Foilsithe ar 

Comóradh oifigiúil chun cothrom lae céad bliain bhá RMS Leinster a mharcáil i nDún Laoghaire Dé Céadaoin, 10 Deireadh Fómhair 2018

D'fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan TD, inniu go mbeadh comóradh oifigiúil ar siúl i nDún Laoghaire Dé Céadaoin, 10 Deireadh Fómhair 2018, chun cothrom lae céad bliain bhá an Royal Mail Steamer (RMS) Leinster a chomóradh agus chun cuimhneamh ar chách a cailleadh sa tragóid sin. Cuimseoidh an clár eilimint chultúrtha shuntasach chomh maith le searmanas comórtha foirmeálta agus cúpla fleasc, le baill d’Óglaigh na hÉireann rannpháirteach. Is é seo an dáta a thiocfaidh an t-árthach faoi chosaint Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta, a chlúdaíonn na longbhristeacha uile os cionn 100 bliain d'aois.

Díreach roimh a 9 a chlog, maidin Déardaoin, an 10 Deireadh Fómhair 1918, thosaigh an Royal Mail Steamer (RMS) Leinster a turas deireanach ó Ché Carlisle i nDún Laoghaire (Kingstown) go Holyhead sa Bhreatain Bheag. Bhí an long faoi úinéireacht agus á fheidhmiú ag City of Dublin Steam Packet Company. Meastar go raibh 771 paisinéir agus foireann ar bord, ina raibh sórtálaithe poist, paisinéirí sibhialta, pearsanra míleata agus liachta agus foireann na loinge. Idir 09:30 a.m. agus 09.40 a.m., chuaigh an RMS Leinster thar Thigh Solais na Cise. Go gairid ina dhiaidh sin, cuireadh go tóin poill í le trí thoirpéad a scaoil fomhuireán Gearmánach, UB-123. Ba í an tubaist mhuirí ba mheasa i Muir Éireann inar cailleadh breis is 500 duine.

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Madigan:



“Ar an 10 Deireadh Fómhair 2018, cuimhneoimid ar na daoine sin a cailleadh céad bliain ó shin, nuair a chuir fomhuireán Gearmánach UB-123 an Royal Mail Steamer (RMS) Leinster go tóin poill ar Bhanc na Cise. Tharla an tragóid seo mí agus lá roimh shíniú an tsosa cogaidh a chríochnaigh an troid sa Chéad Chogadh Domhanda agus is í an tubaist mhuirí is mó a tharla riamh i Muir Éireann.

D’éag breis is 500 duine, lena n-áirítear baill foirne na loinge, sórtálaithe poist, paisinéirí sibhialta agus pearsanra míleata, leighis agus tacaíochta a bhí páirteach sa chogadh. Ghoill an tragóid seo go mór ar theaghlaigh agus ar phobail ar dhá thaobh Mhuir Éireann agus chomh fada le Meiriceá, Ceanada, an Astráil agus an Nua-Shéalainn. Cuimhneoimid freisin ar na 35 bhall d’fhoireann UB-123, a maraíodh seachtain ina dhiaidh sin. Spreagadh freagra daonnúil tar éis na tragóide agus aithnímid an cúram agus an cineáltas a léirigh na seirbhísí tarrthála, an pearsanra altranais agus liachta”.



Lean an tAire Madigan lena cuid cainte:

“Molaim iarrachtaí na ndaoine sin uile a d'oibrigh go crua, le blianta fada, chun a chinntiú nach ndéantar dearmad ar scéalta na ndaoine sin uile a bhí ar bord an RMS Leinster nuair a thosnaigh sí a turas deiridh. Tá a scéalta, le tamall rófhada, i bhfolach agus balbh. Agus céad bliain na tragóide seo á chomóradh againn, tá meas againn ar na scéalta casta i dtaca le páirt na hÉireann sa Chéad Chogadh Domhanda agus tuiscint aibí ar chomhthéacs an ama sin.

Go háirithe, ba mhaith liom iarrachtaí úinéir an RMS Leinster, Des Brannigan Uas. a aithint, a bhí tiomanta don long a chosaint agus ba dhuine de bhunaitheoirí an Ard-Mhúsaem Mhuirí i nDún Laoghaire. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil chomh maith le Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, baill teaghlaigh na ndaoine a fuair bás agus na geallsealbhóirí eile atá ag obair le mo Roinn agus sinn ag forbairt searmanas cuimsitheach, measúil agus cuí dóibh siúd a fuair bás”.