Foilsithe ar 

Ionadaíocht na hÉireann ag Biennale Ealaíon na Veinéise 2015 fógartha

D'fhógair an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Jimmy Deenihan T.D., inniu sonraí na foirne a bheidh ag déanamh ionadaíochta thar ceann na hÉireann ag an 56ú Taispeántas Ealaíon Idirnáisiúnta sa Veinéis in 2015. Is tionscnamh de chuid Chultúr Éireann é Éire sa Veinéis, i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon.

Is é Mike Fitzpatrick an Coimisinéir do 2015 agus beidh sé ag obair leis an gCoimeádaí Woodrow Kernohan chun saothar an ealaíontóra Sean Lynch a chur i láthair. Tá taithí leathan ag an gCoimisinéir agus ag an gCoimeádaí ar thaispeántais ardphróifíl idirnáisiúnta a chur i láthair. Bhí Mike Fitzpatrick, Stiúrthóir reatha Chathair Chultúir Luimnigh, ina Choimisinéir/Choimeádaí don 52ú Biennale Ealaíon sa Veinéis agus d'éirigh go han-mhaith leis an taispeántas de shaothar Gerard Byrne agus tá Woodrow Kernohan ina stiúrthóir ar EVA International, Débhliantán Ealaíon Comhaimseartha na hÉireann.

Tá suim mhór idirnáisiúnta spreagtha cheana féin ag Sean Lynch, a d'oscail a chéad taispeántas músaeim sa Ríocht Aontaithe sa Modern Art Oxford le déanaí, agus tá saothar curtha ar taispeáint aige i mórán gailearaithe agus institiúidí ar fud na hEorpa roimhe seo. Chomh maith leis sin, tá cáil air as roinnt tionscadal ealaíon poiblí ar ardphróifíl, lena n-áirítear Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath.

Rinneadh an rogha tar éis próiseas iomaíoch oscailte a d'eagraigh Rannán Chultúr Éireann na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon. Dúirt an tAire Deenihan:

"Tá an-áthas orm go mbeidh an deis seo ag Seán, a bhfuil cáil mhór á baint amach aige go hidirnáisiúnta, a shaothar a chur i láthair ag Biennale na Veinéise. Cuireann an Biennale ardán tábhachtach domhanda ar fáil chun treise fhísealaíon na hÉireann a chur ar taispeáint."

Dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: "Tá an-ríméad ar an gComhairle Ealaíon a bheith ag tacú arís le hionadaíocht na hÉireann ag Biennale Ealaíon na Veinéise 2015. Tá saothar Shean Lynch thar a bheith suimiúil agus uathúil agus cuireann sé cosáin áille ar fáil don phobal chun spléachadh a fháil ar an stair faoi cheilt. Ar ndóigh, chomh maith lena tiomantas maidir le saothar ealaíontóirí na hÉireann a chur ar taispeáint sa Veinéis, tacóidh an Chomhairle Ealaíon leis an gCamchuairt Éireannach ina dhiaidh sin chun a chinntiú go bhfaighidh muintir na hÉireann iad féin deis an taispeántas a fheiceáil."

Ag labhairt ar an rogha, dúirt an Coimisinéir Mike Fitzpatrick: “Déanfaidh Sean Lynch ionadaíocht thar ceann na hÉireann ag Biennale na Veinéise 2015 le cur i láthair uathúil a thabharfaidh le chéile snáithíní difriúla dár stair agus a fhífidh le chéile iad i sraith fínéad a bheidh fite fuaite ina chéile. Is as Ciarraí Thuaidh do Sheán ó dhúchas agus is céimí agus léachtóir de chuid Scoil Ealaíon agus Deartha Luimnigh é. Tá cónaí air in Eas Géitine, Luimneach agus Londain. Tugann a chuid saothar le chéile treise scéil le cumas géarchúiseach saincheisteanna casta cultúrtha a aimsiú, a thaighde agus a aistriú. Tá cáil mhór idirnáisiúnta bainte amach ag Sean cheana féin agus baineann sé úsáid as a chumas faoi leith chun conairí de scéalta atá ligthe i ndearmad a fhiosrú go grinn agus iad a chomhthéacsú i gcomhthéacs comhaimseartha."

Dúirt an Coimeádaí Woodrow Kernohan: "Tionscadal an-spreagúil é seo. Tá an-áthas orm gur roghnaíodh mé le bheith ag obair le Sean Lynch agus Mike Fitzpatrick chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na hÉireann ag Biennale na Veinéise in 2015. Déanann saothar Sheáin ceiliúradh ar na gnéithe neamhscríofa dár n-oidhreacht shóisialta agus chultúrtha agus is deis a bheidh i bPuball na hÉireann in 2015 ardán ealaíon na hÉireann a chur i láthair phobail idirnáisiúnta."

Tionólfar an 56ú Taispeántas Idirnáisiúnta Ealaíon sa Veinéis ón 9ú Bealtaine go dtí an 22ú Samhain 2015. Beidh sé ar camchuairt ar fud na hÉireann ansin ag tús 2016.

CRÍOCH