Foilsithe ar 

Fáilte á fearadh ag an Aire Madigan roimh an Lánúin Ríoga, Prionsa na Breataine Bige agus Bandiúc Chorn na Breataine, go Páirc Náisiúnta Chill Airne

Cuirfidh an tAire Josepha Madigan, fáilte inniu roimh an Lánúin Ríoga, Prionsa na Breataine Bige agus a bhean chéile, Bandiúc Chorn na Breataine, go Páirc Náisiúnta Chill Airne, Co. Chiarraí.  Tá an chuairt seo mar chuid de thuras dhá lá na Lánúine Ríoga ar Éirinn. Tabharfaidh an Lánúin Ríoga cuairt ar Thithe Mhucrois agus Chill Airne agus iad sa Pháirc Náisiúnta.

Ag labhairt di roimh an gcuairt, dúirt an tAire Madigan:

Is cúis mhór pléisiúir dom gurb é Páirc Náisiúnta Chill Airne an pointe deiridh ar thuras na Lánúine Ríoga, agus cuimseofar ansin cuairt ar Theach Mhucrois agus ar Theach Chill Airne araon. Breis agus céad caoga bliain ó shin, tháinig an Bhanríon Victoria, a fear céile Albert agus a clann chuig Cill Airne ar an traein. An chéad oíche, d’fhan sí i dTeach Neidín a sheas ar na tailte seo fadó. Is ionann Teach Chill Airne an lae inniu agus stáblaí Theach Neidín tráth dá raibh. Ina dhiaidh sin rachadh an Bhanríon agus a teaghlach chun fanacht i dTeach Mhucrois. 

Is cúis áthais dom gur lean an Lánúin Ríoga lorg na Banríona Victoria. Tá Cill Airne ar cheann de na háiteanna is áille ar domhan agus, mar Aire a bhfuil freagracht uirthi as an bPáirc Náisiúnta seo, is cúis ar leith bróid dom na “Geataí Órga” seo chuig ár sárshaothar nádúir a oscailt do chuairteoirí chomh mór le rá dá leithéidí.