Foilsithe ar 

Deontas €17,962 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Chumann Lúthchleas Gael Bhéal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo, chun eangacha agus sconsa úr a thógáil ar na páirceanna imeartha

D’fhógair Joe McHugh T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, inniu (Dé Céadaoin 11 Aibreán) go bhfuil deontas €17,962 ceadaithe aige do Chumann Lúthchleas Gael Bhéal an Mhuirthid chun cuidiú leo eangacha cóiméad liathróide agus sconsa úra a thógáil ar na páirceanna imeartha.

Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit go raibh an-áthas air an cúnamh seo a chur ar fáil don chumann gníomhach seo. Dúirt sé go mbeadh na háiseanna curtha ar fáil do mhuintir an cheantair, idir óg agus aosta, do pháistí scoile agus do chlubanna áitiúla.

Is faoi réimse gnímh An Ghaeltacht de chuid na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an deontas á cheadú.