Foilsithe ar 

Tionscnamh Cobhsaithe €4.7m d’earnáil na gColáistí Gaeilge fógartha ag an Aire Stáit Seán Kyne

Tá fógartha ag an Seanadóir Seán Kyne, Aire Stáit na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán go bhfuil ciste beart éigeandála aon uaire ar fiú €4.7m é ceadaithe chun tacú le cobhsú earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht.

Tá an tionscnamh cobhsaithe á fheidhmiú mar bheart sonrach aon uaire chun inmharthanacht leanúnach na hearnála a chinntiú agus dá réir, ligean don earnáil leanúint ar aghaidh chun cur leis an iarracht chórasach atá á déanamh chun tacú leis an nGaeilge agus leis na réigiúin Ghaeltachta de réir chuspóirí uileghabhálacha na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030 agus an Phlean Gníomhaíochta 5 Bliana don Ghaeilge 2018–2022.

Faoin tionscnamh cobhsaithe, cuirfear tacaíocht ar fiú suas le €3.1m é i dtreo údaráis na gcoláistí le cur ar a gcumas táillí/éarlais a aisíoc le tuismitheoirí agus cuirfear €1.6m ar fáil chun tacú leis an 700 teaghlach Gaeltachta incháilithe a chuireann lóistín deimhnithe ar fáil dóibh siúd a fhreastalaíonn ar cheann de na 42 coláiste samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht a bhfuil aitheantas acu faoin scéim.

Tagann an tionscnamh seo tar éis gur fhógair an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ar an 20 Aibreán 2020 nach reáchtálfaí aon chúrsa foghlama Gaeilge sa Ghaeltacht an samhradh seo de bharr na paindéime Covid-19, ar mhaithe le sláinte phoiblí a chosaint.

Ag labhairt dó agus an tionscnamh á fhógairt aige, dúirt an tAire Stáit Kyne:

Tuigim go maith na dúshláin ar leith atá roimh na pobail Ghaeltachta de bharr chinneadh na Roinne nach reáchtálfaí aon chúrsa foghlama Gaeilge sa Ghaeltacht an samhradh seo. Tá tionscnamh cobhsaithe ar fiú €4.7m é á fhógairt agam inniu chun an earnáil a chobhsú ar bhealach a thugann aitheantas don tairbhe a bhaineann leis an gcóras faoina dtugtar  deiseanna sealbhaithe agus saibhrithe teanga taobh amuigh den seomra ranga do 26,000 scoláire gach bliain.

Tugann an earnáil seo, a bhfuil luach measta timpeall €50 milliún go bliantúil don ghéilleagar i réigiúin Ghaeltachta bainteach leis, foinse luachmhar ioncaim don 700 teaghlach Gaeltachta a chuireann lóistín ar fáil dóibh siúd a fhreastalaíonn ar na cúrsaí mar aon le tairbhe níos leithne do na pobail Ghaeltachta. Ar an mbunús seo agus ar mhaithe le hinmharthanacht leanúnach na hearnála a chinntiú oiread is féidir, i gcomhthéacs leas níos leithne na teanga, tá áthas orm a bheith in ann an tionscnamh cobhsaithe seo a chur ar fáil a ndéanfar a mhaoiniú as acmhainní reatha na Roinne faoi  Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga na Roinne.

NÓTA DO NA HEAGARTHÓIRÍ:

Tionscnamh Cobhsaithe Earnáil na gColáistí Samhraidh

    Ceisteanna Coitianta  

1. Cad atá beartaithe a dhéanamh?

Tá an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta  RCOG tar éis beannacht a fháil chun Tionscnamh Cobhsaithe na gColáistí Samhraidh (TCECS) a bhunú ar uaschostas de €4.73 milliún mar bheart éigeandála aon uaire chun tacú le cobhsú earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht.

2. Cad é an cuspóir atá bainteach leis an mbeart seo?

Is é an cuspóir ginearálta atá leis ná inmharthanacht leanúnach na hearnála a chinntiú agus dá réir, ligean don earnáil leanúint ar aghaidh chun cur leis an iarracht chórasach atá á déanamh chun tacú leis an nGaeilge agus leis na réigiúin Ghaeltachta de réir chuspóirí uileghabhálacha na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030 agus an Phlean Gníomhaíochta 5 Bliana don Ghaeilge 2018–2022 leis, arb ionann iad agus polasaí an Rialtais i ndáil leis an teanga.

