Foilsithe ar 

Tugann an Rialtas aghaidh ar Ghníomhú ar son na hAeráide

Eisithe ag Preas-Oifig an Rialtais

  • An Chéad Tuarascáil ar Dhul chun Cinn ar an bPlean um Ghníomhú ar son na hAeráide foilsithe
  • Beidh gach foirgneamh neodrach ó thaobh astaíochtaí de, tabharfar gréasán luchtaithe feithiclí leictreacha isteach
  • Beidh rialacha nua ann le haghaidh soláthar poiblí, beifear tiomanta d’aistriú cóir
  • Foilsíodh Pleananna Oiriúnaithe do na príomhearnálacha

Foilseoidh an Rialtas an chéad tuarascáil ar dhul chun cinn ar an bPlean um Ghníomhú ar son na hAeráide inniu (Déardaoin, an 31 Deireadh Fómhair 2019), plean an rialtais chun Éire níos glaine, níos inbhuanaithe, níos sláintiúla a bhaint amach don ghlúin amach anseo. Foilseoidh an rialtas pleananna oiriúnaithe inniu, chomh maith, do 12 phríomhearnáil, lena chinntiú go bhfuilimid ullamh don tionchar a imríonn cur isteach na haeráide cheana féin i roinnt limistéar agus tabhairt faoi ghealltanais na hÉireann chun cabhrú leis an bpláinéad a chosaint.

Dúirt an Taoiseach

Tá a bpáirt le glacadh ag gach duine chun an ghéarchéim aeráide a réiteach. Imreoidh sé tionchar ar gach earnáil, gnólacht agus teach. Caithfimid oibriú as lámh a chéile chun todhchaí níos glaise, níos rathúla, níos inbhuanaithe agus níos sábháilte a bhaint amach. Beidh tithe níos teo, aer níos glaine, foinsí fuinnimh níos sláine, poist ghlasa, gnó glas agus saibhreas nua, iompar níos fearr, pobail athléimneacha, spásanna nua caitheamh aimsire agus stíleanna maireachtála níos sláintiúla againn. Is eol dúinn an méid is gá a dhéanamh. Táimid ag glacadh, i ndiaidh thuarascáil an lae inniu ar dhul chun cinn, le cuntasacht lena chinntiú go ndéantar é seo.

Leagtar amach sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide, a foilsíodh ní ba luaithe i mbliana agus atá faoi stiúir an Aire Bruton, gníomhartha i measc gach earnála den tsochaí a chinnteoidh go sásaímid ár ngealltanais aeráide don bhliain 2030, agus a leagfaidh cúrsa amach dúinn le bheith neodrach ó dtaobh astaíochtaí de faoin mbliain 2050 má chloímid leis.

Taispeánann an Tuarascáil inniu gur sholáthraíomar 85%, nó 149 de na gníomhartha a bhí le soláthar i Ráithe 2 agus 3 i mbliana, agus go bhfuil na cinn eile ar bun agus go bhfuil siad le soláthar faoi dheireadh na bliana.

Na Príomh-Gharspriocanna a baineadh amach ó rinneadh an plean a fhoilsiú:

  • Scéim Nua le haghaidh 1,200 pointe luchtaithe poiblí d’fheithiclí leictreacha ar an tsráid, faoi stiúir údaráis áitiúla
  • Soláthraíodh an chéad síneadh ar thram Luas
  • Riachtanais nua lena chinntiú go mbaineann gach teach nua caighdeán nach mór Neodrach ó thaobh Fuinnimh (NZEB) amach. Rialacháin nua maidir le héifeachtúlacht fuinnimh d’athchóirithe tí atá os cionn méid áirithe
  • Gealltanas chun tacú le hastaíochtaí neodracha ar leibhéal Eorpach
  • Síníodh Cairt Údarás Áitiúil um Ghníomhú ar son na hAeráide le gach ceann de na 31 údarás áitiúil, a chuireann athrú bríoch chun cinn ina limistéir áitiúla
  • Gealltanas do Phlean maidir le hAistriú Cóir, agus €31 milliún faighte i mBuiséad 2020 do bhearta nua
  • Rialacha nua do sholáthar poiblí, a chiallaíonn go ndéanfar €12 billiún d’infheistíocht stáit gach bliain a infheistiú go hinbhuanaithe
  • Buiséad atá dírithe ar ghníomhú ar son na haeráide, a gheallann chun praghas carbóin a mhéadú aníos go dtí €80 an tonna in 2030, agus chun na fáltais go léir a imfhálú le haghaidh gníomhú ar son na haeráide, dul i ngleic leis an mbochtaineacht fuinnimh agus aistriú cóir a sholáthar
  • Bunaíodh Bord Soláthair an Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide, faoi stiúir Roinn an Taoisigh
  • Bunaíodh tascfhórsa samhail iarfheistithe chun ár bplean nua iarfheistithe náisiúnta a sholáthar a dhéanfaidh tithe a ghrúpáil le chéile atá sa cheantar céanna chun costas a ísliú, a chuirfidh samhlacha ar fáil inar féidir aisíocaíocht gan stró a dhéanamh (e.g. trí do bhille fóntais), agus maoiniú cliste
  • Fuarthas €530 milliún ón AE chun Idirnascaire Ceilteach na hÉireann-na Fraince a sholáthar, a cheanglóidh eangacha na hÉireann agus na Fraince agus a mbaineann ríthábhacht leis chun leictreachas in-athnuaite a mhéadú aníos ó 30% go 70%
  • Glacadh leis an gcomhairle a sholáthair an Chomhairle Chomhairleach ar an Aeráid chun cosc a chur ar gach taiscéaladh nua ola sna huiscí amach ó chósta na hÉireann
  • Tionóladh 8 gcruinniú Halla an Bhaile fud fad na tíre chun idirchaidreamh a dhéanamh le pobail áitiúla faoi ghníomhú ar son na haeráide

