Foilsithe ar 

Suirbhé seolta ag an gComhairle Oidhreachta maidir le tionchar Covid-19 ar an earnáil oidhreachta

Sheol an Chomhairle Oidhreachta suirbhé inniu ar an tionchar atá ag an ngéarchéim Covid-19 ar an earnáil oidhreachta.

Mar aon le hearnálacha nach é, dúnadh áiteanna san earnáil oidhreachta, chaill daoine a bpost agus tá níos mó daoine san earnáil ag obair ón mbaile. Tá láithreacha oidhreachta ann a bhfuil méadú ar líon na gcuairteoirí chucu agus tá go leor eagraíochtaí cruógach ag forbairt ábhar nua ar líne dóibhsean ag i mbun scoil sa bhaile nó a chaithfidh fanacht istigh ar fad.

Féachtar leis an suirbhé seo an tionchar atá ag an ngéarchéim ar ghrúpaí pobail, ar shainghnólachtaí agus ar láithreacha cuairteoirí agus eagraíochtaí a mheas. Tá an Chomhairle Oidhreachta ag súil go gcuideoidh torthaí an tsuirbhé chun an rialtas a threorú maidir le tacaíochtaí don earnáil.

Ceapadh an suirbhé i ndiaidh scrúdú a dhéanamh ar shuirbhéanna den chineál céanna a rinneadh in Éirinn agus sa RA agus a thástáil comhlacht aitheanta taighde margaíochta.

D’fháiltigh  Josepha Madigan, An tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta roimh an suirbhé agus dúirt:

Is ionann an oidhreacht atá inár dtimpeall agus cruthú ar an méid a tháinig romhainn agus léiriú ar sheasmhacht agus is mór an sólás sin dúinn.

Tá ár n-oidhreacht tábhachtach do pobail ar fud na tíre; is as a thángamar, is den oidhreacht sin muid; tá sí ríthábhachtach i dtaobh ár bhféiniúlachta, ár scéil agus ár spioraid.  Ní raibh an teacht aniar atá sna pobail chomh suntasach riamh agus atá leis na seachtainí crua seo atá caite. Cuirfidh an suirbhé seo ar chumas na hearnála oidhreachta an tionchar atá ag an ngéarchéim seo, a tháinig gan choinne, a mheas chomh maith leis an bhfreagra a cheart a thabhairt uirthi.

Dúirt Príomhfheidhmeannach na Comhairle Oidhreachta Virginia Teehan inniu:

Tá tionchar ag an ngéarchéim seo orainn ar fad, ar ár gcuid teaghlach, ár gcairde agus ár gcomhghleacaithe agus tá imní agus míchompord orainn ar fad faoin domhan ina bhfuilimid a bheith ag athrú go pras. Tuigimid go rímhaith sa Chomhairle Oidhreachta an tionchar atá Covid-19 a imirt ar an earnáil oidhreachta - ar cuid thábhachtach í den gheilleagar agus den tsochaí tríd is tríd.

An cheist atáimid a chur mar sin: conas is féidir linn teacht slán as an ngéarchéim seo agus go deimhin rath a bheith orainn amach anseo?

Iarraimid oraibhse, ár gcuid páirtnéirí laistigh den earnáil oidhreachta trí chéile an suirbhé seo a chomhlánú agus léargas iomlán a thabhairt dúinn ar an tionchar atá ag srianta Covid 19 ar chleachtóirí, ar phobail agus eagraíochtaí oidhreachta. Cé go bhfuilimid ar an eolas maidir le freagraí nuálacha atá tugtha ar an staid gan choinne ina bhfuilimid, tuigimid freisin an brú atá dá bharr. Tá súil againn go gcuirfidh an suirbhé seo bonn fianaise ar fáil a chuirfidh ar ár gcumas freagraí a fhorbairt a chuideoidh leis an earnáil.

Déanfar torthaí an tsuirbhé a fhoilsiú agus a chur i láthair na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Tá an suirbhé le fáil ag https://www.heritagecouncil.ie/news/news-features/heritage-sector-survey agus an 6 Bealtaine 2020 an dáta deiridh a nglacfar le freagraí.

 

Teagmháil: Ian Doyle, Ceannasaí Caomhnaithe, an Chomhairle Oidhreachta

idoyle@heritagecouncil.ie 086 8329378