Tá curtha san áireamh chomh maith sa bheart cobhsaithe seo an gá le haghaidh a thabhairt gan mhoill ar dheacrachtaí maidir le sreabhadh airgid in earnáil na gcoláistí samhraidh, ar deacrachtaí iad atá ina mbac suntasach ar chumas na gcoláistí i roinnt cásanna taillí/éarlaisí a aisíoc go dóthanach le tuismitheoirí.

3. Cad é cúlra an bhirt seo?

Ar mhaithe le tacú leis na deiseanna sealbhaithe agus saibhrithe teanga sna réigiúin Ghaeltachta do scoláirí dara leibhéal agus do mhic léinn tríú leibhéal ó áiteanna ar fud na tíre atá mar thaca ginearálta le cuspóirí an Rialtais i leith na Gaeilge mar atá leagtha amach sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030 (an Straitéis), tá scéim á riar ag an RCOG: Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge (SFG) trína n-íoctar fóirdheontas laethúil (€10 faoi láthair) le teaghlaigh Gaeltachta incháilithe a chuireann lóistín ar fáil dóibh siúd a fhreastalaíonn ar cheann de na 42 coláiste samhraidh Gaeilge sa Ghaeltacht a bhfuil aitheantas acu faoin scéim.

Tá ról tábhachtach ag an RCOG chomh maith ó thaobh comhlíontacht a chothú leis na dualgais reachtúla chuí mar a bhaineann siad leis an earnáil (go sonrach i réimse na cosanta leanaí, grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána agus sábháilteacht dóiteáin). Ba chóir a thabhairt faoi deara chomh maith, i gcomhthéacs níos leithne, go ngníomhaíonn an Roinn Oideachais agus Scileanna mar pháirtí lárnach sa chomhlíontacht a chur chun cinn ó thaobh na gcaighdeán cuí oideachais san earnáil. Tá achoimre ghinearálta faoin gcaoi a ndéanann an RCOG an scéim a riar leagtha amach in Aguisín 1.

I bhfianaise gur ceann de na príomhchuspóirí den scéim é fóirdheontas indíreach a dhéanamh ar an gcostas a bhaineann le freastal ar choláiste samhraidh Gaeltachta, tagann an scéim chomh maith le cuspóirí ginearálta an chláir um chuimsiú sóisialta agus cruthaítear buntáistí suntasacha geilleagracha do réigiúin Ghaeltachta – go háirithe sna earnálacha seirbhísí agus oideachais a meastar luach timpeall €50 milliún a bheith orthu go bliantúil.  Fianaise shonrach ar an tionchar dearfach indíreach seo is ea an méadú suntasach a bhíonn ar an ngnó ag óstáin, tithe leaba & bricfeasta, tithe tábhairne, bialanna agus siopaí nuair a thugann tuismitheoirí cuairt ar a leanaí sa Ghaeltacht ag an deireadh seachtaine le linn mhíonna an tsamhraidh.

4. Cad is fiú an infheistíocht a ndéantar sa ghnáthbhelach faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge ar bhonn bliantúil?

Is ionann €4.47 milliún in 2019 agus an caiteachas a dhéantar faoin scéim, rud atá éileamhbhunaithe. Tá méadú 21.7% ar an líon daoine atá ag freastal ar na coláistí sa tréimhse 5 bliana ó 2014 i leith. Bhíothas ag súil le tuilleadh fáis in 2020.

Bliain

Scoláirí

Teaghlaigh

Caiteachas an RCOG

2014

22,201

673

€3,445,074

2015

24,020

674

€3,727,430

2016

26,024

694

€4,013,806

2017

25,782

685

€4,072,254

2018

26,228

712

€4,134,231

2019

27,032

712

€4,446,921

 

 

 

 

 

 

 

5. Cad é comhthéacs an pholasaí seo trí chéile ?

Ar aon dul le cuspóirí ginearálta an Rialtais i ndáil leis an nGaeilge agus na réigiúin Ghaeltachta mar atá curtha in iúl sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030 (an Straitéis), is é Sprioc C faoi Ráiteas Straitéise an RCOG 2018–2020[1] ná tacú le húsáid na Gaeilge ar fud na hÉireann agus a húsáid mar phríomhtheanga an phobail sa Ghaeltacht a neartú.

