Foilsithe ar 

Borradh 100% ar chóras scrúdaithe Theastas Eorpach na Gaeilge i mbliana

Tá sé fógartha ag Príomh-Aoire an Rialtas agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin Seán Kyne TD, inniu go bhfuil deontas €532,500 ceadaithe aige do Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad chun na scrúduithe do Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG) a reáchtáil thar thréimhse trí bliana acadúla idir 2019/2020 agus 2021/22.

Is córas scrúdaithe é TEG trína ligtear don fhoghlaimeoir líofacht sa Ghaeilge a bhaint amach céim ar chéim. Anuas ar sin, tugann an teastas cruthúnas d'fhostóirí maidir le cumas teanga. Tá méadú suntasach tagtha ar an gcóras scrúdaithe TEG le cúpla bliain anuas. Thug 1,790 duine faoi scrúdaithe TEG le linn na tréimhse 2018/19, méadú 100%.

Cuirtear scrúduithe TEG ar fáil ar fud na hÉireann agus in ionaid thar lear.  Tá sé ar fáil d’iarrthóirí a bhfuil cúlraí éagsúla acu ar nós iarrthóirí ar an Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht), ar an mBaitsiléir san Oideachas, an Mháistreacht san Oideachas, mic léinn na céime, iarrthóirí ar phoist san earnáil phoiblí, foghlaimeoirí fásta in Éirinn agus thar lear, daltaí idirbhliana agus mic léinn a thagann ar ais chun cúrsaí múinteoireachta a dhéanamh. 

Agus é ag fógairt an mhaoinithe le linn cuairt a thabhairt ar Lárionad na Gaeilge, dúirt an tAire Stáit Seán Kyne TD,

Is mór an onóir dom go bhfuil ar mo chumas maoiniú a chur ar fáil do Lárionad na Gaeilge chun scrúduithe TEG a chur ar fáil.  Tá mo Roinn ag tabhairt maoiniú do TEG le hos cionn 10 mbliana anois agus tá áthas orm a chloisteáil go bhfuil borradh 100% tagtha ar an gcóras i mbliana. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an gcóras seo sa chaoi go dtugann sé cruthúnas d'fhostóirí maidir le cumas teanga. Is deis iontach é freisin do lear mór daoine dul ar ais sa chóras oideachais blianta i ndiaidh dóibh scolaíocht fhoirmiúil a bheith críochnaithe acu.