Foilsithe ar 

Tús curtha ag an Tánaiste agus an tAire Kyne le próiseas comhchomhairliúcháin phoiblí maidir le beartas náisiúnta do na hoileáin amach ón gCósta

An chéad bheartas oileán a forbraíodh le 23 mbliain

Dearcadh na n-oileánach le bheith lárnach sa mbeartas

Tá an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney T.D., i gcomhar le Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Seán Kyne TD, le comhchomhairliúchán poiblí a sheoladh ag imeacht speisialta ar Inis Arcáin inniu, Dé Sathairn. Is ar bheartas náisiúnta a leagan amach i leith forbairt na n-oileán amach anseo a bheidh an comhchomhairliúchán seo dírithe.

Is í seo an chéad uair le 23 mbliain a rinneadh beartas náisiúnta tras-Rialtais a fhorbairt do na hoileáin agus  leagfar amach plean oibre d'inbhuanaitheacht agus d'fhorbairt fhadtéarmach oileáin amach ón gcósta. Beidh smaointe agus dearcadh na n-oileánach ina chuid lárnach den phróiseas. Reáchtálfar ceardlanna comhairliúcháin le pobail na n-oileán sa trí mhí atá romhainn. Tabharfaidh sé seo deis do ghrúpaí áitiúla agus do dhaoine aonair baint dhíreach a bheith acu le forbairt an bheartais fad is atá sé á fhorbairt.

Creideann an Rialtas gur cuid ríthábhachtach d'oidhreacht chultúir na tíre na hoileáin amach ón gcósta. Pobail bheoga, inbhuanaithe bunchloch oileáin na tíre agus féachfar le saol na ndaoine sna pobail seo a fheabhsú leis an mbeartas nua agus aird á tabhairt ar chomhthéacs ar leith gach aon oileán díobh.  Mar chuid den bheartas déanfar córas tuairiscithe agus athbhreithnithe a fhorbairt d'fhonn freagracht a chur chun cinn.

Ag seoladh an phróisis comhchomhairliúcháin dúirt an Tánaiste, Simon Coveney TD.:

Tá infheistíocht chaipitiúil shuntasach déanta ar na hoileáin le blianta beaga anuas ach tá gá leis an gcomhchomhairliúchán seo chun a chinntiú go dtabharfar tacaíocht ar bhealach inbhuanaithe do na pobail seo amach anseo. Is sócmhainn ar leith na hoileáin seo agus is iomaí scéal éagsúil atá ann faoi thionscail nua agus faoi thurasóireacht a bhfuil ag éirí leo ar na hoileáin. Tá sé in am anois againn cluas a thabhairt do phobail na n-oileán chun eolas a fháil ar an gcineál tacaíochta fiontraíochta, oideachais agus eile atá ag teastáil uathu.

Ag an imeacht, dúirt an tAire Stáit Seán Kyne TD. freisin:

Tá ríméad orm an próiseas comhchomhairliúcháin tábhachtach seo a sheoladh inniu. Is é an seoladh seo an chéad chuid den phróiseas ina mbeidh comhairliúchán le pobail na n-oileán agus le páirtithe leasmhara eile i gceist agus bainfear leas as na tuairimí a thiocfaidh chun cinn chun beartas náisiúnta tras-Rialtais a chur i dtoll a chéile maidir le forbairt inbhuanaithe na n-oileán.

Tá os cionn €100 milliún infheistithe ag an Stát i mbonneagar caipitil ar na hoileáin le breis is 20 bliain chun na moltaí a tháinig ón gCoiste Idir-Rannach deiridh maidir le Forbairt Oileán a chur i bhfeidhm.  Tugann an próiseas seo deis don Rialtas agus do phobail na n-oileán machnamh a dhéanamh ar an méid atá bainte amach go dtí seo agus pleananna a fhorbairt sna blianta atá romhainn chun todhchaí inbhuanaithe a bhaint amach.

Nótaí d'Eagarthóirí:

 

Tuilleadh eolais ar an bPróiseas Comhchomhairliúcháin:

 

Tá thart ar 30 oileán amach ó chósta na tíre a bhfuil cónaí orthu agus is amach ó chontaetha iarthar na tíre atá an chuid is mó acu. Corcaigh, Dún na nGall, Gaillimh agus Maigh Eo san áireamh. Ceann de phríomhchuspóirí an Rialtais agus na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a chinntiú go bhfanfaidh pobail bheoga, inbhuanaithe ar na hoileáin.

