Foilsithe ar 

An tAire Madigan agus an tAire Murphy ag gríosú daoine óga a bheith cruthaitheach ag Cruinniú na nÓg na bliana seo a bheidh ar siúl Dé Sathairn an 15 Meitheamh

Breis is 700 gníomhaíocht chruthaitheacha saor in aisce le reáchtáil ar fud na tíre do dhaoine faoi 18 mbliana d'aois mar chuid de  thionscnamh faoin gClár Éire Ildánach a bhfuil tacaíocht faighte aige ó na húdaráis áitiúla agus ó RTÉ 

Tá an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan TD, ag iarraidh ar leanaí agus ar dhaoine óga scaoileadh leis an tsamhlaíocht agus a bheith páirteach i gceann de na céadta imeacht saor in aisce a bheidh ar siúl ar fud na tíre Dé Sathairn an 15 Meitheamh 2019 mar chuid de Cruinniú na nÓg.

Is í seo an dara bliain a bhfuil Cruinniú na nÓg ar siúl agus déantar rannpháirtíocht leanaí agus daoine óga i ngníomhaíochtaí cruthaitheacha sa chomharsanacht agus sa phobal a cheiliúradh agus a spreagadh.  Is iad foirne áitiúla Chlár Éire Ildánach ó na 31 údarás áitiúla atá i mbun an imeachta, agus tugann ealaíontóirí, eagraíochtaí ealaíon, lucht cruthaitheach agus féilte pobail tacaíocht mhór dó. Bíonn gníomhaíochtaí ar nós déanamh sciath, códáil cluichí, déanamh eitleog Seapánach, grianghrafadóireacht seomra dorcha agus ceardlanna fíodóireachta taipéise i measc na ngníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl. De bharr béim mhór a bheith ar rannpháirtíocht, beidh neart ceardlann ann do thosaitheoirí atá leagtha amach chun suim a spreagadh agus chun an cumas cruthaitheach atá i leanaí a spreagadh le rud éigin nua a dhéanamh nó an mhian rúnda atá acu a bhaint amach. 

Áirítear i measc buaicphointí Cruinniú na nÓg na bliana seo:

  • Ceardlann idirghlúine ar fhíodóireacht cheardaíochta agus ar dhéanamh taipéise i  Mosc Thamhlachta, Deisceart Bhaile Átha Cliath
  • Bí ar an gcéad Steven Spielberg agus Lenny Abrahamson eile ag coinbhinsiún do dhéantóirí óga scannán i Luimneach
  • Foghlaim faoin áilleacht agus faoin ngnás a bhaineann le damhsaí traidisiúnta an Oileáin Mhóir ag ceiliúradh speisialta ar shaol agus ar chultúr an oileáin, Contae Chorcaí
  • Déan na taiscí faoi cheilt atá scaipthe ar fud an chósta a iniúchadh ar safari feamainne a bheidh thar a bheith cruthaitheach i gCionn Mhálanna, Dún na nGall
  • Bí in ann tú féin a réiteach go breá ar bheagán costais ag ceardlann uaschúrsála agus déanta faisin inbhuanaithe i mBéal Átha na Sluaighe, Contae na Gaillimhe
  • Bí i dteannta an Mud Bug club agus foghlaim leis na patrúin mhionshonraithe a atáirgeadh i The Dock, Liatroim
  • Cas le Feargal an dragan, atá thar a bheith cantalach, ag ceolchoirm scéalaíochta idirghníomhach le ensemble cheolfhoireann shiansach Londan san Ceoláras Náisiúnta
  • Foghlaim na rúin a bhaineann le gliú agus le góire ag ceardlann maisíochta don stáitse agus don scáileán a bheidh ar siúl i dTrá Lí, Ciarraí

Is éard a dúirt an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan TD nuair a fógraíodh  Cruinniú na nÓg na bliana seo:

Is í Éire an t-aon tír ar domhan a thionólann lá atá tiomnaithe go hiomlán do ghníomhaíochtaí cruthaitheacha saor in aisce a chur ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga na tíre. Cé gurb í seo an dara bliain de Cruinniú na nÓg, tá an t-imeacht níos mó agus níos uaillmhianaí fós agus beidh a dhá oiread gníomhaíochtaí saor in aisce ar siúl i mbliana ar fud na tíre.  Cuideoidh an tionscnamh ar leith agus tábhachtach seo linn an gealltanas a thugamar an cumas cruthaitheach atá i ngach leanbh a thabhairt chun cinn a chomhlíonadh agus go n-aireoidh siad go bhfuil rud éigin fiúntach bainte amach acu trína bheith rannpháirteach i dtionscadal cruthaitheach a spreagfaidh a gcuid samhlaíochta.

Rinne an líonra d'fhoirne Cultúir agus Cruthaitheachta díograiseacha agus tiomanta atá againn ar fud na tíre gach ceann de na gníomhaíochtaí agus imeachtaí a chur i dtoll a chéile go cúramach. Ba mhaith liom buíochas ar leith a ghlacadh leis an 31 údarás áitiúla agus le RTÉ, atá ina gcomhpháirtithe agus ina gcomhoibrithe fonnmhara againn ar an imeacht seo ón tús, agus leis na healaíontóirí, na heagraíochtaí ealaíon agus óige, lucht cruthaitheach, féilte agus leis na pobail ar fad a chuidigh linn an lá mór cruthaitheachta seo, a bhfuil ag éirí thar barr leis, a chur ar siúl do leanaí agus do dhaoine óga.

