Foilsithe ar 

Ráiteas ón Taoiseach i ndiaidh glao teileafóin le Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe

Eisithe ag Preasoifig an Rialtais

Labhair An Taoiseach le Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe, Boris Johnson ar an teileafón tráthnóna inniu, go gairid roimh 6pm.

Phléigh siad na tograí is déanaí ón Ríocht Aontaithe.

Dúirt An Taoiseach nach gcomhlíonann na tograí chuspóirí comhaontaithe an chúlstad go hiomlán.

Thug sé le fios, áfach, go ndéanfadh sé tuilleadh mionstaidéir orthu, agus go rachaidh sé i gcomhairle leis na hinstitiúidí AE, an Tascfhórsa agus ár gcomhpháirtithe AE ina measc.

Tá sé beartaithe ag An Taoiseach labhairt le hUachtarán Chomhairle na hEorpa, Donald Tusk, agus le hUachtarán Choimisiún na hEorpa, Jean-Claude Juncker, agus le ceannairí Rialtais AE eile sna laethanta beaga amach romhainn.

Áireofar ina measc Príomh-Aire na Sualainne agus Príomh-Aire na Danmhairge, a mbeidh cruinnithe déthaobhacha ag An Taoiseach leo Déardaoin agus Dé hAoine ina bpríomhchathracha.

Dúirt An Taoiseach go bhfuil sé ag iarraidh go mbeadh margadh á chomhaontú agus á dhaingniú, agus leanfaidh sé ag obair i gcomhpháirt lenár gcomhpháirtithe AE chun é seo a chinntiú.

Chomhaontaigh An Taoiseach agus an Príomh-Aire labhairt lena chéile arís an tseachtain seo chugainn.