Foilsithe ar 

Cultúr 2025 - Creatbheartas Náisiúnta Cultúir go dtí an bhliain 2025 foilsithe ag an Aire Madigan, an chéad Chreatbheartas Náisiúnta Cultúir ag Éirinn

Cultúr 2025 - Creatbheartas Náisiúnta Cultúir go dtí an bhliain 2025 fógartha ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan TD inniu (Dé hAoine), an chéad chreatbheartas náisiúnta cultúir a foilsíodh in Éirinn riamh.

Leagtar amach in Cultúr 2025 an treo do bheartas an Rialtais ar fud earnáil an chultúir, lena n-áirítear na healaíona, an Ghaeilge agus na hearnála cruthaitheachta, oidhreachta agus closamhairc. Leagtar amach ann aidhmeanna an Rialtais i ndáil leis na réimsí sin, agus mar is féidir iad a bhaint amach. Is féidir an beartas a léamh anseo

Tá aitheantas d'fhiúntas an chultúir don duine agus don tsochaí ina ghné lárnach ag Cultúr 2025, an gá bonn treise a chur faoi shaothrú na cruthaitheachta agus faoi rannpháirtíocht i gcúrsaí cultúir agus gealltanas a thabhairt go mbeidh meas ar oidhreacht chultúir na hÉireann.

Tá na cuspóirí a bhaineann le Cultúr 2025 á gcur chun cinn thrí thionscnaimh de chuid an Rialtais lena n-áirítear, Cláir Éire Ildánach, Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge, Éire Dhomhanda 2025, an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht agus an Phlean Gníomhaíochta Closamhairc. Cuireann an infheistíocht chaipitiúil €1.2 billiún don chultúr, don oidhreacht agus don Ghaeltacht tacaíocht ar fáil do Chultúr 2025 chomh maith faoi Thionscadal Éireann 2040. Faoi Chultúr 2025, cinnteofar go mbeidh aon chur chuige comhleanúnach amháin i gceist maidir leis an mbeartas cultúir seo ar fud an Rialtais agus maidir leis an bpleanáil agus an soláthar ar fud earnáil an chultúir.

Áirítear mar phríomhghníomhaíochtaí laistigh de Chultúr 2025:

  • Teacht níos mó a bheith ar na healaíona agus ar dheiseanna a bheith rannpháirteach iontu agus borradh a chur faoi thionscail cruthaitheachta na hÉireann;
  • Ag obair as lámh a chéile le cumas cruthaitheachta leanaí agus dhaoine óga uile na tíre a chothú;
  • Infheistíocht a dhéanamh sa Ghaeltacht agus tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge.
  • Tacaíocht a thabhairt do chultúr traidisiúnta agus aitheantas ar fud an domhain a bhaint amach do chultúir thraidisiúnta na hÉireann; 
  • Agus gnáthóga nádúrtha agus bithéagsúlacht na hÉireann a chosaint agus a chur chun cinn;

 

Mar bhonn agus mar thaca ag Cultúr 2025 tá gealltanas athnuaite an Rialtais dúbailt ar an gcistíocht phoiblí do chúrsaí ealaíne agus cultúir sa bhliain 2017 a thabhairt i gcrích faoin mbliain 2025,  ó €288m go dtí €576m.

Inniu dúirt an tAire Madigan:

"Is é cultúr na hÉireann, ar a shainiúla agus a iléagsúla atá, a thugann féiniúlachta dúinn mar dhaoine. Bíonn léiriú ar a bhfuil caite ann, múnlú ar a bhfuil faoi láthair agus tuar a mbeidh i ndán. Céad bliain ón tráth ar tharla an t-athbheochan cultúir a ghabh le gluaiseacht na réabhlóidíochta agus a bhí ina spreagadh le gluaiseacht na saoirse, is tráthúil anois, an aisling maidir lena bhfuil i ndán don chultúr a leagan amach.

Leagann Cultúr 2025 amach aisling fhor-réiseach agus an creatchóras don am atá romhainn agus tugtar cuntas achoimre ann ar phleananna gníomhaíochta. Mar bhonn agus mar thaca aige tá gealltanas an Rialtais leanúint den mhaoiniú atá ar fáil do chultúr, d'oidhreacht agus don Ghaeltacht a mhéadú, é a dhúbailt go €576m faoi 2025.  Cuireann seo leis an dul chun cinn atá déanta go dtí seo ar ionann sin agus méadú 24% ar mhaoiniú don chultúr ó 2017."

"Cuirfidh sé seo ar ár gcumas tacaíocht a thabhairt do chultúr na hÉireann ar fud an domhain agus infheistíocht shuntasach a dhéanamh i seirbhísí pobail sna healaíona, ó thaobh na Gaeilge de, agus na hearnála cruthaitheachta, oidhreachta agus closamhairc."

