Foilsithe ar 

'Tá an cúrsa ar leith seo tairbheach ní amháin d'Inis Arcáin féin ach do réigiún Iarthar Chorcaí ar fad' - Mac Fhionnlaoich

Dé Sathairn 6ú Deireadh Fómhair, 2012. Beidh an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., ina aoí speisialta ag searmanas bronnta céime do mhic léinn ar éirigh leo an BA (Onóracha) san Amharcealaín a bhaint amach in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Tosóidh searmanas bronnta na gcéimeanna ag 2.30pm i Halla Pobail Inis Arcáin, atá ina champas ag na mic léinn ar an oileán. Déanfaidh teaghlach agus cairde na n-ocht mac léinn déag a mbealach chuig an oileán don ócáid speisialta seo.

Is clár céime onóracha ceithre bliana san amharcealaín é an BA san Amharcealaín, atá pobalbhunaithe. Tá sé lánchreidiúnaithe, riartha agus curtha ar fáil ag Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Cumann Forbartha Inis Arcáin (SIDS). Is páirtithe lárnacha freisin iad Ionad Ealaíon Iarthar Chorcaí (WCAC) i bpleanáil agus i gcur i bhfeidhm an chláir. Tá an clár ar bun ó dheireadh na 1990dí. Tarlaíonn an teagasc agus an obair phraiticiúil ar an oileán le tacaíocht ó naisc físe le foireann DIT i mBaile Átha Cliath. Sa tréimhse 2007 go 2011 fuair an clár tacaíocht de dheontas bliantúil €53,600 ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Le déanaí, d'aontaigh an Roinn 50% den deontas a chur ar fáil ionas gur féidir leis an gcúrsa leanúint ar aghaidh. Tagann an 50% eile ó Chomhairle Contae Chorcaí. Chuir sé seo ar chumas grúpa eile mac léinn tosú ar chéim 4 bliana ar Inis Arcáin i mí Mheán Fómhair na bliana seo.

Ag labhairt dó roimh an tsearmanais bhronnta, dúirt an tAire Mac Fhionnlaoich "Is mór an onóir dom cuireadh a fháil chun a bheith páirteach sa searmanas bronnta seo. Is grúpa ildánach daoine iad seo agus léiríodh sin nuair a d'éirigh chomh maith leis an taispeántas a chuir siad ar bun ar an oileán i mí na Bealtaine. Tá mé sásta go bhfuil ar chumas mo Roinne leanúint le páirtmhaoiniú a chur ar fáil don chúrsa ar leith seo atá tairbheach ní amháin d'Inis Arcáin féin ach do réigiún Iarthar Chorcaí ar fad. Mar fhocal scoir, ba mhaith liom gach rath a ghuí ar na céimithe agus tá súil agam go mbeidh neart deiseanna acu chun tógáil ar a n-éacht san am atá amach romhainn."