Foilsithe ar 

An loitiméireacht a rinneadh le déanaí i bPáirc na Síochána i gCill Chainnigh

Léirigh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, T.D., an brón a bhí uirthi nuair a cuireadh ar an eolas í ar an loitiméireacht a rinneadh le déanaí i bPáirc na Síochána i gCill Chainnigh, ina ndéantar comóradh ar 822 fear agus 5 bhean ón gcontae sin a maraíodh i rith an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Madigan:

Leis na blianta anuas, ní raibh aon trácht, insint ná caint ar go leor de scéalta na bhfear agus na mban Éireannach a d’fhulaing go fíochmhar agus a maraíodh sa Chéad Chogadh Domhanda.  Ach d’imir a n-eispéiris tionchar trom ar oileán na hÉireann agus is cinnte deimhin, nach mór, gur imir na heispéiris siúd tionchar ar gach pobal sa tír. 

Ceaptar, faoi láthair, nár tháinig ar a laghad 35,000 fear agus bean ó oileán na hÉireann abhaile ón gcogadh sin agus fágadh na mílte teaghlach agus pobal faoi mhéala ag a mbás, dá bharr.   

I rith Dheich mBliana na gCuimhneachán, d’fhiosraíomar, le meas agus le hatrua, spreagadh éagsúil na ndaoine siúd ón oileán seo, daoine de gach traidisiún, a maraíodh - ní bheidh a fhios againn go brách na breithe conas a chuirfidís leis an Stát a bhí díreach ag teacht chun cinn, murach gur cailleadh iad go hanabaí.  Thug Deich mBliana na gCuimhneachán a scéalta chun solais, nár chualathas go leor díobh riamh roimhe seo agus tá ár gcomhdhaonnacht aitheanta againn. 

Leanfaimid le haibíocht agus tuiscint a thaispeáint le meas nuair a bhíonn machnamh á dhéanamh ar na peirspictíochtaí éagsúla seo ar ár stair chomhroinnte.  Agus leanfaimid lena n-áit cheart sa stair a bhronnadh ar na fir agus mná siúd a throid ar son shaoirse na hÉireann agus iad siúd a throid sa Chéad Chogadh Domhanda, fad a lorgaímid an tsíocháin agus an athmhuintearas a neartú ar oileán na hÉireann.