Foilsithe ar 

Tugann an tAire Foley cuireadh do thuismitheoirí a chur in iúl cén pátrún is fearr leo le haghaidh trí bhunscoil atá le bunú sa bhliain 2021

Tugann an tAire Foley cuireadh do thuismitheoirí a chur in iúl cén pátrún is fearr leo le haghaidh trí bhunscoil atá le bunú sa bhliain 2021

 

Thug Norma Foley TD, an tAire Oideachais, cuireadh do thuismitheoirí a chur in iúl cén pátrún is fearr leo le haghaidh trí bhunscoil atá le bunú sa bhliain 2021.

 

Iarrtar ar thuismitheoirí a roghanna pátrúnachta a chur in iúl ach suíomh Gréasáin na Roinne don Chóras Próiseála Pátrúnachta Ar Líne a úsáid. Forbraíodh an córas sin chun faisnéis oibiachtúil a thabhairt do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí sna limistéir pleanála scoile lena mbaineann chun cabhrú leo rogha eolasach a dhéanamh agus iad ag cur in iúl cén tsamhail pátrúnachta ab fhearr leo le haghaidh oideachas a linbh.

 

Is féidir an Córas Próiseála Pátrúnachta Ar Líne a rochtain ag: https://patronage.education.gov.ie/. Beidh an suirbhé beo go dtí 10am an 21 Nollaig 2020.

 

Dúirt an tAire Foley: “Is ábhar misnigh é gur ghlac líon ard tuismitheoirí páirt sa phróiseas pátrúnachta iar-bhunscoile le déanaí, cé gur ghá é a sheoladh de réir na dtreoirlínte sláinte poiblí atá i bhfeidhm faoi láthair. Tá súil agam go nglacfaidh a oiread tuismitheoirí agus is féidir páirt sa phróiseas bunscoile atá le cur ar siúl do na trí bhunscoil sin. Tá sé tábhachtach go dtugtar an deis do thuismitheoirí a chur in iúl cén pátrún is fearr leo.”

 

“Tá áthas orm freisin gur ainmníodh dhá cheann de na trí scoil mar Ghaelscoileanna chun freastal ar leanaí i limistéir pleanála scoile nach bhfuil aon soláthar oideachais bunscoile trí mheán na Gaeilge iontu i láthair na huaire. Sa tríú limistéar, cinnfear teanga na scoile mar chuid den phróiseas pátrúnachta.”

 

 

Freastalóidh na trí bhunscoil atá le bunú sa bhliain 2021 ar na limistéir pleanála scoile seo a leanas:

  • Domhnach Míde_Binn Éadair_Baile Átha Cliath 13                    - Gaelscoil ainmnithe
  • Baile Átha Cliath 2_Baile Átha Cliath 4                                             - Gaelscoil ainmnithe
  • An Naigín_Cill Iníon Léinín_DLR/Thuaidh  – tá an teanga (Béarla nó Gaeilge) le cinneadh mar chuid den phróiseas pátrúnachta

 

Tagann an cuireadh a tugadh inniu sna sála ar an bhfógra a rinneadh sa bhliain 2018 á rá go mbunófaí 47 scoil nua chun freastal ar fhás déimeagrafach thar an tréimhse ceithre bliana ón mbliain 2019 go dtí an bhliain 2022.

 

Cinneadh na scoileanna beartaithe nua sin ar bhonn cleachtadh réamhphleanála náisiúnta a sheol an Roinn ar an riachtanas a bheidh ann amach anseo le bunscoileanna agus le hiar-bhunscoileanna ar fud na tíre.

 

Beidh tuismitheoirí a mbeidh a leanaí ag tosú na bunscoile idir na blianta 2021 agus 2025 agus atá ina gcónaí sna limistéir pleanála scoile lena mbaineann i dteideal a roghanna a chur in iúl sa suirbhé ar líne.

 

Agus í ag tabhairt cuireadh do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí ar spéis leo déanamh amhlaidh a roghanna a chur in iúl, dúirt an tAire Foley:

 

“Is deis iontach í seo do thuismitheoirí a gcuid tuairimí a chur in iúl agus cabhrú leis an oideachas amach anseo a mhúnlú. Molaim do thuismitheoirí le leanaí incháilithe sna limistéir pleanála scoile lena mbaineann féachaint ar na roghanna pátrúnachta atá ar fáil dóibh agus páirt a ghlacadh sa suirbhé.

