Foilsithe ar 

Deiseanna breise d’aos óg na Gaeltachta chun na healaíona dúchasacha a shealbhú

Ciste 3 bliana curtha ar fáil ag an Aire Kyne d’Ealaín na Gaeltachta don chéad uair
Cuireann an tAire Kyne fáilte roimh phlean oibre Ealaín na Gaeltachta ag cruinniú leis an eagraíocht i nGaoth Dobhair

Tá deiseanna breise d’aos óg na Gaeltachta chun na healaíona dúchasacha a shealbhú ar cheann de na príomhghnéithe atá beartaithe ag Ealaín na Gaeltachta chun na healaíona teanga-bhunaithe sa Ghaeltacht a chur chun cinn sa tréimhse trí bliana go dtí an scoilbhliain 2021/22.

Thug an eagraíocht léargas inniu don Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin Seán Kyne. T.D  agus é ar chuairt ar  Ghaeltacht Dhún na nGall.

Cheadaigh an tAire Stáit allúntas €1.275m in iomlán d’Ealaín na Gaeltachta le gairid chun clár oibre atá comhaontaithe lena Roinn a chur chun cinn chun leas a bhaint as na healaíona teanga-bhunaithe sa Ghaeltacht. Is méadú suntasach é seo ar mhaoiniú na heagraíochta, agus is é seo an chéad uair a bhfuil ciste 3 bliana curtha ar fáil dóibh.

I measc na bpríomhrudaí a ndéanfar leis an gciste 3 bliana atá curtha ar fáil don eagraíocht, tá a leanas:

  • ranganna sna healaíona teanga-bhunaithe a sholáthar i nGaeltacht na Gaillimhe;
  • ranganna a sholáthar trí Scoil Cheoil na Crannóige i nGaeltacht Dhún na nGall a riar
  • ranganna a sholáthar i suas le 5 bhunscoil i nGaeltacht Dhún na nGall
  • ranganna/seirbhísí a chur ar fáil i 6 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta (LPT) eile
  • deiseanna oiliúna agus forbartha breise a chur ar fáil in LPT éagsúla ar fud na Gaeltachta; agus
  • beirt chomhordaitheoirí (duine amháin lánaimseartha agus duine ar bhonn páirtaimseartha i gConamara a fhostú chomh maith le comhordaitheoir a fhostú  go lánaimseartha sa Chrannóg) chun an clár iomlán a riar, 
  • comhordaitheoir ealaíne a fhostú in Ionad Cultúrtha Bhaile Bhuirne i nGaeltacht Mhúscraí.

Ag tagairt don chlár oibre agus don chruinniú a bhí aige le hEalaín na Gaeltachta, dúirt an tAire Stáit Kyne: “Tá áthas orm a bheith in ann clár maoinithe 3 bliana a chur ar fáil d’Ealaín na Gaeltachta - ciste go deimhin atá níos airde ná an t-allúntas a cuireadh ar fáil sna blianta roimhe seo. Mar gheall ar an obair fhónta atá beartaithe ag an eagraíocht, tabharfar níos mó cúnaimh le raon leathan tacaíochtaí a chur ar fáil sa Ghaeltacht – atá dírithe den chuid is mó ar aos óg na Gaeltachta - rud a chabhróidh níos mó, ar ndóigh, le feidhmiú rathúil an phróisis pleanála teanga agus go deimhin an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta.

Sheol mé próiseas comhairliúcháin phoiblí ag Oireachtas na Samhna le gairid, próiseas atá ar bun anois agus atá ar an gcéad chéim i dtreo straitéis do na healaíona teanga-bhunaithe a ullmhú, straitéis atá á hullmhú ag mo Roinn i gcomhar le páirtithe leasmhara. Táimid ag tabhairt faoin obair seo chun go mbeifear in ann pleanáil níos fearr a dhéanamh chun tús a chur leis na bealaí a d’fheadfaí breis tacaíochta a thabhairt do na healaíona teanga-bhunaithe sa Ghaeltacht ar bhonn straitéiseach sa tréimhse amach romhainn. Táim ag súil le toradh na hoibre atá idir lámha faoi láthair a fheiceáil.”

Ag tagairt don mhaoiniú seo, dúirt Cathal Goan, ball de Choiste Stiúrtha Ealaín na Gaeltachta;

Fáiltíonn Ealaín na Gaeltachta roimh an maoiniú breise seo.  Tá an fhoireann cheart earcaithe anois againn agus struchtúr cuí curtha i bhfearas againn, mar sin cuirfidh na hacmhainní breise seo ar ár gcumas deiseanna níos fearr don fhoghlaim agus don oiliúint a sholáthar d'aos óg na Gaeltachta agus iad i mbun na n-ealaíon dúchasach.  Táimid ag súil go bhfágfaidh an maoiniú méadaithe seo rian feiceálach ar chleachtas na n-ealaíon sin fud fad na Gaeltachta go ceann i bhfad.

Dúirt Mairéad Ní Mhaonaigh, ceoltóir agus amhránaí le Altan, a bhí i láthair ag an ócáid:

Mar cheoltóir lán-aimseartha agus teagascóir, fáiltím roimh an tacaíocht seo chun na healaíona dúchasacha a chaomhnú. Ó thosaigh m’athair féin ag teagasc ceoil go deonach i gceantar Gaeltachta Iar-Thuaisceart Dhún na nGall agus mé féin anois ag teagasc ceoil i scoileanna an cheantair agus sa Chrannóg, tuigim na deiseanna a thugann an maoiniú seo don aos óg agus go gcinntíonn sé fosta go mbeidh na healaíona dúchasacha á seachadadh ó ghlúin go glúin.

Is mar thaca faoi leith d’fheidhmiú ghníomh 2.12 de Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge atá an maoiniú seo á chur ar fáil.