Foilsithe ar 

D’fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan T.D., inniu an 11 Aibreán 2018, maoiniú €882,000 d’ealaíona na hÉireann ar fud an domhain

Tá an-áthas ar an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, maoiniú €882,000 a lamháil do Chultúr Éireann chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain in 2018. Cumasóidh €423,000 san iomlán do 99 n-ealaíontóir agus eagraíocht ealaíne Éireannacha tionscadail a thíolacadh, a chlúdaíonn sorcais, rince, scannán, litríocht, ceol, amharclann agus amharcealaíona i 38 dtír éagsúla agus tógáil ar cháil láidir na hÉireann maidir le cruthaitheacht. Lamháiltear duaiseanna breise €459,000 ar fad i leith léirithe ag ealaíontóirí Éireannacha agus eagraíochtaí ealaíon mar chuid de Chlár Chultúr Éireann GB18, clár bliana d’ealaíona na hÉireann sa Bhreatain Mhór.

Agus í ag fógairt na ndámhachtainí dúirt an tAire Madigan:

“Treisítear cáil cruthaitheachta na hÉireann nuair a léiríonn ár n-ealaíontóirí a saothar ar fud an domhain ag féilte agus ionaid. Is ambasadóirí na hÉireann iad na healaíontóirí idir scríbhneoirí aonair agus amharclann mhór, agus is léir a rath trí lucht féachana méadaithe ealaíona na hÉireann.”

I measc buaicphointí na dtionscadal atá á maoiniú sa bhabhta seo tá léiriú Dead Centre de Hamlet, atá i mbun turas idirnáisiúnta go dtí na Stáit Aontaithe, an Astráil agus an tSín san Fhómhar, na chéad turais idirnáisiúnta i gcás “The Humours of Bandon” Fishamble go Ceanada i mBealtaine agus “Eggsistentialism” le Joanne Ryan go dtí an Astráil, agus tháinig an dá cheann sin as clár Showcase Dhún Éideann 2017 Chultúr Éireann. Beidh scríbhneoirí Éireannacha le feiscint ag príomhfhéilte idirnáisiúnta lena n-áirítear Sydney Writers Festival, an Astráil agus féilte sa tSeapáin, san Afraic Theas agus in California.

Ceadaíodh maoiniú freisin i leith clár imeachtaí ag ceiliúradh 100 bliain de neamhspleáchas san Eastóin, ag cur béim ar naisc chultúrtha agus ag ceiliúradh 30 bliain de mhalartú ceoil uathúil na hÉireann. I measc mhórthaispeántas an cheoil traidisiúnta agus nua-cheol na hÉireann sna Stáit Aontaithe, Socks in the Frying Pan ó Iúil go Meán Fómhair, agus Cúig a sheinnfidh ag féilte Éireannacha Samhraidh den chéad uair, tabharfaidh Trio Mháirtín O'Connor cuairt seachtaine ar Cheanada i Lúnasa agus The Outside Track lena meascán uathúil de cheol agus damhsa cuairt ar Cheanada agus ar na Stáit Aontaithe.

Áirítear ar Chlár Chultúr Éireann GB18 atá ag iarraidh naisc chultúrtha agus ealaíne a athnuachan idir Alba, an Bhreatain Bheag agus Sasana trí chlár feabhsaithe imeachtaí ceadaithe gníomhaíochta

Cur i láthair Éigse Éireann ar “A Further Shore - The Journey to Good Friday, 1998” ag an Barbican in Aibreán chun 20ú cothrom lae Chomhaontú Aoine an Chéasta a chomóradh, agus léiriú aonair Colin Dunne, Ceolchoirm i nGlaschú agus ag an Barbican i Londain.

Féach www.cultureireland.ie for the full list of Spring grant round and details and updates of the Culture Ireland GB18 programme are available on www.cultureireland.ie/gb18