Foilsithe ar 

Seoladh an Tionscadail Phíolótaigh Ríomh-Mhol Gaeltachta

Bhí an tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh T.D. i láthair i nGairmscoil Mhic Dhiarmada, Árainn Mhóir inniu (An Luan, 1 Aibreán 2019) chun an tionscadal ríomhMhol Gaeltachta trí mheán na Gaeilge a sheoladh.

 

Dúirt an tAire, “Tabharfaidh an tionscadal digiteach nuálach seo deiseanna do scoláirí iar-bhunscoile Gaeltachta cur leis an raon ábhar ar líne atá ar fáil trí mheán na Gaeilge. Tá an tionscadal píolótach trí bliana seo bunaithe ar thaighde cuimsitheach atá déanta ar thionscnaimh ríomh-Mhoil dá leithéid ar fud an domhain, ina ndéanann scoláirí an curaclam a fhorlíonadh le cúrsaí ar líne, muna mbíonn na hábhair ar fáil ina scoileanna féin. Cuirfidh an tionscadal digiteach seo go mór le cumas iar-bhunscoileanna Gaeltachta an curaclam eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice (STEM) a fhairsingiú.”

 

Thosaigh pleanáil don tionscadal píolótach i Meán Fómhair 2018 i ndá iar-bhunsoil Ghaeltachta - Coláiste na Coiribe i nGaillimh and Pobalscoil Chorca Dhuibhne i gCiarraí. Ghlac nach mór le 50 scoláire idirbhliana páirt i Modúl Fisice cúig seachtaine trí mheán na Gaeilge a thug deis dóibh taithí ar fhoghlaim fhíorúil a fháil.

 

De thoradh phróisis tairisceana, tá an gnólacht sainchomhairleoireachta H2 Learning ag tacú leis an Roinn Oideachais agus Scileanna i mbainistíocht agus comhordú an tionscadail digitigh seo.

 

Dúirt an t-Aire McHugh, “Tá an-áthas orm a bheith anseo innu chun an tionscadal spreagúil nuálach seo a sheoladh, tionscadal a thaispeánann an ról tábhachtach atá ag teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC) chun raon na n-ábhar curaclaim trí mheán na Gaeilge a mhéadú do scoláirí iar-bhunscoile Gaeltachta, iad siúd atá ag freastal ar scoileanna na n-oileán chomh maith.”

 

“Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach duine atá páirteach sa tionscadal seo: oifigigh mo Roinne, H2 Learning, An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (SFGM), An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), SciFest, ach go háirithe, na scoláirí agus na múinteoirí atá rannpháirteach i bhfeidhmiú an tionscadail. Guím gach rath ar na scoláirí a bheidh ag glacadh páirt sa Tionscadal Píolótach Ardteistiméireachta ó Mheán Fómhair seo chugainn agus táim cinnte go mbeidh toradh tairbheach ar an obair seo do na scoláirí sin.”

 

Is beirt ríomh-Mhúinteoirí Fisice, le taithí acu ar Fhisic Ardleibhéil na hArdteistiméireachta a theagasc trí mheán na Gaeilge, a bheidh ag múineadh an cúrsa. Beidh na ríomh-Mhúinteoirí lonnaithe ina n-iarbhunscoileanna Gaeltachta féin agus beidh scoláirí i roinnt iar-bhunscoileanna eile ar fud na Gaeltachta á dteagasc acu. Tá ceithre scoil tar éis iarratas a dhéanamh chun páirt a ghlacadh ó Mheán Fómhair. Beidh tacaíocht ar fáil do scoláirí atá rannpháirteach sa tionscadal píolótach ó ríomh-Mheantóirí ina n-iar-bhunscoileanna féin. Baill foirne teagaisc a bhfuil saineolas eolaíochta nó matamaitice acu is ea iad na ríomh-Mheantóirí agus tacóidh siad le daltaí le linn amanna na gceachtanna.

