Foilsithe ar 

Stoirm Atiyah - Fógra Poiblí ó Sheirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF) na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

Mar thoradh ar Rabhadh Oráiste gaoithe atá i bhfeidhm faoi láthair do Dhún na nGall, Gaillimh, Leitrim, Maigh Eo, Sligeach, An Clár, Ciarraí, Luimneach (agus Rabhadh Buí gaoithe i bhfeidhm do na contaetha eile), is mian leis an SPNF comhairle a chur ar an bpobal gan cuairt a thabhairt ar aon Pháirc Náisiúnta, Séadchomhartha Náisiúnta ná Anaclann Dúlra fad a bheidh an Rabhadh Oráiste i bhfeidhm.

Beidh na Páirceanna Náisiúnta agus Anaclanna Dúlra seo a leanas dúnta ar Dé Domhnaigh 8 Nollaig:

  • Páirc Náisiúnta Chonamara
  • Coill Chnoc Meá (Gaillimh)
  • Anaclann Dúlra Dhoire an Chláir (Gaillimh)
  • Néifinn Fhiáin/Páirc Náisiúnta Bhaile Chruaich (Maigh Eo)
  • Coill an tSeanchinn (Maigh Eo)
  • Coill Leamhchoille (Gaillimh)
  • Anaclann Dúlra Dhrom Mór (An Clár)
  • Teach agus Gáirdíní Chill Áirne

Tá comhoibriú leanúnach an phobail, is é sin le rá nach rachadh daoine isteach sna suíomhanna seo fad a bheidh na rabaidh aimsire i bhfeidhm, á iarraidh ag an SPNF i ndáil leis an ábhar seo. Tabharfar tuilleadh eolais chun dáta de réir mar a éiríonn réamhaisnéis na haimsire níos soiléire agus/nó de réir mar a dhéanann Met Éireann nuashonrú ar fhógraí chomhairleacha aimsire - féach ar www.meteireann.ie  le haghaidh rabhaidh aimsire agus eolas chun dáta.