Foilsithe ar 

Ciste na Struchtúr Stairiúil agus Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha 2020

Tá sé fógartha ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta  Josepha Madigan TD, inniu (10 Meitheamh, 2020), go mbainfidh 449 tionscadal oidhreachta ar fud gach contae sa tír tairbhe as suas le €4.3m faoi Chiste na Struchtúr Stairiúil (HSF) agus Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha (BHIS).

Cuideoidh an maoiniú seo chun tacú le húinéirí agus le coimeádaithe na struchtúr stairiúil agus faoi chosaint a bheidh ag tabhairt faoi na céadta tionscadal beag dlúthshaothair chun ár n-oidhreacht thógtha a dheisiú agus a chosaint.   Is gearr ó d’fhoilsigh an Rialtas Roadmap for Reopening Society & Business chun na srianta Covid 19 a mhaolú.

Tá na scéimeanna seo á n-eisiúint,

a dúirt an tAire,

tráth a bhfuil muid ag gluaiseacht thrí chéim 2 d’athoscailt gheilleagar na tíre.

Creidim,

a dúirt sí,

go bhféadfadh na scéimeanna seo an geilleagar a spreagadh ar fud na tíre i ngach ceantar údaráis áitiúil, spreagadh a theastaíonn go géar, agus a chuirfidh fostaíocht ar fáil do go leor gnónna beaga, do speisialtóirí caomhnaithe oilte agus lucht ceirde atá i mbun obair thógála a bhaineann leis an oidhreacht.  Tá súil agam go gcoinneoidh sé seo ag imeacht roinnt gnónna speisaltóireachta oidhreachta go dtí go bhfeabhsóidh an margadh.

Níor tharla géarchéim mar seo cheana riamh. Tá dúshláin le sárú ag pobail nach raibh le sárú riamh cheana acu ach tá siad tagtha le chéile agus freagra tugtha acu ar na dúshláin sin agus sin déanta acu le misneach, teacht aniar agus cineáltas. Beidh ról tábhachtach ag na scéimeanna seo cuidiú le pobail a gcuid ceantar a athbheochan, ceantair ina bhfuil siad ina gcónaí agus ag obair iontu, agus go deimhin chun ár n-oidhreacht thógtha a chosaint  -  oidhreacht a fhágfaimid ag an gcéad ghlúin eile.

 

Tá sé deimhnithe ag an Roinn go gcuirfear in iúl do na hiarratasóirí ar éirigh leo nach mór tabhairt faoi gach obair de réir na dtreoirlínte ar scaradh sóisialta agus beartas sláinte poiblí eile arna gcinneadh ag an Rialtas agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Is ar bhainisteoir tionscadail a bheidh an fhreagracht a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis is cruinne agus is déanaí ón Rialtas agus de láithreáin ghréasáin Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte  á chomhlíonadh agus monatóireacht a dhéanamh.

Beidh tionchar ag na tacaíochtaí seo ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, arna riar ag údaráis áitiúla, ar gach gné de shaol mhuintir na hÉireann.  Déanfar infheistíocht sna céadta tionscadal i gceantair thuaithe agus uirbeacha agus cuirfear tacaíocht thábhachtach ar fáil do phoist go háitiúil i réimsí an chaomhnaithe, scileanna traidisiúnta agus tógála.

Faoi Chiste na Struchtúr Stairiúla i mbliana (HSF), déanfar maoiniú ar 56 thionscadal le deontais ó luach €15,000 go €130,000 chun cineálacha go leor struchtúr stairiúil ar fud na tíre a chaomhnú agus a athchóiriú . Sin sa bhreis ar 10 dtionscadal a gheobhaidh €351,000 ar an iomlán ina ndara bliain de mhaoiniú faoi HSF 2019.

Tacófar le 393 tionscadal i 31 ceantar údaráis áitiúil faoin Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha (BHIS). Cuirfear deontais ó luach €1,000 go €15,000 ar fáil agus ginfear cúpla míle lá fostaíochta do lucht ceirde.

Tá sruth píolótach miondeontas ag teacht faoi BHIS 2020 chun acmhainn na struchtúr stairiúil a mhéadú i gcoinne an tionchar síoraí atá ag athrú aeráide. Leis an sruth sin, beidh údaráis áitiúla in ann dámhachtainí níos lú a dhéanamh le húinéirí maoine stairiúla chun tabhairt faoi ghnáthchothabháil i gcoinne an tionchar atá ag athrú aeráide ar a gcuid foirgneamh.

De réir mar atá an geilleagar á oscailt, táthar ag súil gur féidir tosú de réir a chéile agus gan a thuilleadh moille ar go leor de na tionscadail faoi na scéimeanna deontais Caipitil Oidhreachta Tógtha. Tá an poitéinseal ag na scéimeanna deontais seo misneach a thabhairt do phobail ar fud na tíre, an geilleagar a spreagadh agus ioncaim a chothabháil. Is ar na bainisteoirí tionscadail aonair a bheidh an fhreagracht a mheas nuair is féidir an obair a fhaigheann cúnamh deontais a thosú de réir beartas sláinte poiblí a chinneann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Dúirt an tAire Madigan freisin:

Ba mhaith liom buícohas a ghlacadh leis na húdaráis áitiúla as a gcúnamh na scéimeanna seo a riar. Is mian liom freisin aitheantas a thabhairt d’úinéirí príobháideacha atá sásta a gcuid ama agus airgid a infheistiú chun aire a thabhairt dár n-oidhreacht thógtha.

Tá ríméad orm a bheith ábalta leanúint d'infheistíocht a dhéanamh inár n-oidhreacht thógtha.