Foilsithe ar 

An tAire Ring ag iarraidh ar an bpobal an deis a thapú le tuairimí a roinnt faoi shaincheisteanna atá ag cur isteach ar phobal na tuaithe in Éirinn

Tá suirbhé ar líne seolta inniu (Dé Céadaoin an 4 Meán Fómhair) ag an Uasal Michael Ring TD, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail chun tuairimí an phobail a fháil maidir leis na príomhdhúshláin agus deiseanna atá roimh phobal na tuaithe in Éirinn sna cúig bliana atá romhainn.

Is cuid de phróiseas comhairliúcháin arna cur i gcrích ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail an suirbhé seo d'fhonn beartas nua uile-Rialtais don tréimhse 2020-2025 a fhorbairt agus eolas a dhéanamh dó. 

Dúirt an tAire inniu:

Is deis atá sa suirbhé seo do dhaoine a gcuid tuairimí a léiriú maidir le saincheisteanna atá ag cur isteach ar phobal na tuaithe

Tá léargas tábhachtach le fáil ó dhaoine atá ag maireachtáil agus ag tógáil clainne faoin tuath  ar fud na tíre maidir leis na dúshláin a mbíonn tionchar acu ar an saol faoin tuath agus ar na deiseanna atá ar fáil i gceantair thuaithe. Cuideoidh na léargais seo chun eolas a dhéanamh do bheartas an Rialtais i leith pobal tuaithe na hÉireann sna chéad cúig bliana eile.”

Beidh an beartas nua réamhbhreathnaiteach, ag cur leis an dul chun cinn atá déanta le trí bliana anuas trí Phlean Gníomhaíochta an Rialtais d'Fhorbairt Tuaithe, agus léireofar ann athruithe atá ag teacht ar an obair agus ar an tsochaí ina mairimid.

Glacfar san áireamh sa bheartas nua seo treochtaí déimeagrafacha laistigh de phobail tuaithe , agus leagfar béim níos mó ar athrú aeráide, an Breatimeacht agus na hathruithe atá ag teacht ar phoist agus ar mar a oibrímid. Díreofar ar phobail agus geilleagair faoin tuath a neartú, agus aithneofar bearta beartais nach mór a chur i bhfeidhm d'fhonn an cuspóir sin a bhaint amach.

Dúirt an tAire Ring freisin:

Cé go mbíonn dúshláin i gceist le hathrú, bíonn deiseanna i gceist leis chomh maith, agus ní mór dúinn leas iomlán a bhaint as na deiseanna atá ar fáil chun geilleagair agus pobail faoin tuath a neartú don am atá le teacht.

Tá rannpháirtíocht an phobail agus na ndaoine atá ag maireachtáil agus ag obair faoin tuath in Éirinn ríthábhachtach chun cuidiú linn an beartas nua seo a fhorbairt agus chun beartabeartais a aithint nach mór a chur i bhfeidhm anois chun tacú le ceantair thuaithe amach anseo. Molaim go mór do dhaoine páirt a ghlacadh sa suirbhé seo chun cuidiú linn a chinntiú go mbainfear barr acmhainne amach i gceantair thuaithe.”

Beidh an suirbhé comhairliúcháin phoiblí ar fáil ar líne ag go dtí Dé hAoine an 11 Deireadh Fómhair 2019 anseo