Foilsithe ar 

Ráiteas leis an Taoiseach, agus tAire le Freagracht as Cosaint, ar an gcinneadh a rinne Cumann Ionadaíochta Chéimnigh eile na mBuan-Óglach (an PDFORRA) chun glacadh leis na moltaí a chuimsítear i dtuarascáil an Choimisiúin um Pá na Seirbhíse Poiblí ar earcaíocht agus coinneáil sa Bhuanfhórsa Cosanta

Eisithe ag Preas-Oifig an Rialtais

D’fháiltigh an Taoiseach, Leo Varadkar, agus tAire le Freagracht as Cosaint, Paul Kehoe, an cinneadh a rinne Cumann Ionadaíochta Chéimnigh eile na mBuan-Óglach (an PDFORRA) chun glacadh leis na moltaí a chuimsítear i dtuarascáil an Choimisiúin um Pá na Seirbhíse Poiblí (an CPSP).

Ciallaíonn an cinneadh gur ghlac an dá chumann ionadaíoch a aithnítear do na Fórsaí Cosanta le moltaí an CPSP.

I measc na mbeart a chuimsítear sa tuarascáil, tá an méid seo a leanas:

  • Méadú 10% ar Liúntas Seirbhíse Míleata (an LSM), a chuirfidh idir €602 agus €675 sa bhliain le tuilleamh thromlach phearsanra an Bhuanfhórsa Cosanta.
  • Leibhéil an Liúntais Dualgas Slándála agus an Liúntais Dualgas Patróil a mhéadú aníos go dtí na leibhéil a íocadh roimh Chomhaontú Bhóthar Haddington.
  • Na hArdrátaí le haghaidh Dualgais áirithe Deireadh Seachtaine a íoc arís.
  • Agus aisiompú an chiorraithe 10% ar Liúntas Thar Lear.

Dúirt an Taoiseach an méid seo a leanas agus fáilte á cur aige roimh an gcinneadh a rinne an PDFORRA

Is fíor-dhea-nuacht é gur ghlac an PDFORRA leis an bpacáiste pá seo, a dhéanfaidh fíor-dhifríocht do thuarastail dár bhFórsaí Cosanta. Íocfar méaduithe le baill den fhórsaí, idir fhir agus mhná, roimh an Nollaig. Déanfar seo i ndiaidh an cinneadh a rinne oifigigh an mhí seo caite chun glacadh lena mhacasamhail de thairiscint. Cabhróidh seo linn chun an pearsanra a mhealladh agus a choimeád a theastaíonn uainn chun freastal orainn agus sinn a chosaint sa bhaile agus thar lear araon. Cruthóidh an margadh reatha pá seirbhíse poiblí agus an chéad cheann eile tairbhí breise in 2020. Cabhróidh na cinntí a rinne an PDFORRA agus RACO linn go mbainfidh ár bhFórsaí Cosanta lán-neart amach ach glacaim go hiomlán leis gur gá dúinn níos mó a dhéanamh maidir le ceisteanna pá agus neamhphá araon.

Dúirt an tAire Kehoe

Cinnteoidh an cinneadh a rinne an PDFORRA inniu go dtugann baill de na céimeanna liostaithe fíorfheabhsúcháin agus feabhsúcháin inbhraite faoi deara ina bpá, ar nós méadú 10 faoin gcéad ar Liúntas Seirbhíse Míleata agus liúntais a íoc arís a laghdaíodh faoi Chomhaontú Bhóthar Haddington.
Is mian liom na róil chuiditheacha a aithint a ghlac an PDFORRA agus RACO araon le roinnt seachtainí anuas chun an pointe seo a bhaint amach. Tá súil agam go leanfaidh an gníomhú dearfach seo fad a dhéanaimid an Plean um Chur i bhFeidhm a thabhairt chun cinn.
Is é an toradh is tábhachtaí ar an gcinneadh seo go ndéanfaidh na mílte de phearsanra de chuid an Bhuanfhórsa Cosanta, atá sa bhaile agus thar lear ag tabhairt faoi mhisin choimeádta síochána araon, tairbhí faoi deara láithreach bonn ina nglanphá.