Foilsithe ar 

Ceann de na hanaclanna dúlra is tábhachtaí san Eoraip ag ceiliúradh 50 bliain ar an bhfód

Cuireadh tugtha ag Anaclann Éan Fiáin Loch Garman don phobal 50 bliain a bunaithe a cheiliúradh leo - Tá beagnach leath de Ghéanna Bánéadanacha Graonlannacha an domhain ag cur fúthu san anaclann seo.

Tá Anaclann Éan Fiáin Loch Garman – ina gcuimsítear suas le 200 heicteár de thalamh feirme sa Slaba Thuaidh, gar do bhaile Loch Garman – chun 50 bliain ó bunaíodh í a chomóradh le Lá Oscailte Dé Domhnaigh seo chugainn an 27 Deireadh Fómhair.

Tá an Anaclann faoi chomhúinéireacht na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Cairde Éanlaith Éireann, agus á bainistiú ag Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS) na Roinne.

Déanann grúpa feirmeoirí as an áite feirmeoireacht ar chaighdeán an-ard ar an talamh thar ceann na Roinne. Tá na feirmeoirí sin – mar aon le húinéirí talún eile sa Slaba Thuaidh atá páirteach i Scéim Pleanála Feirme an NPWS – thar a bheith tábhachtach maidir leis an iarracht caomhnaithe ar éirigh go maith léi atá déanta san Anaclann.

Tá réimse leathan d'éin gheimhridh san anaclann anois, lena n-áirítear Cadhain, Ealaí Glóracha, Crotaigh, Guilbnigh, Pilibíní agus Feadóga Buí, agus tá an-tábhacht leis an Anaclann mar gur ann atá beagnach leath de Ghéanna Bánéadanacha Graonlannacha an domhain.

Mar chuid de Bhliain Eorpach an Chaomhnaithe  i 1969 tugadh faoi roinnt tionscadal caomhnaithe in Éirinn, lena n-áirítear an chéad stráice talún a cheannach sa Slaba Thuaidh i Loch Garman.

Tá méadú ag teacht ar líon na nGéanna Bánéadanacha Graonlannacha sa Slaba Thuaidh ó na 1940í i leith. San anaclann dúlra a bunaíodh as an nua an t-am sin, cuireadh limistéir foráiste sábháilte ar fáil don speiceas, gan aon chur isteach ar na héin, agus cuireadh áit ar fáil don phobal chun éanbhreathnú a dhéanamh. Tógadh Ionad Cuairteoirí agus túr breathnóireachta i 1974, tráth a raibh thart ar 7000 gé ann. Faoi láthair, is ionann líon na n-éan atá ag caitheamh an gheimhridh sa Slaba Thuaidh i Loch Garman agus beagnach leath de phobal an speicis ar domhan, rud a thugann níos mó ná cúis ceiliúrtha amháin don Anaclann.

Beidh Lá Oscailte ar siúl san Anaclann Dé Domhnaigh ina mbeidh clár imeachtaí lena n-áirítear turais, cainteanna stairiúla, cuir i láthair ó Chairde Éanlaith Éireann agus cuir i láthair maidir le taighde eolaíoch.

Chomh maith leis sin taispeánfar clár faisnéise gearr i mBéarla agus i nGaeilge ó 1974; eagrán de “Amuigh faoin Spéir” dar teideal “North Slob”.

Toisc go bhfuil na Géanna Bánéadanacha Graonlannacha ag teacht chuig an anaclann faoi láthair don gheimhreadh, d'fhéadfadh deis a bheith ann an speiceas a fheiceáil, agus tá fíorthábhachtach ag baint leis an Slaba Thuaidh ina leith sin.

Gach bliain, tagann na mílte chuig Ionad Cuairteoirí Anaclann Éan Fiáin Loch Garman.

NÓTAÍ D'EAGARTHÓIRÍ

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo :  https://www.wexfordwildfowlreserve.ie/