 

“Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh ar thoradh an phróisis sin, tabharfar aird ghrinn ar na roghanna atá curtha in iúl acu agus ar mhéid na héagsúlachta atá ar fáil ag an am sna limistéir sin.”

 

Is é an Grúpa um Bunú Scoileanna Nua, ar grúpa neamhspleách é, a mhaoirsíonn an próiseas pátrúnachta le haghaidh scoileanna nua. Bunaíodh an Grúpa sin sa bhliain 2011 chun comhairle a chur ar an Aire maidir le pátrúnacht scoileanna nua.

CRÍOCH 

 

Nótaí d’Eagarthóirí

 

Cé na scoileanna nua atá le bunú sa bhliain 2021?

  • Domhnach Míde_Binn Éadair_Baile Átha Cliath 13
  • Baile Átha Cliath 2_Baile Átha Cliath 4
  • An Naigín_Cill Iníon Léinín_DLR/ Thuaidh

 

 

Cé hiad na Pátrúin is Iarratasóir do gach scoil?

 

Domhnach Míde_Binn Éadair_Baile Átha Cliath 13 - Gaelscoil

  • An Foras Pátrúnachta
  • Bord Oideachais agus Oiliúna Bhaile Átha Cliath agus Dhún Laoghaire

 

Baile Átha Cliath 2_Baile Átha Cliath 4 - Gaelscoil

  • An Foras Pátrúnachta
  • Bord Oideachais agus Oiliúna Chathair Bhaile Átha Cliath

 

An Naigín_Cill Iníon Léinín_DLR/ Thuaidh

  • An Foras Pátrúnachta
  • Oideachas Le Chéile
  • Bord Oideachais agus Oiliúna Bhaile Átha Cliath agus Dhún Laoghaire

   

 

Cé atá i dteideal a rogha a chur in iúl?

Tá an Córas Próiseála Pátrúnachta Ar Líne ar oscailt do thuismitheoirí nó chaomhnóirí le leanaí atá le rollú sa bhunscoil idir an bhliain 2021 agus an bhliain 2025 agus a chónaíonn i gceann amháin de na limistéir pleanála scoile. Beidh Éirchód agus UPSP a linbh ag teastáil ó thuismitheoirí agus ó chaomhnóirí chun go mbeidh siad in ann an suirbhé ar líne a chomhlánú.

 

Cad is an Grúpa um Bunú Scoileanna Nua ann?

Is é an Grúpa um Bunú Scoileanna Nua a mhaoirsíonn an próiseas pátrúnachta le haghaidh scoileanna nua. Bunaíodh an Grúpa sin sa bhliain 2011 chun comhairle a chur ar an Aire maidir le pátrúnacht na scoileanna nua, tar éis dó breithniú a dhéanamh ar thuarascáil arna hullmhú ag an Roinn ar na hiarratais arna bhfáil. 

 

Is iad seo na baill reatha den Ghrúpa:

  • An tUas. Joe Hamill, IarArd-Rúnaí ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta;
  • An tOllamh Gerry Mac Ruairc, Ceann Scoil an Oideachais, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh;
  • An tOllamh Sarah Moore, Ollamh le Teagasc agus Foghlaim, Ollscoil Luimnigh.

 

Cad é an Chéad Chéim Eile?

Tabharfar faisnéis oibiachtúil ar shuíomh Gréasáin an Chórais Phróiseála Pátrúnachta Ar Líne do gach tuismitheoir chun cabhrú leo rogha eolasach a dhéanamh agus iad ag cur in iúl cén tsamhail pátrúnachta ab fhearr leo le haghaidh oideachas a linbh, lena n-áirítear an rogha atá acu go bhfaigheadh a leanbh a oideachas nó a hoideachas trí mheán na Gaeilge nó trí mheán an Bhéarla i gcás na scoile nua do limistéar pleanála scoile an Naigín_Chill Iníon Léinín_DLR/ Thuaidh. Beidh an suirbhé ar oscailt go dtí 10am an 21 Nollaig 2020. 

 

Ar dhúnadh an tsuirbhé, ullmhóidh an Roinn tuarascáil lena breithniú ag an nGrúpa um Bunú Scoileanna Nua agus cuirfidh an Grúpa sin tuarascáil isteach ina gcuimseofar moltaí lena breithniú ag an Aire.