Tá gníomhartha i bPlean Gníomhaíochta 5 bliana an Rialtais don Ghaeilge (Plean Gníomhaíochta 2018–2022)[2] – a foilsíodh tar éis ceadú ón Rialtas i mí an Mheithimh 2018 chun feidhmiú na straitéise uileghabhálaí a thabhairt chun tosaigh – ar gníomhartha sonracha iad (Gnímh 2.13 agus 2.15) a bhfuil sé mar aidhm acu tacú le hearnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge mar phríomhthiománaí ó thaobh leanúint le deiseanna sealbhaithe agus saibhrithe teanga i réigiúin Ghaeltachta (fearann nádúrtha na teanga) a chur ar fáil do dhaltaí iar-bhunscoile agus do mhic léinn tríú leibhéal ó áiteanna ar fud na hÉireann araon.

I gcomhthéacs na socruithe reatha atá i bhfeidhm i ndáil le bronnadh marcanna don Ghaeilge labhartha mar chuid de Scrúduithe na hArdteistiméireachta (ina mbronntar 40% de na marcanna i leith na Gaeilge labhartha) agus in ainneoin na ndeiseanna atá ag dul i líonmhaire i gcónaí ag leibhéal na hEorpa[3] agus na seirbhíse poiblí do chéimithe le cáilíochtaí Gaeilge, ní féidir an iomarca béime a leagan ar an ionchur tábhachtach atá ag earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge do dheiseanna foghlama a chur ar fáil taobh amuigh de shuíomh traidisiúnta an tseomra ranga, go háirithe i ndáil leis an nGaeilge labhartha.

Sa chomhthéacs sin, aithníonn an RCOG an tábhacht straitéiseach a bhaineann le hidirghabháil a dhéanamh anois chun an earnáil a chobhsú ar bhealach a chuireann san áireamh comhspleáchas na dteaghlach agus na gcoláistí ar a chéile ar mhaithe lena n-inmharthanacht.

6. Cad é an staid reatha -  Bealtaine 2020?

Tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis sláinte agus ar mhaithe le sláinte an phobail a chosaint, d’fhógair an Roinn ar an 20 Aibreán nach reáchtálfaí aon chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht an samhradh seo.

Ó shin i leith,  rinne an Roinn moltaí a fhorbairt tar éis dul i ndáil comhairle le páirtithe leasmhara a mbeadh mar aidhm acu an earnáil a chobhsú chomh fada agus is féidir leis na hacmhainní reatha agus ar bhealach nach ndéanann díláithriú ar bhearta tacaíochta eile atá á dtairiscint go lárnach. Cuireadh na moltaí sin faoi bhráid na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Atchóirithe le gairid mar is gá a dhéanamh chun cead a lorg an beart cobhsaithe seo a bhunú.

Leagtar amach thíos cad atá beartaithe a dhéanamh. Sa chur chuige seo cuirtear san áireamh chomh maith an suíomh uathúil ina bhfuil an earnáil seo, earnáil a bhaineann leas as meascán de mhaoiniú tráchtála, pobail agus poiblí chun tacú go díreach le príomhpholasaí Rialtais.

7. Conas a ndéanfar an Tionscnamh Cobhsaithe Earnáil na gColáistí Gaeilge seo a mhaoiniú?

Is ón leithdháileadh maoinithe reatha do Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge (SFG) ón gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga (fo-mhírcheann C3) a mhaoineofar an beart éigeandála seo. 

8. Cé mhéad a bheidh á chur ar fáil faoin mbeart seo do lucht stiúrtha na gcoláistí agus do theaghlaigh Ghaeltachta atá aitheanta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge?

 

Údaráis na gColáistí

·                    Is é an ráta caighdeánach a bheidh iníoctha faoin mbeart ná suas le 15% de tháillí na gcúrsaí aitheanta SFG, suas le híocaíocht uasta de €150 an scoláire an cúrsa. Tá an íocaíocht forchostais seo bunaithe ar iomlán na dtáillí cúrsa iníoctha i ndáil le scoláirí a bhí cláraithe le haghaidh cúrsaí amhail an 20 Aibreán 2020, an dáta a d’fhógair an RCOG go gcealófaí cúrsaí mar gheall ar COVID-19. Meastar gurb é €3.07 milliún iomlán an chostais.

