Foilsithe ar 

An tAire Madigan le ról daonnúil Otharsheirbhís Naomh Eoin le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda a chomóradh

Seolfaidh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, taispéantas speisialta ina ndéantar comóradh ar an ról a bhí ag na mílte fear agus bean a rinne obair dheonach in Otharsheirbhís Naomh Eoin agus a thug cúnamh daonnúil agus tacaíocht dhaonnúil do phearsanra an airm a gortaíodh agus a bhí tuirseach traochta nuair a d’fhill siad ar an mbaile ón gCéad Chogadh Domhanda.

Tá an léargas seo ar an ról a bhí ag Briogáid Otharsheirbhíse Naomh Eoin agus a foireann dheonach le linn na tréimhse corraí sin ag tús an 20 hAois á chur i láthair mar gur aimsíodh níos mó ná 3,000 grianghraf agus cáipéis, go leor díobh a théann siar breis agus céad bliain.

Nuair a bhris an Chéad Chogadh Domhanda amach in 1914, d’oibrigh Otharsheirbhís Naomh Eoin i gcomhar le Cros Dhearg na Breataine chun cúram leighis a chur ar thaismigh in ospidéil in Éirinn agus thar lear. Chaith na hoibrithe deonacha sin uair i ndiaidh uaire ag tacú le hiostaí na n-ospidéal áitiúl, ag déanamh géag saorga agus ag piocadh sfagnaim ar an bportach, ábhar a d’úsáidtí i ndéanamh bindealán.

Sa taispeántas seo, tugtar le chéile scéalta pearsanta na ndaoine sin a d’oibrigh go ciúin agus gan stad sa chúlra chun pian, fulaingt agus díth na gcomhraiceoirí agus na neamhchomhraiceoirí araon a mhaolú.

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Madigan:

Inniu, tugaimid foireann leighis agus altranais Otharsheirbhís Naomh Eoin chun cuimhne agus tugaimid aitheantas dóibh as cóir leighis a chur ar bhaill den arm le comhbhá agus le dinít, tráth a bhí solás agus faoiseamh á lorg ag na baill sin den arm ó na gortuithe corpartha agus intinee a d’fhulaing siad sa chogadh agus a chuir athrú ó bhonn ar a saol.
Obair éachtach ab ea an obair dheonach a rinne saoránaigh le linn aimsir an chogaidh. D’fhreagair siad do ghlao ar chúnamh daonnúil ag tráth nuair nach raibh seirbhís náisiúnta sláinte ar bith ann.
Tugann an taispeántas seo aitheantas do na héachtaí agus don obair dheonach mhór a rinne Otharsheirbhís Naomh Eoin le céad bliain anuas.