Foilsithe ar 

An pobal á spreagadh ag an Aire Humphreys chun radharc ar bith ar an gCrotach a thuairisciú mar chuid de thionscadal caomhantais

20170525 Curlew chick (T Cross)

An gCrotach (scalltán)

Tá an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys, ag áitiú ar an bpobal radharc ar bith a fhaigheann siad ar an gCrotach a thuairisciú don tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF).  Iarrann sí orthu é a chur in iúl don SPNF má fheiceann siad an t-éan neamhchoitianta seo ina gceantar áitiúil an samhradh seo, mar chuid de thionscadal tábhachtach caomhantais. Tá an Crotach ar cheann de na héin is mó atá faoi bhagairt in Éirinn agus tá Aonad Agrai-Éiceolaíochta an SPNF sa Roinn i mbun iarrachtaí ceannródaíocha chun iad a chosaint trí Chlár Caomhantais an Chrotaigh.

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:

“Is éan aitheanta an Crotach faoin tuath in Éirinn. Beidh cuimhne ag daoine a tógadh faoin tuath ar ghlaoch an Chrotaigh sa samhradh, bíodh sin sna páirceanna nó ar an bportach. Tá mé thar a bheith tiomanta do Chlár Caomhantais an Chrotaigh i mo Roinnse.  Tá mo chuid oifigeach ag plé ar bhealach dearfach le húinéirí talún in iarracht an Crotach a choinneáil beo faoin tuath. Mar chuid den obair sin, áitím ar an bpobal teagmháil a dhéanamh leis an SPNF má fheiceann sibh aon Chrotach in bhur gceantar áitiúil an samhradh seo.”

Mhínigh ceannasaí an tionscadail, an Dr. Barry O'Donoghue, go bhfuil dhá ghné sa tionscadal:

“gníomhú, agus ag foghlaim trí ghníomhú”.

“Tá foireann de 6 oibrí páirce fostaithe againn don samhradh, atá ag oibriú ar fud Ros Comáin agus Liatroma, chun iarracht a dhéanamh an Crotach goir a aimsiú agus oibriú go réamhghníomhach le húinéirí talún chun neadacha na n-éan a chosaint agus chun a dtimpeallacht a fheabhsú. Is cur chuige comhpháirtíochta é seo idir an SPNF agus na húinéirí áitiúla talún, arb iad na daoine is tábhachtaí iad ó thaobh na gnáthóga atá ag an mbeagán Crotach atá fágtha a bhainistiú.”

“Ó tharla gur tionscadal ceannródaíoch é seo in Éirinn, táimid ag tacú freisin le PhD taighde, chun taifead agus anailís éifeachtach a dhéanamh ar thoradh na n-oibreacha a dhéantar ar an talamh agus chun bonn a chur faoi chur i bhfeidhm níos fairsinge amach anseo.”

Tá Clár Caomhantais an Chrotaigh ag díriú mar thionscadal píolótach ar sé cinn de na ceantair is tábhachtaí in Éirinn don Chrotach goir, lena n-áirítear Cnoc an Stacaigh i gCiarraí, Loch Rí, Ros Comáin Thuaidh agus Liatroim, Muineachán, Dún na nGall agus Loch Coirib. I ngach ceann de na ceantair seo, tá foirne áitiúla ag déanamh suirbhéireachtaí don Chrotach, i mbun iarrachtaí chun neadacha a chosaint agus ag plé le húinéirí talún. Tá maoiniú ar fáil d’úinéirí talún chun iarrachtaí a dhéanamh faoin gclár, lena n-áirítear feabhas a chur ar ghnáthóga. Is é an príomhchuspóir atá ag gach duine a bhfuil baint acu leis seo ná deis níos fearr a thabhairt don Chrotach atá ag tógáil áil agus iarracht a dhéanamh ceann de na speicis fiadhúlra is aitheanta in Éirinn a shábháil sula mbeidh díothú ar fad déanta air.

Dúirt an Dr. O’Donoghue gur ábhar mór misnigh don tionscadal go bhfuair an fhoireann chaomhantais ál sicíní leis an gCrotach le déanaí. “Is comhartha dóchais don Chrotach an t-ál seo.”

Tá an tAire Humphreys ag áitiú ar úinéirí talún agus ar an bpobal teagmháil a dhéanamh le hAonad Agrai-Éiceolaíochta an SPNF, ar 01-8883255, dá mba mhian leo an tionscadal a chur ar an eolas faoi aon radharc a fuarthas ar an gCrotach le linn an tsamhraidh nó dá mo mhian leo páirt a ghlacadh sa tionscadal nó feabhas a chur ar ghnáthóga.