Foilsithe ar 

Ciste nua €10 milliún á fhógairt ag an Aire Humphreys do thionscadail Chomhoibriú LEADER

€3 milliún ar fáil don chéad bhabhta de thograí

Rinne an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, an chéad tráinse de chistiú do thionscadail Chomhoibriú LEADER a sheoladh inniu (Dé Céadaoin).
Is ionann Comhoibriú LEADER agus gné shonrach den Chlár Forbartha Tuaithe a ceapadh chun spreagadh a thabhairt do Ghrúpaí Gníomhaíochta Áitiúla (GGAnna) oibriú le chéile ar chomhthionscadal atá ina dhíol comhspéise ag gach réimse rannpháirteach. Mar chuid de Chomhoibriú, ní mór go dtiocfaidh comhpháirtíocht de dhá GGA nó níos mó as dhá réimse éagsúil - laistigh d’Éirinn nó go hidirnáisiúnta - le chéile chun tionscadail a chur i gcrích a theánn chun tairbhe dá bpobail áitiúla.
Dúirt an tAire Humphreys:
“Tá lúcháir orm bheith in ann rochtain a chur ar fáil ar an sruth nua cistiúcháin seo do LEADER, a raibh ról tábhachtach aige le blianta fada ó thaobh tacú le forbairt na tuaithe in Éirinn agus ar fud an AE. Is bealach den scoth é Comhoibriú chun rochtain a fháil ar smaointe nua, foghlaim ó thionscadail eile lonnaithe anseo in Éirinn nó thar lear, spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do nuálaíocht, agus tairbhe a bhaint as barainneachtaí scála.
“Ón lá inniu, féadfaidh Grúpaí Gníomhaíochta Áitiúla LEADER iarratas a dhéanamh ar chistiú faoin chéad tráinse den €3 mhilliún de chistiú Chomhoibriú. Cuirfear €10 milliún san iomlán do thionscadail Chomhoibriú LEADER sa tréimhse go 2020 agus fógrófar gairmeacha breise in am trátha. Tá an cistiú seo sa bhreis ar an €220 milliún atá leithdháilte cheana idir de na 28 réimse foréigiúnacha LEADER in Éirinn.”
“Is gné lárnach é Comhoibriú den chlár LEADER agus mholfainn do gach Grúpa Gníomhaíochta Áitiúil na deiseanna atá ann a fhiosrú agus leas a bhaint as an gcistiú breise a d’fhéadfadh sé a chur ar fáil dá bpobail áitiúla.”
Tá an chéad tráinse de €3 mhilliún faoin snáithe Comhoibriú LEADER ar fáil trí ghairm oscailte ar iarratais ar fud théamaí LEADER, lena gclúdaítear Forbairt Eacnamaíochta agus Fiontar, Cuimsiú Sóisialta agus an Timpeallacht Tuaithe.
Cuirfear tionscadail a chuireann fíor-bhreisluach lena bpobail áitiúla i dtosaíocht don chistiú. Is féidir teacht ar thuilleadh eolais faoin gcistiú comhoibrithe ag an nasc seo a leanas:
http://www.ahrrga.gov.ie/ga/rural/rural-development/leader/