Foilsithe ar 

Cuireadh á thabhairt ag an Aire Madigan do dhaoine óga chuig Wilder Youth – tráthnóna ina gcuirfear Óige na hÉireann agus a gcruthaitheacht faoi chaibidil in éineacht le Tara Stewart

Tá cuireadh á thabhairt ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan TD, agus Clár Éire Ildánach do dhaoine óga (idir 14-21 bliana d'aois) a bheith i dteannta an DJ Tara Stewart ó 2FM nuair a chuirfidh sí Wilder Youth i láthair, ócáid ina gceiliúrfar fuinneamh cleachtóirí cruthaitheacha óga na hÉireann. Beidh Wilder Youth ar siúl sa Chocolate Factory, Baile Átha Cliath 1 an 22 Deireadh Fómhair 2019. Tá sé ar an gcéad chuid de shraith imeachtaí a bheidh ar siúl ar fud na tíre mar chuid den chlár Creative Conversations.

In éineacht le Tara beidh an dísreach hip-hop, Tebi Rex, an t-aisteoir agus scríbhneoir Roxanna Nic Liam, an podchraoltóir Molly Parsons agus dearthóir faisin de chuid Junk Kouture, Cian Newman.

Mar aon le ceol beo ón dísréach hip-hop, Tebi Rex, labhróidh Tara Stewart agus na haíonna faoin taithí atá acu féin maidir le saothar a dhéanamh, an próiseas cruthaitheach atá acu, an tacaíocht atá faighte acu ina gcuid oibre i gcúrsaí ceoil, amharclannaíochta agus faisin agus faoin méid eile is féidir a dhéanamh chun cuidiú le daoine óga barr a gcumais a bhaint amach. Chomh maith leis sin, pléifidh siad na buntáistí a bhaineann le domhan na cruthaitheachta don mheabhairshláinte, an teannas a bhíonn idir caitheamh aimsire agus gairm bheatha agus na dúshláin a bhaineann le beocht a chur sa chruthaitheacht.

Maidir leis an imeacht, dúirt an tAire Madigan:

Is é an aidhm atá le Clár Éire Ildánach an caighdeán saoil atá againn ar fad a fheabhsú tríd an teacht atá againn ar chultúr agus cruthaitheacht a chur ag croílár na sochaí. Tá ár ndaoine óga cruthaitheacha thar a bheith nuálach agus is daoine thar a bheith cumasach iad. Táimid ag iarraidh béim a leagan ar an tallann thar cionn atá acu agus cloisteáil faoi na nithe a théann i bhfeidhm orthu agus iad ag déanamh a gcuid saothar

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin imeacht agus chun ticéid a chur in áirithe, téigh chuig:

https://www.eventbrite.com/e/wilder-youth-a-creative-conversation-from-creative-ireland-w-tara-stewart-tickets-74789195497?aff=ebdssbdestsearch

Is sraith díospóireachtaí painéil agus imeachtaí léirithe atá i Creative Conversations atá leagtha amach chun smaointeoireacht nua agus nuálach a ghineadh maidir le cruthaitheacht – na tionchair atá aici agus na buntáistí a bhaineann léi – ó réimse daoine a bhfuil saineolas acu agus atá oilte ar an ábhar, agus ar féidir leo eolas a chur ar fáil do Chlár Éire Ildánach agus dá chomhpháirtithe.

NÓTA D'EAGARTHÓIRÍ

Tionscnamh uile-Rialtais atá i gClár Éire Ildánach  atá bunaithe ar an gcultúr agus atá leagtha amach le folláine an duine aonair, an phobail agus an náisiúin a chur chun cinn. Is é an bunsmaoineamh go mbíonn páirt i ngníomhaíocht chultúrtha ina spreagadh ag an gcruthaitheacht phearsanta agus ag cruthaitheacht an chomhair, agus go mbíonn tionchar aici sin ar fholláine agus gnóthachtáil an duine aonair agus an tsochaí.

Tá sé bunaithe ar chúig cholún: Scód a ligean le Cumas na Cruthaitheachta i ngach Leanbh; Bonn a chur faoin gCruthaitheacht  i ngach Pobal; Infheistíocht in Infreastruchtúr na Cruthaitheachta agus an Chultúir; Éire mar Lárionad Barr Feabhais maidir le Léiriúchán na Meán Cruthaitheachta; Clú na hÉireann ar fud an Domhain. Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.