 

Tá an t-aiseolas atá faighte ó na rannpháirtithe sa mhodúl píolótach Idirbhliana don Fhisic an-dearfach. Tá sé curtha in iúl ag scoláirí agus ríomh-Mheantóirí gur bhain siad taitneamh agus tairbhe as an taithí cianfhoghlama idirghníomhach le linn na gceachtanna Fisice ar líne.

 

Beidh an teagasc ar fad trí mheán na Gaeilge ar an gcúrsa ar líne seo don Fhisic Ardteistiméireachta. Cuirfear tacaíocht bhreise ar fáil do na hiar-bhunscoileanna rannpháirteacha lena n-áirítear deontas do threalamh digiteach agus uaireanta breise do ríomh-Mheantóirí.

 

 

Nótaí d’Eagarthóirí:

  • Tá an tionscadal trí bliana r-mhol á chur i bhfeidhm chun tacú le cur i bhfeidhm na Scéime Aitheantais Scoileanna Gaeltachta faoin bPolasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022.
  • Tá buiséad thart ar €5m curtha ar fáil do chur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta in 2019.
  • Tá sé molta sa Pholasaí faoi Cholún Tacaíochta 1, Struchtúr an tSoláthair Oideachais a láidriú, gur chóir molscoil nó ríomhscoil a bhunú le seomraí ranga fíorúla mar rogha chun leathnú a dhéanamh ar raon na roghanna curaclaim atá ar fáil do scoláirí in iar-bhunscoileanna beaga.
  • Is é cuspóir an tionscnaimh phíolótaigh trí bliana ná leas a bhaint as an soláthar ar líne chun cur leis an raon ábhar atá ar fáil trí mheán na Gaeilge do scoláirí in iar-bhunscoileanna Gaeltachta iargúlta, ag tosú le Fisic Ardleibhéal na hArdteistiméireachta ó mhí Mheán Fómhair 2019.
  • D’fhoilsigh an Roinn Oideachais agus Scileanna an tuarascáil, Athbhreithniú Idirnáisiúnta agus Tuarascáil Chomhairleach ar Fhoghlaim Ar-Líne, in 2018 chun an tionscadal píolótach ríomh-Mhol a threorú.
  • Tá an gnólacht sainchomhairleoireachta, H2 Learning, ag tacú leis an Roinn maidir le cur i bhfeidhm an tionscadail ríomh-Mhol.
  • Thosaigh cur i bhfeidhm an tionscadail i ndá iar-bhunscoil Ghaeltachta i Meán Fómhair 2018 -  Coláiste na Coiribe i nGaillimh and Pobalscoil Chorca Dhuibhne i gCiarraí.
  • Tá acmhainní breise lena n-áirítear uaireanta breise don teagasc agus deontais do threalamh teicneolaíochta á soláthar d’iar-bhunscoileanna atá rannhpháirteach sa tionscadal píolótach.
  • Ghlac thart ar 50 scoláire Idirbhliana páirt i Modúl Fisice cúig seachtaine don Idirbhliain in Earrach 2019.
  • Beidh cead isteach sa tionscadal píolóta ríomh-Mhol ag iar-bhunscoileanna ina bhfuil scoláirí ar mian leo staidéar a dhéanamh ar an bhFisic Ardleibhéil Ardteistiméireachta trí mheán na Gaeilge ach nach bhfuil sé d’acmhainn ag an scoil Fisic a chur ar fáil mar ábhar Ardteistiméireachta sa scoilbhliain 2019/20.
  • Tá sé i gceist ag an Roinn an cúrsa Fisice Ardteistiméireachta ar líne a chur ar fáil ó Mheán Fómhair 2019 go 2021.

Cuireann SciFest taispeántais aon-lae STEM ar fáil do scoláirí iar-bhunscoile. Is é cuspóir na dtaispeántas seo ná suim scoláiri sna hábhair STEM a spreagadh