Thionóil Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Seán Kyne TD., an chéad chruinniú de chuid an Choiste Idir-rannach nua maidir le forbairt oileán i mí Dheireadh Fómhair, coiste atá comhdhéanta d'ionadaithe ó ranna rialtais. Tá dualgas leagtha ar an gcoiste an chéad bheartas náisiúnta uile-rialtais d'oileáin amach ón gcósta a fhorbairt, an chéad cheann le 23 mbliain.

Tá comhchomhairliúchán le pobail na n-oileán ina gné lárnach de bheartas náisiúnta a fhorbairt. Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin reáchtálfar cruinnithe pobail le teagmháil a dhéanamh le hoileánaigh agus glacfar le haighneachtaí agus le tuairimí chun beartas agus plean gníomhaíochta a chur i dtoll a chéle d'oileáin amach ón gcósta lena na n-áirítear na cinn seo a leanas ach gan a bheith teoranta dóibh - tithíocht, sláinte, fuinneamh, bainistíocht dramhaíola, athrú aeráide, cumarsáid, fostaíocht agus iompar.

 

Tá plécháipéis leagtha amach chun beartais a bhaineann go sonrach le hoileáin agus atá i bhfeidhm cheana féin ar fud an Rialtais a shonrú agus beidh sin mar bhonn do na cainteanna a bheidh á reáchtáil le pobail na n-oileán.  

 

Reáchtálfar ceardlanna comhairliúcháin le pobail na n-oileán chun beartais nó gníomhaíochtaí a aithint a cheart a fhorbairt d'fhonn tacú leis na pobail seo agus iad a chothú agus a fhorbairt.  Ba cheart go n-aithneofaí freisin tríd an bpróiseas seo  sineirgí beartas agus seirbhísí idir Ranna Rialtais agus páirtithe leasmhara eile atá ag glacadh páirte agus leis sin freastal níos fearr a dhéanamh ar phobail oileán trí dul i ngleic leis na dúshláin ar leith a bhíonn le sárú acu.

 

Déanfar na ceardlanna comhairliúcháin a eagrú i gcomhar le heagraíochtaí áitiúla ar na hoileáin agus déanfar iad a chur chun cinn go forleathan chun go mbeidh réimse leathan de phobal na n-oileán ábalta freastal orthu agus páirt a ghlacadh iontu. Bainfear leas as an bpróiseas comhairliúcháin chun cur chuige an Stáit i leith beartas poiblí a fhorbairt do phobail oileán a chur ar an eolas agus beidh bunaithe ar na prionsabail seo a leanas - comhionannas, comhpháirtíocht agus rannpháirtíocht le pobal uile an oileáin.

 

 

Téarmaí tagartha an Choiste Idir-Rannach maidir le Forbairt Oileán:

 

Déanfaidh an Coiste, i gcomhar le pobail na n-oileán aonair agus le Comhdháil Oileáin na hÉireann,:

 

  1. Maidir le saol an oileáin trí chéile:

  •  na príomhdhúshláin a bhíonn le sárú ag pobail ar oileáin amach ón gcósta a aithint;

 

  1. Maidir le beartas poiblí:

  •  na réimsí beartas poiblí is fearr a thacódh le forbairt inbhuanaithe pobal oileán a aithint;
  •  dea-chleachtas maidir le beartas poiblí a mbíonn tionchar aige ar phobail oileán a aithint, lena n-áirítear beartas poiblí a bhaineann le Ballstáit eile san AE.

 

  1. Maidir le seirbhísí poiblí a sholáthar:

  •  athbhreithniú a dhéanamh ar na seirbhísí poiblí a sholáthraítear do na hoileáin amach ón gcósta
  •  bearnaí sna seirbhísí poiblí sin a aithint chomh maith le bearnaí sna sineirgí a d'fhéadfadh a bheith ann idir Ranna Rialtais agus gníomhaireachtaí maidir leis na seirbhísí sin a chur ar fáil;

 

  1. Maidir leis an todhchaí:

  •  sraith moltaí a fhorbairt i leith saincheisteanna atá ag teacht chun cinn mar thoradh ar an obair in ailt 1, 2 agus 3 thuas, agus a bheidh dírithe ar Bheartas Tras-Rialtais um Fhorbairt Oileán.
  •  ceadú an Rialtais a lorg maidir le Beartas Tras-Rialtais um Fhorbairt Oileán lena n-áireofar moltaí an Choiste maidir le soláthar seirbhísí poiblí agus beartas amach anseo. 

 

  1. Ar cheadú an Rialtais a fháil don doiciméad beartais thuasluaite, Plean Gníomhaíochta a fhorbairt chun moltaí an Choiste a chur i bhfeidhm agus maoirsiú a dhéanamh ar a bhfeidhmiú agus tuairisciú chuig an Rialtas, ag tréimhse atá le n-aontú.