Foilsithe ar 

Deontas d’os cionn €680,000 ceadaithe ag an Aire Stáit Kyne do Scéimeanna Ghlór na nGael

  • Aitheantas speisialta do chur cinn na Gaeilge i gClubanna CLG
  • Tacaíocht do theaghlaigh atá ag tógáil páistí le Gaeilge

D’fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin inniu go bhfuil deontas €683,677 ceadaithe aige do Ghlór na nGael don tréimhse 2019-2022 chun Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha agus an scéim Teanga Tí a fhorbairt. 

Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid Chumann Lúthchleas Gael (CLG) í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha do chlubanna CLG a chuireann an Ghaeilge chun cinn.  Cuireann an fhondúireacht deontais ar fáil do chumainn chláraithe a n-éiríonn leo méid áirithe gníomhaíochtaí a chur i gcrích.  D’fhéadfaí bonn Sheosaimh Mhic Dhonncha a bhronnadh ar chlubanna chomh maith as líon áirithe de na 70 gníomh atá leagtha síos a bhaint amach i dtaobh na teanga.  Is comhartha aitheantais é seo ar an dea-obair a dhéanann na clubanna.

Faoin Scéim Teanga Tí, atá faoi chúram Ghlór na nGael agus Ghaeloideachas Teo, féachtar le gréasáin de theaghlaigh a bhfuil Gaeilge acu i bpobalscoileanna Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a fhorbairt.  Tugtar tacaíocht agus spreagadh faoin scéim seo do theaghlaigh a bhfuil páistí acu sna naíonáin shinsearacha agus ar mian leo a bpáistí a thógáil le Gaeilge.  Beidh imeachtaí lán-Ghaeilge á gcur ar fáil do na teaghlaigh seo.

Ag fógairt an mhaoinithe dúirt an tAire Stáit:

Is ábhar bróid dom é go bhfuil ar chumas mo Roinne an maoiniú seo a chur ar fáil chun tacú leis an dá scéim fhiúntacha seo. Tá obair cheannródaíoch ar bun ag Cumann Lúthchleas Gael ar mhaithe leis an teanga, agus tá súil agam go mbeidh níos mó clubanna ag tabhairt faoi aitheantas a bhaint amach faoi Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha sna blianta amach romhainn.

Tá easpa deiseanna an Ghaeilge a úsáid taobh amuigh den chóras oideachais ar cheann de na fadhbanna móra a bhíonn ag teaghlaigh atá ag iarraidh an teanga a úsáid agus a gclann a thógáil le Gaeilge.  Tá súil agam go mbeidh an scéim Teanga Tí ina tacaíocht ag na daoine sin, agus go dtabharfaidh sí deis dóibh an Ghaeilge a shaibhriú i measc an aosa óig.