Foilsithe ar 

Athbhreithniú neamhspleách maidir leis na cúinsí a bhain le bás an tSaighdiúra Shingil Hugh Ó Dochartaigh agus cás an tSaighdiúra Shingil Caomhán Seoighe a chuaigh ar iarraidh an 27 Aibreán 1981 foilsithe ag an Aire Cosanta

D’fhoilsigh an tAire Cosanta, an tUasal Paul Kehoe, athbhreithniú neamhspleách inniu maidir leis na cúinsí a bhain le bás an tSaighdiúra Shingil Hugh Ó Dochartaigh agus cás an tSaighdiúra Shingil Caomhán Seoighe a chuaigh ar iarraidh an 27 Aibreán 1981, le linn dó a bheith ar fiannas le Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin.  Ceapadh an Breitheamh Ard-Chúirte atá imithe ar scor, an tUasal Roderick Murphy chun an t-athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh i mí Eanáir 2015. Cuireadh an leagan deiridh den tuarascáil os comhair an Aire níos túisce i mbliana agus táthar á foilsiú anois tar éis dul i gcomhairliúchán le hOifig an Ard-Aighne maidir le gach ábhar cuí.

Ag labhairt dó faoin Tuarascáil, dúirt an tAire Kehoe:

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Uasal Roderick Murphy de bharr a thuarascála, tuarascáil an-bheacht agus macánta. Mar gheall ar chomh diongbháilte is a bhí sé i mbun dianchuardach cartlainne agus ag dul i gcomhairle le finnéithe, cinntítear go bhfuil an tuarascáil seo cuimsitheach agus go gcumhdaítear na saincheisteanna ábhartha go léir ann.  Sainaithnítear roinnt teipeanna agus easnamh in oibríocht Óglaigh na hÉireann in UNIFIL ag an am. Aibhsítear ann freisin an bealach ina raibh an bheirt shaighdiúirí sin imlonnaithe in áit iargúlta.  Ní rud é seo ba cheart a tharlódh.

Dúirt an tAire freisin

Glacaim leis na torthaí agus na moltaí sa tuarascáil agus táim ag iarraidh deimhniú a thabhairt do na teaghlaigh, do chairde agus do chomhghleacaithe an bheirt shaighdiúra óg seo, go bhfuil ceachtanna tábhachtacha foghlamtha don todhchaí. Ní fhéadfar earráidí a rinneadh nuair a tharla an eachtra agus, freisin, an bealach ar cuireadh na himscrúduithe ina dhiaidh sin i gcrích agus in iúl, nó go deimhin, nár cuireadh in iúl iad, a dhéanamh arís go deo.  Chuige sin, deimhníodh dom go ndeachthas i ngleic le cuid mhaith de na saincheisteanna a hardaíodh sa tuarascáil sna blianta ó tharla an méid a tharla.  

Dúirt Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, Leasaimiréal Mark Mellett

Deimhním don dá theaghlach go bhfuil na ceachtanna crua a d’fhoghlaim Óglaigh na hÉireann ón eachtra thubaisteach seo fós ag múnlú an chaoi a gcuirimid ár lucht pearsanra faoi oiliúint agus an chaoi a réitímid iad i gcomhair seirbhíse thar lear inniu agus amach anseo.

Ina thuarascáil, dúirt an tUasal Roderick Murphy go raibh comhoibriú iomlán faighte aige ón Roinn Cosanta agus ó Óglaigh na hÉireann le linn dó a athbhreithniú a chur i gcrích.

Cuireadh cóipeanna den tuarascáil ar fáil do theaghlaigh Uí Dhochartaigh agus an tSeoighigh sular foilsíodh iad chun deis a thabhairt dóibh iad a léamh agus machnamh a dhéanamh ar na torthaí.  Bhuail an tAire leis an dá theaghlach i nGaillimh an tseachtain seo caite, chun cóip den tuarascáil a thabhairt dóibh, agus dul tríd na moltaí agus éisteacht le haon imní a bhí ar na teaghlaigh.  Ag labhairt dó tar éis an chruinnithe sin, dúirt na tAire

Ba mhaith liom mo leithscéal a ghabháil leis an dá theaghlach arís as an bpian agus an méid a d’fhulaing siad tar éis dóibh a ndaoine muinteartha a chailleadh agus ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leo as a bheith chomh foighneach agus as a gcomhoibriú ag cur an athbhreithnithe seo i gcrích.  Ba mhaith liom impí a dhéanamh ar na meáin freisin meas a bheith acu ar phríobháideachas an dá theaghlaigh tar éis foilsiú na tuarascála.