígh Rialtas na hÉireann arís agus arís eile gur cheart déileáil leis an gceist seo trí thaidhleoireacht agus comhaontú. Tá súil againn, ar an mbunús seo, gur féidir na deacrachtaí is déanaí a tháinig chun solais a shárú.