Foilsithe ar 

Ba mhaith le Josepha Madigan TD, comhghairdeas a dhéanamh le Grellan Rourke ar ghradam an Ionaid Idirnáisiúnta um Staidéar ar Bhuanchoimeád agus ar Athchóiriú Maoine Cultúrtha (ICCROM) a bhaint amach.

Ba mhaith leis an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan TD, comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le Grellan Rourke ar ghradam an Ionaid Idirnáisiúnta um Staidéar ar Bhuanchoimeád agus ar Athchóiriú Maoine Cultúrtha (ICCROM) a bhaint amach.

Rinne an tAire Madigan comhghairdeas le Ailtire Sinsearach Sheirbhísí Oidhreachta na hÉireann agus dúirt:

Ag tabhairt aitheantais don mhéid atá déanta ag an Uasal Rourke maidir le hathchóiriú in Éirinn caithfear réimse gnéithe a thabhairt le chéile chun léargas a thabhairt ar chomh ilghnéitheach is atá an méid atá bainte amach aige anseo in Éirinn agus níos faide ó bhaile. Tá an méid atá curtha aige leis an ngairm seo fite fuaite sna heagraíochtaí ar thug sé a chuid ama, a chuid brí agus thar aon rud eile a chuid saineolas dóibh ar feadh na mblianta. 

Céard é an gradam ICCROM?

Bronntar Gradam ICCROM ar dhaoine a raibh tionchar mór acu ar an institiúid a fhorbairt agus a bhfuil fiúntais speisialta ag baint leo i réimse na hoidhreachta cultúrtha a chosaint agus a chaomhnú. Bronnadh an gradam den chéad uair in 1979 agus déantar é a bhronnadh gach aon dara bliain ag Comhthionól Ginearálta an ICCROM sa Róimh.

Le linn a shaoil oibre chaith an tUasal Rourke cuid mhór dá chuid ama ag obair ar an lonnaíocht manach ó thús na Meánaoise ar Sceilg Mhichíl i gContae Chiarraí, chun Láthair Oidhreachta Dhomhanda UNESCO a dhaingniú, a chaomhnú agus a athchóiriú.  Ar chuid de na tionscnaimh shuntasacha eile a raibh sé ag obair orthu bhí obair chaomhnaithe agus obair dhaingnithe ar thrí choimpléasc caisleán ón mheánaois in gContae Luimnigh agus i gContae Chiarraí.

Is in 1981 a thosaigh an tUasal Rourke ag obair le ICCROM nuair a bhí sé ina rannpháirtí ar an gcúrsa Caomhnú agus Cóireáil Cloiche sa Veinéis sa mbliain céanna. Rinne an tUasal Rourke ionadaíocht ar son na hÉireann ag an gComhthionól Ginearálta ó 2003 agus bhí sé ina Bhall den Chomhairle ó 2005.

Bhí an tUasal Rourke páirteach i ndréachtú Polasaithe Rialachais ICCROM in 2007 a bhfuil sé mar aidhm leo tacú leis an gComhairle an ról atá aici a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtaí.

In 2012 chuir an tUasal Rourke, a bhí ina Chathaoirleach ar an gComhairle ag an am, forbairt ar Pholasaithe ICCROM chun cinn sna réimsí seo a leanas: Oiliúint, Comhpháirtíocht, Saineolas, Roghnú, Soláthar Foirne, Iasacht Foirne agus Tiomsú Airgid chun an próiseas déanta cinntí maidir le cur i bhfeidhm treoracha straitéiseacha ICCROM a threorú; comhsheasmhacht agus trédhearcacht na gcinntí sin a chinntiú; agus measúnacht agus measúnú gníomhaíochtaí ICCROM a chumasú. Chomh maith leis sin bhí baint aige leis na Leasuithe a rinneadh ar Reachtanna ICCROM agus leis an nós imeachta Athbhreithnithe i ndáil le Roghnúchán an Phríomh-Stiúrthóra.