Dúirt an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Eoghan Murphy TD:

Tá mé thar a bheith tiomanta don Chlár Éire Ildánach uile-Rialtais, agus tá mé an-bhródúil as an ról ríthábhachtach atá mo Roinn féin agus na húdaráis áitiúla a ghlacadh chun tacú le cumas cruthaitheach agus folláine na saoránach óg atá againn. Leis an bpaisean, cúram agus infheistíocht atá na 31 Fhoireann Cultúir agus Cruthaitheachta a chur sa imeacht seo, tá an chruthaitheacht ag cur athrú mór ar ár bpobail agus tá ról ríthábhachtach ag Cruinniú na nÓg an fhorbairt sin a thabhairt chun cinn. 

Tá ríméad orm go mór mór go bhfuil imeachtaí ar fad Cruinniú na nÓg saor in aisce agus bunaithe sa phobal chun go mbeidh deis ag an oiread leanaí agus daoine óga agus is féidir a bheith rannpháirteach. Mholfainn do gach duine a bheith páirteach sna himeachtaí a bheith ar siúl ina gceantar féin agus a chinntiú gurb é Cruinniú na nÓg na bliana seo an splanc a ghríosfaidh samhlaíocht agus eachtraí cruthaitheacha do linbh.

Is éard a bhí le rá ag Dee Forbes, Príomh-Stiúrthóir, RTÉ:

Tá an chruthaitheacht agus an pobal ag croílár ráiteas misin nua RTÉ.  Is iad sin chomh maith lárphrionsabail Cruinniú na nÓg Chlár Éire Ildánach agus dá bhrí sin tá an comhpháirtíocht seo an-tábhachtach dúinn. Is iontach an tionscnamh é deiseanna a spreagadh agus tacú leis na deiseanna sin chun go mbeidh leanaí agus daoine óga ábalta teacht le chéile agus an cumas cruthaitheach atá iontu a iniúchadh agus a thuiscint. Is í an éagsúlacht a bhaineann leis na gníomhaíochtaí cruthaitheacha a bheidh ar siúl ó chluichíocht, beochan stop-tosaigh do thosaitheoirí agus eitleoga Seapánacha a dhéanamh a fhágann gur imeacht ar leith é  Cruinniú na nÓg.

Tugann RTÉ tacaíocht do bhreis is 130 imeacht ealaíon agus cultúir gach bliain agus mar sin táimid an-dáiríre faoi iarrachtaí ealaíonta a aithint agus a chumasú. Táimid ag súil le bheith i measc na sceitimíní agus an spraoi in éineacht libh Dé Sathairn an 15 Meitheamh nuair a bheidh an chéad ghlúin eile de lucht cruthaitheach na hÉireann i lár an aonaigh ar an lá thar a bheith speisialta seo.

Tá na sonraí ar fad maidir leis na himeachtaí go léir a bheidh ar siúl do Cruinniú na nÓg le fáil ag creativeireland.gov.ie

#MyCruinniu #CruinniuToCreate

Nótaí d'Eagarthóirí:

Tionscnamh cultúr-bhunaithe, uile-rialtais cúig bliana atá i gClár Éire Ildánach faoi stiúir na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, ina leagtar béim ar an tábhacht atá le cruthaitheacht an duine maidir le folláine an duine, an phobail agus na sochaí. www.creative.ireland.ie

Tionscnamh de chuid Chlár Éire Ildánach é Cruinniú na nÓg a bhfuil tacaíocht aige ó na hÚdaráis Áitiúla agus ó RTÉ. Is ceann de 18 ngníomh Óige Chruthaitheach– é, plean chun cumas cruthaitheach gan linbh agus duine óig a chumasú. Reáchtáladh an chéad Cruinniú na nÓg, a raibh breis is 500 gníomhaíocht chruthaitheacha saor in aisce mar chuid de, Dé Sathairn an 23 Meitheamh 2018.

Choimisiúnaigh Clár Éire Ildánach sraith d'fhíseáin ghearra a raibh roinnt Laochra Cruthaitheacha páirteach iontu, Jim Sheridan, Caoimhín Ó Raghallaigh, Liz Roche, Helen Steel, Nuala Goodman agus Owen Roe ina measc, chun feasacht ar Cruinniú na nÓg na bliana seo a ardú agus rannpháirtíocht ann a chur chun cinn.

Mar chuid den Chlár Éire Ildánach, tá  Foireann Cultúir agus Cruthaitheachta bunaithe ag gach ceann de na 31 údarás áitiúla chun oifigigh ealaíon, leabharlannaithe, oifigigh oidhreachta, cartlannaithe agus saineolaithe ábhartha eile a thabhairt le chéile chun gníomhaíocht chruthaitheach a chothú agus a spreagadh.  Oibríonn Comhordaitheoir Éire Ildánach ar na Foirne Cultúir go léir go dlúth le hOifig Chlár Éire Ildánach, chun plean saincheaptha Cultúir agus Cruthaitheachta a stiúradh agus a chur i bhfeidhm chun réimse de thionscadail Pobail Chruthaitheacha a chur ar fáil ag an leibhéal áitiúil.