Foilsithe ar 

Cuireann an tAire Madigan maoiniú ar fáil chun Pictiúir uathúla de chuid WB Yeats a chur ar taispeáint i dTeach Laighean ar Oíche Chultúir

D’fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, maoiniú €5,000 don eagraíocht Poetry Ireland chun Coole agus The Library, Coole de chuid WB Yeats a chur ar taispeáint i dTeach Laighean ar Oíche Chultúir, Dé hAoine, an 21 Meán Fómhair 2018. Beidh an ócáid seo ag teacht le léamh filíochta a chuirfidh Poetry Ireland, i gcomhar le hArd-Mhúsaem na hÉireann agus Tithe an Oireachtais, i láthair i Seanad Éireann chun 100 bliain ó tugadh ceart vótála do mhná a chomóradh.

Cheannaigh daonchairde Meiriceánacha, ar pátrúin ar Poetry Ireland iad, na píosaí ealaíne seo de chuid WB Yeats ag ceant i Sotheby's Mí Mheán Fómhair seo caite ó Chiste Filíochta Adrian Brinkherhoff, agus cuirfear ar taispeáint ag ceanncheathrú Poetry Ireland i ndiaidh na hócáide seo iad.

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Madigan:

Tá gné chumhach ag baint le tabhairt abhaile na bpictiúr seo thart ar Oíche Chultúir, nuair a cheiliúraimid an draíocht a bhaineann leis an ábhar cultúir a chuireann an náisiún seo ar fáil don domhan i gcoitinne agus nuair a thugaimid aitheantas do bhua na healaíne a bhí ag daoine san am atá thart. Is léiriú é den tiomantas leanúnach atá ag an Rialtas seo don chultúr, mar a leagtar amach é i dTionscadal Éireann 2040 agus i dtionscnaimh eile atá ar bun ag mo Roinn, amhail Clár Éire Ildánach, go bhfuil na pictiúir seo á gcur ar taispeáint i dTithe an Rialtais. Cumasc an-speisialta filíochta, péinteála agus daonchairdis a bheidh san ócáid seo agus eiseamláir is ea í den mhéid is féidir a bhaint amach nuair a oibríonn daoine as lámha a chéile agus i gcomhar le chéile i gcomhthéacs an cheiliúrtha a dhéantar ar Oíche Chultúir.