Foilsithe ar 

Molann an tAire Deenihan do Bhunscoileanna agus Meánscoileanna Nóiméad Ciúnais a Choimeád i gcuimhne ar na daoine úd a d'fhulaing le linn an Ghorta Mhóir

Mhol Jimmy Deenihan, T.D., an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Cathaoirleach Choiste Náisiúnta an Ghorta Mhóir, do scoileanna ar fud na hÉireann tacú le Lá Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir a bheidh á reáchtáil i gCluain Eois, Co. Mhuineacháin Dé Sathairn, an 10 Meán Fómhair 2011, trí nóiméad ciúnais a choimeád Dé hAoine, 9 Meán Fómhair 2011, in ómós do na daoine úd a d'éag nó a d'fhulaing le linn an Ghorta Mhóir.

Iarrtar ar dhaltaí bunscoile agus meánscoile ar fud na hÉireann sos nóiméid a thógáil ag meán lae ar an Aoine, 9 Meán Fómhair, chun machnamh a dhéanamh ar na daoine a d'fhulaing le linn an Ghorta Mhóir agus ar thionchar gorta ar fud an domhain.

Dúirt an tAire Deenihan: "Scríobh mé chuig na scoileanna uile chun iarraidh orthu nóiméad ciúnais a choimeád agus an deis a thapú machnamh a dhéanamh ar na daoine a d'fhulaing le linn an Ghorta Mhóir. Ar an drochuair, tá daoine fós ar an ngorta i roinnt áiteanna ar fud an domhain agus tá súil agam go gcabhróidh an comhartha ómóis seo linn cuimhneamh ar chruachás mhuintir na Somáile agus na hAfraice Thoir i láthair na huaire. Is léiriú ar fhlaithiúlacht mhuintir na hÉireann é go bhfuil isteach agus amach le €9.1 milliún curtha ar fáil acu trí Chúnamh Éireann chun faoiseamh a thabhairt do mhuintir Chorn na hAfraice. Agus líon an daonra á thabhairt faoi bhráid, is í Éire ceann de na tíortha is tiomanta, is flaithiúla ó thaobh cúnamh airgeadais a chur ar fáil don réigiún. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go leanfaimid orainn ag úsáid na taithí agus na tuisceana atá againn ar chás na ndaoine úd atá ar an ngorta chun aird a tharraingt ar an ngéarchéim ina bhfuil siad".