 

Teaghlaigh Ghaeltachta

·        Is é an ráta caighdeánach a bheidh iníoctha ná suas le 40% den íocaíocht laethúil €10 a bhíonn iníoctha ag an RCOG[4] go hiondúil faoin scéim , is é sin €4 an scoláire an oíche. Beidh iomlán na híocaíochta do gach teaghlach bunaithe ar líon na scoláirí ar íocadh SFG ina leith don tréimhse ó Aibreán go Lúnasa 2019. Meastar gurb é €1.66 milliún iomlán an chostais. Agus an RCOG ag iarraidh an íocaíocht seo a dhéanamh, cuireadh san áireamh an infheistíocht shuntasach atá déanta ag lucht tí chun na caighdeáin iarrtha (mar shampla comhlíontacht dóiteáin agus spás breise codlata) a chomhlíonadh d’fhonn aitheantas a fháil faoi théarmaí na scéime. Cuireadh san áireamh chomh maith na costais shuntasacha a bhaineann le hárachas agus costais fóntais.

 

Meastar mar sin gurb é €4.73 milliún iomlán an costas a bhainfidh leis an mbeart. Tá an tionscnamh seo dírithe ar an earnáil a chobhsú ar bhealach atá inbhuanaithe ó thaobh airgid de agus nach ndéanann díláithriú ar an tsraith reatha beart atá á cur ar fáil go lárnach. Féachann sé le cinntiú oiread is féidir, nach dtarraingíonn Coláistí na teaghlaigh Ghaeltachta as an scéim le haghaidh 2021.

9. An bhfuil sampla ann faoi chad a chiallóidh sé seo i dtéarmaí airgeadais do na coláistí agus do na tithe araon?

Sampla 1: coláiste le 500 scoláire

Má tá coláiste tar éis glacadh le héarlaisí/táillí i leith 500 scoláire go dtí 20 Aibreán agus táille €900 i gceist leis na cúrsaí sin cuir i gcás, bheadh an coláiste sin i dteideal iarratas a dhéanamh ar 15% den táille (uasmhéid €150) i leith gach scoláire faoin tionscnamh cobhsaithe mar seo a leanas:

€900 @ 15% = €135 x 500 scoláire = €67,500, bunaithe ar na coinníollacha éagsúla a bhaineann leis an mbeart a bheith comhlíonta mar is cuí. 

Dá mbeadh táille €1,200 ar an gcúrsa, bheadh uasmhéid €150 i leith gach scoláire faoin tionscnamh cobhsaithe mar seo a leanas:

€1,200 @ 15% = €180 ach uasmhéid €150. Dá réir, €150 x 500 scoláire = €75,000 

 

Sampla 2: teaghlach le 12 scoláire

Má choinnigh teaghlach Gaeltachta 12 scoláire in aghaidh an chúrsa thar thréimhse iomlán ocht seachtaine sa ghnáthbhealach in 2019 agus €6,720 dá réir faighte acu faoi SFG in 2019, bheadh siad i dteideal 40% nó €2,688 faoin mbeart seo coinníollach ar ndóigh ar na coinníollacha éagsúla a bhaineann leis an mbeart a bheith comhlíonta

2019: 12 scoláire x 7 oíche x 8 seachtaine x €10 = €6,720

2020: 12 scoláire x 7 oíche x 8 seachtaine x €10 @ 40% = €2,688

 

10. Cad iad na príomhthorthaí agus an príomh-aschur a mbeifear ag súil leis de thoradh seo uile?

I measc na bpríomhthorthaí a mbeifear ag súil leis de thoradh an bhirt cobhsaithe seo tá a leanas:

1.    Cumas na hearnála leanúint le tacú leis an soláthar deiseanna sealbhaithe agus saibhrithe teanga (lena n-áirítear le hábhair oidí) daingnithe ar bhealach inbhuanaithe ar mhaithe leis an teanga ar deireadh, rud a thagann le cuspóirí ginearálta an Rialtais i ndáil leis an nGaeilge agus na réigiúin Ghaeltachta.

2.    An earnáil cumasaithe chun leanúint de dheiseanna foghlama a chur ar fáil do c. 27,000 scoláirí sa bhliain; fostaíocht shéasúrach do c. 2,200 duine lena n-áirítear 700 teaghlach Gaeltachta, ag giniúint c. €50 milliún go bliantúil don gheilleagar i réigiúin Ghaeltachta.

