Foilsithe ar 

Cuairt á tabhairt ag an Aire Stáit Ring ar Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha agus infheistíocht chaipitil os cionn €250,000 á fógairt aige do 2016

Thug Michael Ring,an tAire Stáit um Fhorbairt Eacnamaíoch Réigiúnach, a chéad chuairt oifigiúil inniu ar Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha.  Mar chuid dá shainchúram tá an tAire freagrach as na sé pháirc náisiúnta in Éirinn.

Le linn a chuairte, mhol an tAire na háiseanna iontacha atá ar fáil inár bPáirceanna Náisiúnta.

"Le míonna beaga anuas tá cuairt á tabhairt agam ar ár bPáirceanna Náisiúnta agus táim an-tógtha le héagsúlacht agus áilleacht ár n-oidhreacht nádúrtha. Is áis iontach iad ár bPáirceanna Náisiúnta do mhuintir na tíre seo agus is cuid lárnach iad dár dtáirge turasóireachta náisiúnta freisin. Meallann siad turasóirí agus tá ról lárnach acu ó thaobh forbairt réigiúnach de.

“Tá Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha ar cheann de sheoda ár n-oidhreacht nádúrtha. Is í an t-aon Pháirc Náisiúnta in Uladh í agus is ceann de na príomháiteanna stoptha ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin í.  Léiríodh an tábhacht atá leis an bpáirc mar áis do thurasóirí níos luaithe i mbliana nuair a thug an Lánúin Ríoga, Prionsa na Breataine Bige agus Bandiúc Chorn na Breataine, cuairt uirthi. Chuaigh áilleacht nádúrtha na háite i gcion go mór orthu, chomh maith leis an obair iontach atá ar bun i Seirbhís Oideachais Ghleann Bheatha chun go mbeidh eolaíocht, an dúlra agus an bhithéagsúlacht níos tarraingtí do dhaoine óga.”

Dhearbhaigh an tAire freisin thart ar €250,000 d’infheistíocht chaipitil do Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha agus anaclanna dúlra i Réigiún an Tuaiscirt.  Tá an maoiniú seo, atá mar chuid de Chlár Caipitil na Roinne don tSeirbhís Páirceanna agus Fiadhúlra Náisiúnta, dírithe ar thionscadail chaipitil thosaíochta atá aitheanta sna 6 Pháirc Náisiúnta agus 80 Anaclann Dúlra reachtúla sa tír.

Tá os cionn €160,000 leithdháilte ar oibreacha uasghrádaithe, lena n-áirítear deisiú droichid agus bóthair, chomh maith le háiseanna dramhuisce a uasghrádú. Tá €80,000 breise leithdháilte ar speicis ionracha a chur faoi smacht.

Ag labhairt dó inniu dúirt an tAire Ring: 

“Cé go raibh na blianta deireanacha seo deacair ó thaobh maoiniú an Státchiste de, tá lúcháir orm go bhfuil muid anois in ann tuilleadh infheistíochta a dhéanamh inár bPáirceanna Náisiúnta agus Anaclanna Dúlra lena chinntiú go mairfidh siad mar acmhainn ríthábhachtach turasóireachta agus áineasa. Leis an infheistíocht chaipitil seo inár sócmhainní oidhreachta náisiúnta beifear in ann cur leis an táirge an-tábhachtach turasóireachta atá againn sa tír seo agus leis an méid a chuireann sé leis an ngeilleagar náisiúnta agus réigiúnach, trí líon na dturasóirí agus ioncam do cheantair tuaithe a mhéadú.”