Foilsithe ar 

Ráiteas an 7 Aibreán 2020 ó Josepha Madigan, T.D., an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir le Gaillimh 2020

Tá an ráiteas a rinne Bord Ghaillimh 2020 inniu maidir leis na cinntí deacra a b’éigean dó a dhéanamh clár cultúir agus imeachtaí Ghaillimh 2020 Príomhchathair Chultúir na hEorpa a chiorrú mar gheall ar an tionchar atá ag na srianta atá i bhfeidhm le dul i ngleic le géarchéim COVID-19 aitheanta ag Josepha Madigan, T.D,. an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

D’fhógair Bord Ghaillimh 2020 ar maidin gur clár bríomhar, indéanta ach laghdaithe a bheidh ar siúl anois amach sa bhliain mar thoradh ar na srianta i dtaobh daoine a bheith ag cruinniú go poiblí, scaradh sóisialta agus taisteal náisiúnta agus idirnáisiúnta.  Mar thoradh air sin, faraor, ach nach bhfuil aon dul as,  beidh foireann Ghaillimh 2020 le ciorrú lena n-áirítear an conradh leis an bhfoireann treorach cruthaithí in Artichoke agus leis an Stiúrthóir Cruthaitheach Helen Marriage.

Ar maidin dúirt an tAire,

Ar nós eagraíochtaí agus daoine go leor sa phobal ealaíne, tá tionchar rímhór ag na srianta náisiúnta agus idirnáisiúnta atá i bhfeidhm chun dul i ngleic le scaipeadh COVID-19 ar Ghaillimh 2020.  Tuigimse an obair mhór a bhain le Príomhchathair Chultúir na hEorpa a phleanáil don phobal i mbliana agus ba liom buíochas a ghlacadh le Bord agus le foireann Ghaillimh 2020 as an obair mhór atá déanta acu. Tá díograis agus dílseacht an Bhoird agus na foirne i nGaillimh 2020 feicthe agam féin ag ócáidí go leor agus bhí sé de phléisiúr agam an ríméad a bhí ar mhuintir na Gaillimhe a fheiceáil nuair a seoladh an clár cultúir i mí Meán Fómhair seo caite. 

Tá an díomá céanna ormsa is atá ar gach duine eile nach rachaidh Gaillimh 2020 chun cinn ar scála chomh mór is a bhí beartaithe ach tá a fhios agam freisin go ndéanfaidh an fhoireann agus na páirtnéirí cultúir a ndícheall an oiread den chlár is féidir a chur ar fáil de réir na dtreoirlínte leighis phoiblí.

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an mBord agus le foireann Ghaillimh 2020 agus aitheantas a thabhairt dóibh. Tuigim gur am deacair é seo agus nach mbeidh cuid den fhoireann - an Stiúrthóir Cruthaitheach Helen Marriage agus a comhghleacaithe in Artichoke, a raibh fís acu go mbeadh Gaillimh 2020 ar ócáid agus ar bhliain nach ndéanfaí dearmad choíche uirthi - páirteach sa chlár ciorruithe seo. Cuirfear na tacaíochtaí cuí Stáit ar fáil do na hoibrithe a mbeidh tionchar aige seo orthu.

Leanfaidh mise agus m’fhoireann ag tacú le Gaillimh 2020 agus leis na páirtnéirí cultúir agus beimid ag súil go mór leis na himeachtaí a thabharfaidh le chéile arís muid nuair a bheidh sin sábháilte ag an bpobal a dhéanamh.