Foilsithe ar 

Ráiteas an Aire Seán Kyne maidir le HID Global

Tá an Rialtas tiomanta tacú le cruthú fostaíochta agus forbairt fiontair inár bpobail Ghaeltachta.  Tá infheistíocht dhíreach eachtrach a mhealladh san áireamh anseo chomh maith le tacaíocht a thabhairt do ghnóthaí agus fiontair dúchasacha.

D’fhógair HID Global Ireland Teo. an cinneadh go bhfuil siad chun a nAonad Barr Feabhais Eorpach a bhunú i gCathair na Gaillimhe agus mar thoradh air seo, chun a gcuid oibríochtaí a dhaingniú, táthar ag aistriú an lucht oibre atá ann cheana féin as an Tulaigh, Baile na hAbhann chuig a n-áislann nua sa gcathair. In ainneoin gur údar díomá é seo don cheantar Gaeltachta seo, tuigim nach mbeidh aon phost á chailleadh agus go mbeidh chuile fhostaí atá lonnaithe ar an Tulaigh faoi láthair in ann aistriú go dtí áislann an chomhlachta i gCathair na Gaillimhe.

Ar ndóigh rinne Údarás na Gaeltachta chuile iarracht láithreacht HID Global a choinneáil agus an fhorbairt bheartaithe nua a éascú ag an láthair i gConamara, áit a raibh comhpháirtíocht fhiúntach idir Údarás na Gaeltachta agus an comhlacht le seacht mbliana déag anuas.

Sa gcomhthéacs sin, ba mhaith liom a dheimhniú gur tionóladh cruinniú idir Údarás na Gaeltachta, an tÚdarás Forbartha Tionscail agus a gcuid máthair-ranna agus na hAirí Humphreys agus McHugh, agus ar ar fhreastail mé féin freisin i Meitheamh 2018. Reáchtáladh an cruinniú sin chun cumarsáid agus comhoibriú idir na gníomhaireachtaí a neartú.  Agus sa gcomhthéacs sin rinneadh plé ar HID Global, chomh maith le ceisteanna eile.  Mar thoradh air seo agus cruinnithe breise, i mí na Nollag 2018 síníodh Prótacal Cumarsáide agus Rannpháirtíochta maidir le rannpháirtíocht chliant faoi seach idir Údarás na Gaeltachta agus an tÚdarás Forbartha Tionscail.  Ach is faoin gcomhlacht féin atá sé cinneadh a dhéanamh maidir le hinfheistíocht agus cá ndéanfar amhlaidh, agus sa gcás seo, tá cinneadh déanta ag HID Global a gcuid oibríochtaí a aistriú go Cathair na Gaillimhe.

Lena bheith cruinn ceart faoi, ba chóir dom a rá go bhfuil sé deimhnithe nach bhfuil HID Global ag fáil aon mhaoiniú ón Údarás Forbartha Tionscail maidir lena gcinneadh athlonnú go Cathair na Gaillimhe.

Tuigim go bhfuil Údarás na Gaeltachta, mar chuid dá straitéis leanúnach forbartha fiontair, i mbun oibre chun cliaint eile a aimsiú don áislann ar an Tulaigh agus go bhfuil an eagraíocht tiomanta forbairt bhreise a dhéanamh ar Pháirc Ghnó na Tulaí mar láthair fostaíochta.

Léiríonn figiúirí fostaíochta 2018, a d’fhoilsigh Údarás na Gaeltachta le cúpla lá anuas, go bhfuil beagnach 3,000 duine fostaíocht i gcliantchomhlachtaí de chuid an Údaráis i nGaeltacht na Gaillimhe ag deireadh na bliana – léiriú é seo ar na figiúirí is airde fostaíochta ón mbliain 2000.  Léiríonn sé seo, chomh maith le hardú ar bhuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta i mbliana, chomh tiomanta is atá an Rialtas chun fostaíocht a aimsiú agus a chothú sna ceantair Ghaeltachta.