Foilsithe ar 

Tugann an Taoiseach cuairt ar an gCróit chun freastal ar chruinnithe leis an bPríomh-Aire Plenković agus le ceannairí eile AE

Tá an Taoiseach, Leo Varadkar, sa Chróit inniu agus Déardaoin, áit a gcasfaidh sé le comhcheannairí ag Cruinniú Mullaigh Phobal na hEorpa i Ságrab, agus áit a dtionólfar cruinniú déthaobhach le Príomh-Aire na Cróite, Andrej Plenković.

 

Freastalóidh an Taoiseach ar chruinniú mullaigh um thráthnóna le haghaidh Cinn Stáit, Cinn Rialtais agus cheannairí an Fhreasúra ó áiteanna ar fud na hEorpa.

 

Casfaidh sé leis an Uasal Plenković Déardaoin chun ullmhú don chéad chruinniú eile de chuid na Comhairle Eorpaí i mí na Nollag. Díreoidh an plé ar Brexit, athrú aeráide, agus Buiséad an AE. 

 

Glacfaidh an Chróit le hUachtaránacht an AE in Eanáir agus pléifidh an Taoiseach tosaíochtaí an Phríomh-Aire don téarma amach romhainn, agus cuirfidh sé comhairle ar fáil, chomh maith, bunaithe ar an eispéireas féin a bhí ag Éirinn ar Uachtaránacht an AE a óstáil roimhe seo.