Foilsithe ar 

Ról na mban ó 1916 go 2016 á onórú ag an Stáit le hócáid speisialta de chuid Éire 2016 ar Lá Idirnáisiúnta na mBan

Cuirfidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, fáilte inniu (Dé Máirt) roimh mhná as gach cuid de shochaí na hÉireann, chomh maith le gaolta iad siúd a raibh páirt acu i 1916, chuig an Ospidéal Ríoga, Cill Mhaighneann le haghaidh ócaidí speisialta de chuid Éire 2016 chun aird a tharraingt ar ról na mban in imeachtaí 1916 ar Lá Idirnáisiúnta na mBan.

I measc iad siúd a bheidh i láthair beidh ionadaithe as an saol acadúil, ón Oireachtas, saol an dlí agus na breithiúna, na hearnálacha ealaíon, spóirt agus pobail, chomh maith le hionadaithe as grúpaí gníomhaíocha. Tabharfaidh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn spreagaitheasc, lena ndéanfar na róil éagsúla a bhí ag mná le linn an Éirí Amach, lenar briseadh talamh nua go minic, a phlé chomh maith leis an tionchar a bhí ag an gcoimeádachas i ndiaidh 1916 ar ról na mban i sochaí na hÉireann. I ndiaidh óráid an Uachtaráin beidh sliocht as píosa nua ceoil a coimisiúnaíodh ó Simon O’Connor, arna sheinm ag Ceolfhoireann Cheolchoirme RTÉ, agus tiomnaithe do bhaintreacha na bhfear a thug a mbeatha le linn 1916.

Beidh taibhiú gearr fosta le grúpa pobail áitiúil de shaothar a cumadh go speisialta dar teideal Flames, not Flowers. Cuirfear ionaid amhairc ar fáil i gclós an Ospidéil Ríoga do bhaill den phobal.

Breathnóidh an tUachtarán, Micheál D. Ó hUigínn, ar an dtionscadal cuilte Living for Ireland freisin, a coimisiúnaíodh go speisialta. Rinne gníomhaígh ban painéal an duine a dhearadh chun na 77 bean a coinníodh i nDún Richmond sa bhliain 1916 a chomóradh.

Ag labhairt di roimh an ócáid, dúirt an tAire Mhic Unfraidh:
“Sna blianta i ndiaidh an Éirí Amach rinneadh ról na mban i gcothú ár neamhspleáchais a laghdú, go minic d’aon lámh. Rinneadh neamhiontas de scéalta dhaoine áirithe ar nós Margaret Skinnider agus an Dr Kathleen Lynn, agus i gcaitheamh na mblianta rinneadh beag is fiú díobh. Mar gheall ar thaighde nua acadúil le 10 mbliana anuas, faoi theoir mhná ar nós Shinéad McCoole, tugadh léargas nua dúinn ar eispéireas agus obair na mban in imeachtaí 1916.

“Is cuid lárnach é ról na mban d’Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain. Céad bliain i ndiaidh an Éirí Amach, tá deis uathúil againn ómós a thabhairt do na mná a sheas sa bhearna bhaoil tráth nach raibh fiú vóta acu. I bhfianaise na ndeiseanna atá ag mná óga sa lá atá inniu ann, tá sé deacair tuiscint cheart a fháil ar chrógacht mhná ar nós an Chuntaois Markievicz, a threabh iomaire nua ar fad lena hobair dhochloíte ar son na cothroime agus an chomhionannais.

“Is tráthúil ach go háirithe go dtugann an Stáit ómós do mhná an Éirí Amach agus don méid atá bainte amach ag mná na hÉireann sa bhaile agus thar lear le 100 bliain anuas, ar Lá Idirnáisiúnta na mBan. Is é seo tráth nuair a chuimhnímid, mar náisiún, ar an obair a rinne mná na hÉireann ní hamháin i dtaca le himeachtaí 1916, ach anuas thar na mblianta go hÉirinn na linne seo.”

Nótaí do na hEagarthóirí:
Is ionann Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain, atá faoi Stiúir an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., agus clár gníomhaíochta bliana d'fhonn imeachtaí Éirí Amach 1916 a chomóradh, machnamh a dhéanamh ar an méid atá bainte amach againn le 100 bliain anuas agus súil chun tosaigh a chaitheamh ar thodhchaí na hÉireann. Tá sonraí uile an chláir ar fáil ag www.ireland.ie. Lean muid ar Facebook agus Twitter @ireland2016 #ireland2016