3.      Na coláistí cumasaithe, chomh fada agus is féidir go praiticiúil, chun íoc as na costais riaracháin a thabhaigh údaráis na gcoláistí go dtí seo, lena n-airítear, go criticiúil, bailiú éarlaisí/táillí áirithinte ó scoláirí / tuismitheoirí / caomhnóirí ionchasacha agus cinntiú go n-aisíoctar na héarlaisí/táillí seo ina n-iomláine do thuismitheoirí/caomhnóirí.

4.      Bac curtha le haistriú na gcoláistí chuig lóistín de chineál brú de réir mar a tharraingíonn teaghlaigh amach as an scéim.  Tá sé cruthaithe go mbíonn toradh níos fearr sealbhaithe teanga i gceist le lóistín teaghlaigh mar gheall ar an teagmháil bhreise duine ar dhuine le cainteoirí dúchasacha Gaeilge sa timpeallacht teaghlaigh.

Leagtar amach sa tábla thíos costais na gcodanna a bhaineann leis an mbeart cobhsaithe:

Catagóir an chúrsa

Líon Measta na Scoláirí

Meántáille an scoláire*

15% den mheántáille an scoláire

Íocaíocht mheasta le coláistí ag 15% den táille an scoláire

Íocaíocht mheasta le lucht tí ag 40% de €10 an scoláire san oíche

Iomlán na
hÍocaíochta Measta

Ábhair oidí

3,500

€750

€112.50

€393,750

€196,000

€589,750

Cúrsa samhraidh (1 seachtain)

1,900

€365

€54.75

€104,025

€45,600

€149,625

Cúrsa samhraidh (2 sheachtain)

7,900

€765

€114.75

€906,525

€442,400

€1,348,925

Cúrsa samhraidh (3 seachtaine)

11,500

€950

€142.50

€1,638,750

€966,000

€2,604,750

Cinnirí teanga (1 seachtain)

450

€365

€54.75

€24,638

€10,800

€35,438

Iomlán

25,250

 

 

€3,067,688

€1,660,800

€4,728,488

*Tabhair do d'aire go mbeidh an íocaíocht bunaithe ar 15% de tháille iarbhír an cúrsa seachas an meántáille atá léirithe thuas.

 

11.            Cad iad na príomhchoinníollacha an TCECS?

Tá bailchríoch á cur faoi láthair ar an bpróiseas faoina lorgófar iarratais ó lucht stiúrtha na gcoláistí agus ó theaghlaigh Ghaeltachta faoi seach agus go ginearálta, is trí fhoirm iarratais, saincheaptha go sonrach chun na críocha seo, a dhéanfar riar ar iarratais ar íocaíocht faoin TCECS ó údaráis na gcoláistí agus ón lucht tí Gaeltachta faoi seach. I gcás an phróisis d’údaráis na gcoláistí, iarrfar chomh maith doiciméid tacaíochta chuí a chur ar fáil de réir an dea-chleachtais cuntasaíochta/riaracháin.

Le cinntiú go ndéantar aisíocaíochtaí/táillí a aisíoc go pras, agus le haghaidh a thabhairt ar chúrsaí sreafa airgid, cuirfear san áireamh sa phróiseas go gcuirfear suas le 50% d’iomlán na suime incháilithe ar fáil taobh istigh de thréimhse dhá sheachtain ó iarratas incháilithe a bheith faighte ag an RCOG ó údaráis na gcoláistí agus go mbeadh an t-iarmhéid iníoctha tar éis na doiciméid tacaíochta chuí agus dearbhuithe có-shínithe i scríbhinn a bheith tíolactha thar ceann údaráis na gcoláistí atá i gceist (bíodh duine de na có-shínitheoirí ina chuntasóir/cuntasóir deimhnithe).

I gcás lucht tí Gaeltachta incháilithe, déanfar íocaíocht faoin mbeart ach iarratas a dhéanamh (le foirm iarratais deartha chun na críocha seo agus a dháilfear ar lucht tí agus a bheidh ar fáil le híoslódáil ó shuíomh idirlín an RCOG) agus ag brath ar dhearbhuithe i scríbhinn a bheith curtha ar fáil go bhfanfaidh siad sa scéim le haghaidh 2021.