"Tá go leor bainte amach san earnáil cultúir le blianta beaga anuas ach is léir go bhfuil go leor fós le déanamh. Leagadh, le Cultúr 2025, plean oibre leathan amach ar an méid atá muid ag iarraidh a bhaint amach agus ar an méid atá le déanamh againn len é sin a dhéanamh. Is aitheantas ríthábhachtach é seo ón Rialtas ar an tábhacht a bhaineann le cultúr i saol phobal na tíre agus ar thiomantas an Rialtais tacaíocht a thabhairt d'earnáil an chultúir agus é a chur chun cinn sna blianta amach romhainn." 

 

CRÍOCH

 

Oifig Preasa agus Eolais

 

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Department of Culture, Heritage and the Gaeltacht Teil: 087 6737338 / (01) 631 3807 / 3909/ 3803 (díreach) Ríomhphost: press.office@chg.gov.ie Láithreán Gréasáin: www.chg.gov.ie Twitter: @DeptAHG Chun d’ainm a bhaint de liosta na ríomhphost, cliceáil  ANSEO.

 

Nóta d'Eagarthóirí

Is féidir theacht ar chóip den bheartas anseo

Ábhar an Bheartais

 

Aidhm

Tá de chuspóir bunúsach le Cultúr 2025 aon chur chuige comhleanúnach amháin a chinntiú maidir leis an mbeartas cultúir ar fud an rialtais agus leis an bpleanáil agus an soláthar ar fud earnáil an chultúir.

Trí Phrionsabail

Ta trí cinn de bhunphrionsabail ag rith le Cultúr 2025:

1)      Aitheantas d'Fhiúntas an Chultúir don Duine agus don tSochaí

2)      Bonn treise a chur faoi shaothrú na cruthaitheachta agus faoi rannpháirtíocht i gcúrsaí cultúir

3)      An Oidhreacht Cultúir a Chothú

Tiocfaidh beartas cultúir an Rialtais faoi anáil na bprionsabal sin, agus an dóigh go n-imreoidh siad tionchar ar gach uile ghné den saol againn, ar feadh ré feidhme Cultúr 2025. Dá réir sin, leagtar amach i gCultúr 2025 spriocanna earnála agus réimsí béime faoi leith de réir na gceannteideal sin.

Luachanna

Tá roinnt príomhluachanna áirithe mar bhonn agus thaca ag an mbeartas. Is iad sin:

•             Luach sainiúil an chultúir

•             An fiúntas atá leis na healaíona, an cultúr agus an oidhreacht i saol an duine agus i saol an phobail

•             An ceart atá ag an uile dhuine páirt a ghlacadh i saol cultúir agus i saol cruthaitheachta an náisiúin

  •          An fiúntas atá leis an gcruthaitheacht maidir le maitheas an duine agus an phobail

•             A thábhachtaí atá an Ghaeilge, ár n-oidhreacht chultúir, ár dtraidisiún béil, ár gcluichí agus ár gceol, agus a uathúla is atá ár gceantair Ghaeltachta.

•             An fiúntas atá le hiléagsúlacht cultúir a thagann faoi anáil na dtraidisiún agus na gcúlraí sóisialta a bhaineann le hÉirinn an lae inniu

•             An fiúntas atá leis an gcultúr mar mhodh chun réimeas níos inmharthana a thabhairt i gcrích in Éirinn, tríd an mbeartas eacnamaíochta, an beartas timpeallachta, an beartas sóisialta agus eile

•             Luach an chultúir maidir le hÉirinn a chur i láthair an domhain

Leagtar amach sa bheartas réimse leathan gníomhaíochtaí d'fhonn na bearta de réir na bprionsabal agus luachanna a leagtar amach sa Bheartas a thabhairt i gcrích. Is iad an Roinn, Institiúidí Náisiúnta Cultúir, an Chomhairle Ealaíon, agus cláir Roinne, lena n-áirítear Clár Éire Ildánach, Cultúr Éireann agus infheistíocht leanúnach i ngníomhaíochtaí agus bonneagar ealaíon ar fud na tíre, a dhéanfaidh na bearta seo a chur i gcrích. 

 

Maoiniú do na hEalaíona agus don Chultúr

Tá mar bhonn agus mar thaca ag an mbeartas cultúir chomh maith gealltanas chun tuilleadh acmhainní a chur ar fáil do na healaíona agus don oidhreacht, tacú le cultúr na Éireann ar an ardán domhanda agus feabhas a chur ar na struchtúir chistiúcháin le haghaidh infheistíocht a dhéanamh i seirbhísí náisiúnta agus áitiúla. Is ann a dhéantar aidhm an Rialtais a leagann amach ach go háirithe, is é sin dúbailt ar an gcistíocht phoiblí do chúrsaí ealaíne agus cultúir don bhliain 2017 a thabhairt i gcrích faoin mbliain 2025.