Foilsithe ar 

Preasráiteas ón Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., maidir le Seirbhís Lastas Fóirdheonaithe d’Oileáin in Iarthar Chorcaí

Tá sé curtha in iúl ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD, go bhfuil a Roinn tagtha ar shocrú le Comharchumann Chléire Teo maidir le seirbhís lastas trom fóirdheonaithe a chur ar fáil d'oileáin in Iarthar Chorcaí. Is iad na hoileáin atá i gceist ná Cléire, Inis Arcáin, Inis Uí Drisceoil agus Inis Fada.

 

 

 

Is seirbhís 50 lá thar tréimhse bliana ón 1 Feabhra 2013 go dtí an 31 Eanáir 2014 a bheidh i gceist ar chostas €67,000. Beidh an tseirbhís á cur ar fáil ag an gcomhlacht Carbery Isle Ferries Ltd. Ag déanamh an fhógra seo, dúirt an tAire Mac Fhionnlaoich go gcinnteoidh an socrú seo go mbeidh seirbhís lastais ag na hOileáin in Iarthar Chorcaí ar féidir brath uirthi agus go mbeidh seo ina cuidiú do phobail na n-oileán sin.

 

 

 

"Tá áthas orm go raibh mo Roinn ábalta cuidiú a thabhairt chun seirbhís iompar lastas d’oileáin Iarthar Chorcaí a chur ar fáil don bhliain romhainn,"

a dúirt an tAire Stáit.