Is láithreoir raidió le 2FM í Tara Stewart atá ag déanamh an-obair i saol an cheoil in Éirinn. Nuair nach mbíonn sí le cloisteáil ar an raidió, bíonn Tara ag obair ina DJ ag gigeanna ardphróifíle ar fud na tíre (lena n-áirítear féilte iontacha ar nós Electric Picnic) agus ag scríobh do roinnt foilseachán, District Magazine ina measc. D'fhás Tara aníos in iargúil na hAstráile, agus chinn sí cur fúithi i mBaile Átha Cliath in 2011 agus ó shin i leith tá an-tionchar aici ar an saol cruthaitheach. Mar gheall ar a pearsantacht tharraingteach atá aici agus a stíl faoi leith féin, tá lucht leanúna dílis níos mó na 15,000 duine aici ar líne agus tá deiseanna faighte aici comhoibriú le brandaí a bhfuil eolaos orthu ar fud an domhain. Ní duine í a loicfeadh ó labhairt amach, agus úsáideann Tara an próifíl agus an t-ardán atá aici chun béim a leagan ar nithe a bhfuil tuairimí láidre aici ina leith, lena n-áirítear cearta na mban agus inbhuanaitheacht.

Caitheann Molly Parsons a cuid ama ag cur daoine a rugadh sna 90í faoi agallamh, glúin z, agus na "mílaoisigh leisciúla" a bhfuil aithne agus gean ag chuile dhuine orthu. Tugtar ardán ina podchraoladh do thuairimí agus scéalta daoine atá sna fichidí ó gach cúlra agus áit, agus pléitear gach cineál ábhair, bíodh baint aige sin le féiniúlacht, le cúrsaí ealaíne nó gníomhaíochas.  Tá Molly ag obair ina taighdeoir le RTÉ faoi láthair ar thionscadal inbhuanaitheachta chomh maith le bheith ag obair san earnáil mhiondíola agus ar a podchraoladh féin gach seachtain.

D'éirigh le Tebi Rex iad féin a chur chun cinn mar cheann de na grúpaí hip hop is mó i saol an cheoil in Éirinn in 2018 mar gheall ar an tóir a bhí ag an bpobal ar a gcuid amhrán. Is iad na singil Men Are Trash (ar éirigh leis áit a bhaint amach sna cairteacha don 50 amhrán is fearr mearscaipthe sa Ríocht Aontaithe agus in Éirinn araon) agus Peggy's Bus; an chéad EP a d'eisigh siad Welcome To The Darkest Year Of Our Adventures; comhshaothair le leithéid Eve Belle; taispeáintí ar éirigh thar barr leo ag féile Longitude, Electric Picnic, Indiependence agus Other Voices; a bheith ainmnithe ar cheann de na grúpaí atá ag teacht chun cinn in 2019 de chuid RTE 2FM - a chuir go mór le bliain iontach na beirte. Rinne siad a gcéad taispeántas sa Ríocht Aontaithe le dhá sheó ag The Great Escape, agus mar gheall ar an trí shingil atá eisithe acu - lena n-áirítear Financial Controller, arna athmheascadh ag Kush Moody a bhíonn ag obair i gcomhar le Watsky, agus an cnagshingil ar raidió in Éirinn I Never Got Off The Bus - tá a gcéad albam The Young Will Eat The Old eisithe anois acu. Tá ardmholadh faighte ag an gceirnín cheana féin mar cheann de na heisiúintí is fearr sa tír i mbliana agus tá moladh faighte aige ó leithéidí The Irish Times, Dan Hegarty, The Line Of Best Fit, Hot New Hip-Hop agus Today FM.

Cian Newman was Dublin Region Finalist of Junk Kouture 2019 from St.Aidans C.B.S

Is aisteoir as Éirinn í Roxanna Nic Liam a d'oibrigh in Éirinn agus san RA. D'oibrigh sí le go leor compántas amharclannaíochta in Éirinn lena n-áirítear Amharclann na Mainistreach (The Passing, Perve, The Plough and The Stars), Amharclann an Druid (Be Infants In Evil), Brokentalkers (This Is Still Life, The Passion Project), THEATREclub (Rough, THEATREclub Stole Your Clock Radio) agus AXIS Ballymun (Stór).  San RA d'oibrigh sí sa National Theatre (Liolà, Broad Shadow), chuaigh sí ar camchuairt leis an English Touring Theatre (Translations) agus The Separation at Theatre 503. Sa scannánaíocht bhí príomhpháirteanna aici in Agnes Browne, Rat, Two Hearts agus The Cherishing. Sa teilifís, bhí príomhpháirt aici i Love/Hate agus tá sí ag obair le Fair City faoi láthair. Chomh maith leis sin is éascaitheoir drámaíochta oilte agus gníomhach í. Scríobhann sí filíocht agus cuireann sí filíocht ar stáitse.