Foilsithe ar 

Stoirm Francis - Fógra Poiblí ó Sheirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF) na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

A fhad agus a bheidh an rabhadh gaoithe, atá eisithe ag Met Éireann i bhfeidhm, beidh na Páirceanna Náisiúnta agus Anaclanna Dúlra seo a leanas dúnta:

  • Anaclann Dúlra an Raven, (Loch Garman)
  • Anaclann Dúlra Dhoire an Chláir (Gaillimh)
  • Coill Chnoc Meá (Gaillimh)
  • Páirc Náisiúnta Chonamara (Gaillimh)
  • Coill an tSeanchinn (Maigh Eo)
  • Coill Leamhchoille (Maigh Eo)
  • Néifinn Fhiáin/Páirc Náisiúnta Bhaile Chruaich (Maigh Eo)

Tá comhoibriú leanúnach an phobail, is é sin le rá nach rachadh daoine isteach sna suíomhanna seo fad a bheidh na rabaidh aimsire i bhfeidhm, á iarraidh ag an SPNF i ndáil leis an ábhar seo. Tabharfar tuilleadh eolais chun dáta de réir mar a éiríonn réamhaisnéis na haimsire níos soiléire agus/nó de réir mar a dhéanann Met Éireann nuashonrú ar fhógraí chomhairleacha aimsire - féach ar www.meteireann.ie  le haghaidh rabhaidh aimsire agus eolas chun dáta.

Tá rabhadh oráiste báistí eisithe ag Met Éireann do Chúige Chonnacht, an Chabháin, Mhuineacháin, Dhún na nGall, Loch Garman, Chorcaigh, Chiarraí agus Phort Láirge – i bhfeidhm idir 21:00 Luain 24/08/2020 agus 17:00 Máirt 25/08/2020.

Tá rabhadh buí gaoithe eisithe ag Met Éireann do Chúige Mumhan, Bhaile Átha Cliath, Loch Garman agus Chill Mhantáin – i bhfeidhm idir 06:00 Máirt 25/08/2020 agus 19:00 Máirt 25/08/2020.

Tá rabhadh buí báistí eisithe ag Met Éireann do Bhaile Átha Cliath, Cheatharlach, Chill Dara, Chill Chainnigh, Laoise, an Longfoirt, Lú, Chill Mhantáin, Uíbh Fháilí, na hIarmhí, na Mí, an Chláir, Luimnigh agus Thiobraid Árann – i bhfeidhm idir 21:00 Luain 24/08/2020 agus 21:00 Máirt 25/08/2020.