Foilsithe ar 

An tAire Humphreys i dteannta an Aire Todeschini d'ócáid tíolactha Chuimhneachán na Fraince - na hÉireann i Reilig Ghlas Naíon

Bronntanas ón bhFrainc le dlúthpháirtíocht mhuintir na hÉireann a thabhairt chun cuimhne

Déanfaidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys, agus an tAire Stáit um Iarshaighdiúirí agus Chuimhneachán sa Roinn Cosanta sa Fhrainc,Jean-Marc Todeschini, Cuimhneachán na Fraince - na hÉireann a thíolacadh inniu (Dé Domhnaigh) i Reilig Ghas Naíon, i gcomhar le hIontaobhas Ghlas Naíon.



Tá an Cuimhneachán - leacht a rinne anBeaux-Arts de Paris (Scoil na nEalaíon i bPáras) go speisialta - á bhronnadh ag an bhFrainc ar mhuintir na hÉireann mar aitheantas ar an dlúthpháirtíocht agus an íobairt a rinne go leor Éireannach, thuaidh agus theas, chun an Fhrainc a chosaint agus a shaoradh, go mór mór le linn an Chéad Chogadh Domhanda. Mar chuid den Chuimhneachán támacasamhail den bhunchrois adhmaid (atá anois ar coimeád sna Gairdíní Cuimhneacháin Cogaidh i nDroichead na hInse i mBaile Átha Cliath) a thóg na fir a bhí sa 16ú Cathlán de chuid na hÉireann le cur sa reilig in Ginchy, i ndiaidh an méid a tharla ansin agus in Guillemont i mí Mheán Fómhair 1916, nuair a bhásaigh 1,200 fear a bhain leis an gCathlán sin.

Ina cuid cainte, dúirt an tAire Humphreys:
"Is deas an mhaise do Rialtas na Fraince leathcheann na croise seo a bhronnadh ar Éirinn a sheasfaidh i Reilig Ghlas Naíon chun aitheantas a thabhairt don dlúthcheangal atá idir an dá thír. Chuaigh na mílte as Éirinn chun troda i dtuaisceart na Fraince le linn an Chéad Chogadh Domhanda agus thug a mbeatha sa chogadh sin.

"Seasfaidh an chros seo mar shiombail den méid a rinne saighdiúirí na hÉireann le linn an Chogaidh sa Fhrainc. I mí Mheán Fómhair 1916, bhásaigh breis agus 1,200 duine ón 16ú Cathlán agus gortaíodh na mílte eile le linn cathanna móra in Ginchy agus in Guillemont. Bhí fir as an uile chearn d'oileán na hÉireann sa 16ú Cathlán, rud a chiallaíonn gur fhág an méid a tharla le linn Chath an Somme 100 bliain ó shin rian ar phobail thuaidh, thiar, theas agus thoir.

"Chuaigh mé anonn go Guillemont i mí Mheán Fómhair i mbliana d'imeacht speisialta cuimhneacháin a bhain le briseadh amach na troda a chomóradh ansin, agus is mian liom buíochas a ghabháil leis an Aire Todeschini as teacht go Baile Átha Cliath inniu le haghaidh shearmanas tíolactha na croise speisialta seo. Is léiriú é an bronnadh seo ag muintir na Fraince ar an gcomhoibriú atá idir Éirinn agus an Fhrainc le blianta fada agus is mór ag muintir na hÉireann é, go mór mór agus deireadh Chath an Somme á chomóradh againn."

Dúirt an tAire Todeschini:

“Saothar ealaíne ar leith an Cuimhneachán seo, a rinne ealaíontóirí agus dealbhóirí óga de chuid an Beaux-Arts de Paris, ní hamháin chun buíochas mór a ghabháil le muintir na hÉireann agus aitheantas a thabhairt dóibh, ach chun an bhaint atá ag an aos óg le saol agus domhan níos fearr a mhúnlú a léiriú chomh maith.

"Is cuid lárnach den Chuimhneachán an inscríbhinn atá ar na trí chlogad cré-umha: « Ce lieu de mémoire est dédié aux Irlandais et aux Irlandaises qui ont combattu pour la Liberté et la Défense de la France lors des guerres de 1870-1871, 1914-1918 et 1939-1945 »[2].

"Is é atá i gceist leis an gCuimhneachán go dtugann an Fhrainc agus muintir na Fraince - anois agus go deo - ómós do mhuintir na hÉireann ar fad, thuaidh agus theas, agus as an uile áit, a thacaigh agus a sheas le luachanna agus le saoirse na Fraince - go fiú agus gur thug siad a mbeatha ar a son:Liberté, Egalité, Fraternité.»

Dúirt Cathaoirleach Iontaobhas Ghlas Naíon John Green:
Dealbh ar leith í cros chuimhneacháin na Fraince is na hÉireann, bronntanas ón bhFrainc do mhuintir na hÉireann ar fad, agus is mór an chuid súl í. Is cinnte go mbaineann sí leis an 21ú hAois. Is suntasach an áit a bhfuil sí i Reilig Ghlas Naíon, óir is san áit sin atá na mílte saighdiúir Francach curtha, ach oiread leo siúd a bhain agus a bhaineann leis an uile thraidisiún i stair na hÉireann ó aimsir 1798 amach. Tá fíorthábhacht ag baint lena nochtadh, arb ionann é agus aitheantas a thabhairt don méid a rinne Éire don Fhrainc, agus don chomrádaíocht atá idir an dá thír. Meabhróidh sí do na glúine atá le teacht an ceangal atá idir an Fhrainc agus Éirinn agus meabhróidh sí dóibh freisin faoin uafás a bhaineann le cogadh.