Leanfaidh an Bord Soláthair um Ghníomhú ar son na hAeráide le monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn agus chun dúshláin a shainaithint atá roimh na gníomhartha eile nár baineadh amach go fóill a sholáthar.

Dúirt an tAire Bruton

Ní éireoidh linn an mórathrú a theastaíonn a dhéanamh ach trí iarracht mharthanach chomhsheasmhach i measc gach earnála. Is é an Plean um Ghníomhú ar son na hAeráide ár dtreoirphlean chun cinn, agus áirítear leis na gníomhartha a chinnteoidh go sásaímid ár ngealltanais aeráide amach anseo agus go ndéanfaimid amhlaidh ar bhealach a leagann an t-ualach is lú ar an tsochaí. Is ionann seo agus dul chun cinn maith ach caithfimid machnamh a dhéanamh ar cén bacainní atá romhainn roimh sholáthar 100% a bhaint amach agus a chinntiú go leanaimid leis an dícheall i ngach limistéar.

Foilseoidh an rialtas pleananna oiriúnaithe inniu do 12 phríomhearnáil. Is iad na 12 phríomhearnáil seo: Bia Mara, Talmhaíocht, Foraoiseacht, Bithéagsúlacht, Oidhreacht Thógtha agus Seandálaíochta, Bonneagar Iompair, Gréasáin Leictreachais agus Ghás, Gréasáin Chumarsáide, Bainistíocht Riosca i gCás Tuilte, Cáilíocht an Uisce, Bonneagar Seirbhísí Uisce agus Sláinte.

Sainaithnítear i ngach Plean na príomhrioscaí atá i gceist ar fud na hearnála agus an cur chuige a bhfuiltear ag tabhairt faoi chun dul i ngleic leis na rioscaí seo agus athléimneacht aeráide a fhorbairt amach anseo.

Dúirt an tAire Bruton

Caithfimid ár n-iarrachtaí a dhíriú ar an bPlean um Ghníomhú ar son na hAeráide a chur i bhfeidhm. Seo iad na gníomhartha a leagann an t-ualach is lú inniu a bhainfidh todhchaí inbhuanaithe amach don chéad ghlúin eile. Faoi mar a leagtar amach sa Phlean, caithfimid a chinntiú, chomh maith, go bhfuil an Stát réidh chun daoine a chosaint ó éifeachtaí diúltacha an athraithe aeráide in Éirinn agus go dtugaimid faoi ghníomhartha cuí chun aon díobháil a dhéantar a theorannú. Is ionann na Pleananna um Oiriúnú Earnála seo agus céim thábhachtach lena chinntiú go bhfuil an Stát ullamh.

Nótaí don Eagarthóir

Liosta na nGníomhartha a Soláthraíodh

Na 12 Phlean um Oiriúnú Earnála atá á bhfoilsiú inniu

Plean Oiriúnaithe EarnálaPríomhroinn/PríomhghníomhaireachtTéama
Bia MaraAn Roinn Talmhaíochta, Bia agus MaraCaipiteal Nádúrtha agus Cultúrtha
Talmhaíocht
Foraoiseacht
BithéagsúlachtAn Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta
Oidhreacht Thógtha agus Seandálaíochta
Bonneagar IompairAn Roinn Iompair, Turasóireachta agus SpóirtPríomhbhonneagar
Gréasáin Leictreachais agus GáisAn Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil
Gréasáin Chumarsáide
Bainistíocht Riosca i gCás TuilteOifig na nOibreacha PoiblíAcmhainn Uisce agus Bainistíocht Riosca i gCás Tuilte
Cáilíocht an UisceAn Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil
Bonneagar Seirbhísí Uisce
SláinteAn Roinn SláinteSláinte Phoiblí