Foilsithe ar 

Breathnaíonn an tAire Madigan ar an taispeántán 'Duilleoga Tite' ag Ard-Eaglais Phádraig

Thug an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan cuairt ar an taispeántán ealaíne 'Duilleoga Tite' in Ard-Eaglais Phádraig. Tá an taispeántán mar chuid de chlár comórtha na hArd-Eaglaise chun comóradh a dhéanamh ar chríoch an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Cheadaigh an tAire Madigan deontas do €5,000 chun tacú leis an gclár seo.

Cruthaíodh Crann Cuimhneacháin in Iúil 2014, céad bliain tar éis thús an Chogaidh Mhóir. Thug sé inspioráid ó léirscrios na láithreacha chatha agus an sprioc a bhí ann ná áit a chur ar fáil do chuimhneachán agus macnamh pearsanta. Ó shin, tugtar cuireadh do chuairteoirí ar an Ard-Eaglais teachtaireacht a fhágáil ar phíosa chárta i gcruth duilleoige in aice leis an gcrann dóibh siúd a chuaigh coimhlint i bhfeidhm orthu.

Measann an Ard-Eaglais go bhfuil suas go 220,000 'duilleoga' faighte go dtí seo in omós do fhir agus mná na hÉireann a bhí páirteach sa Chéad Chogadh Domhanda. Tá na duilleoga le feiceáil ar fud an fhoirgnimh, le níos mó ná 36,000 ag crochadh ó shíleáil na hArd-Eaglaise, mar shiombail do na fir agus na mná nár fhill abhaile riamh.

Dúirt an tAire Madigan:

Tá comóradh céad bliain ar shíniú an tsosa chogaidh a chur deireadh leis an gcomhrac sa Chéad Chogadh Domhanda ag teannadh linn, agus mar sin is mór an ónóir é an deis a bheith agam an taispeántán álainn cumhachtach 'Duilleoga Tite' a fheiceáil in Ard-Eaglais Phádraig. Seasann gach aon duileog anseo do dhuine éigin ó oileán na hÉireann a cailleadh le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Ní raibh siad in ann filleadh abhaile slán ón láib agus ó léirscrios na láithreacha chatha, agus ghoill a mbásanna go mór ar a muintireacha agus a bpobail.

Molaim go mór an Ró-Oirmhinneach Dr William Morton, Déan na hArd-Eaglaise Pádraig, agus a fhoireann as ucht a bhfís agus a samhlaíocht i gcruthú an taispeántáin bheoga shuimiúil seo. Tá ról tábhachtach ag saothair ealaíne cosúil leis seo i dtacaíocht a thabhairt dúinn ar fad agus muid ag déanamh machnaimh ar na hoidhreachtaí dheacra íogaire atá ag rannpháirtíocht na hÉireann sa Chéad Chogadh Domhanda.


Le linn Deich Bliana na gCuimhneachán, tá iarracht déanta againn scéalta na bhfear agus na mbean a bhí páirteach sa Chogadh Mhór a chur chun cinn. Rinneamar plé omósach tuisceanach ar na cúiseanna éagsúla a bhí ag na trodaí – bhí idéil agus mianta casta ag cuid acu, bhí daoine eile ag troid chun airgead a thuilleadh agus uaireanta bhí cíocras eachtra i gceist. Leis sin, bhíomar in ann meon tuisceanach a chothú eadrainn chun glacadh lenár ndaonnacht choiteann agus chun dul ar aghaidh inár n-aistear i dtreo neartú na síochána agus an athmhuintearais ar oileán na hÉireann.