12.            Cad a tharlóidh anois ?

Rachaidh an RCOG i dteagmháil leis an earnáil – idir lucht stiúrtha na gcoláistí agus na teaghlaigh Ghaeltachta atá aitheanta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge chun an próiseas a chur ar bun faoina lorgófar iarratais ina leith.

Rannóg na gColáistí Gaeilge,

An Roinn Cultúir, Oidhreachta & Gaeltachta,

Na Forbacha, Gaillimh, H91 KX3

É 091 503700

colaistigaeilge@chg.gov.ie

Earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge – Ról na Roinne - léargas ginearálta

Cé gur ar lucht stiúrtha na gcoláistí Gaeilge féin atá an phríomhfhreagracht maidir lena gcoláistí féin faoi seach, tá ról lárnach agus tacúil ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ag an Roinn Oideachas agus Scileanna araon chun tacú leis an earnáil trí chéile.

Is é an cuspóir foriomlán atá ag an dá Roinn sa chúram seo ná géilliúlacht maidir leis na dualgais ábhartha reachtúla a thiteann ar lucht stiúrtha na gcoláistí Gaeilge a chothú, chomh maith le dea-chleachtas i ngach réimse ábhartha eile a chur chun cinn oiread is féidir san earnáil – lena n-áirítear gnóthaí teagaisc agus foghlama na gcoláistí. Cuimsíonn na dualgais reachtúla:

·         An tAcht um Thús Áite do Leanaí, 2015

·         An tAcht um Sheirbhísí Dóiteáin, 1981

·         An tAcht um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta), 2012

Is faoi réir na rialacháin agus na coinníollacha a leagtar amach sa cháipéis dar teideal: Rialacháin faoina dtugtar aitheantas do choláistí Gaeilge – Eagrán 3 2019, a fheidhmíonn an dá Roinn mar a bhaineann sé leis an gcóras.

Sa chomhthéacs seo cuireann an Roinn Oideachais agus Scileanna comhairle ar fáil, chomh maith le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le múineadh agus foghlaim, le cáilíochtaí múinteoirí agus le caighdeán ginearálta na gcúrsaí.

 

Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge

Is fiú €10 in aghaidh an lae (ionann le €220 in aghaidh an scoláire i leith cúrsa trí seachtaine) an fóirdheontas seo, a mbaineann breis agus 27,000 scoláire leas as in aghaidh na bliana fad is atá siad ag fanacht in aon cheann de na c. 700 teaghlach fud fad na Gaeltachta atá aitheanta faoin scéim. Is ionann seo agus infheistíocht stáit ar fiú breis agus €4m é san earnáil go bliantúil.

In éindí leis an gcúnamh praiticiúil seo a chuireann an Roinn ar fáil agus a riarann an Roinn, déanann RCOG trí chiste faoi leith eile a riar faoi scáth na scéime, ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta, eadhon:

• DEIS Gaeltachta – Faoin tionscnamh seo ar cuireadh tús leis in 2019 cuirtear 50 scoláireacht ar fáil go bliantúil ar fiú c. €850 an ceann ar mhaithe le deiseanna faoi leith a chur ar fáil do lucht freastail iar-bhunscoileanna DEIS fud fad na tíre chun freastal a dhéanamh ar choláiste samhraidh sa Ghaeltacht.

• ERASMUS Gaeltachta – Faoin tionscnamh seo, ar cuireadh tús leis in 2019, tá ciste bliantúil ar fiú €250,000 cruthaithe chun an deis a thabhairt do suas le 175 mac léinn tríú leibhéal cur fúthu ar feadh seimeastar ollscoile le teaghlaigh Ghaeltachta fad is atá siad ag freastal ar chúrsa cáilithe tríú leibhéal.

• ÁRAINN Gaeltachta – Faoin tionscnamh seo cuirtear ciste ar fáil ar fiú suas le €150,000 thar tréimhse 3 bliana chun gur féidir le suas le 30 scoláire iar-bhunscoile in aghaidh na bliana scoilbhliain iomlán a chaitheamh ag freastal in aon cheann de na trí iar-bhunscoil ar na hoileáin Árann.

Ina theannta sin cuirtear maoiniú ar fáil don scátheagraíocht CONCOS ar mhaithe le cabhrú tuilleadh le hearnáil na gcoláistí samhraidh.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh na Roinne: www.chg.gov.ie