Foilsithe ar 

Fáilte curtha ag an Aire Madigan roimh athoscailt na nInstitiúidí Náisiúnta Cultúir mar chuid den Phlean Oibre leis an tSochaí agus Gnóthaí a Athoscailt

D’fhógair Josepha Madigan T.D., an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta inniu go bhfuil sé cinn dár nInstitiúidí Náisiúnta Cultúir ag athoscailt ar fad nó go pointe áirithe don phobal mar chuid de Phlean Oibre an Rialtais leis an tSochaí agus Gnóthaí a Athoscailt ón 29 Meitheamh 2020, agus osclóidh Áras Nua-Ealaíne na hÉireann arís an 30 Meitheamh.

Is iad seo a leanas na hinstitiúidí a bheidh á n-athoscailt ón 29 Meitheamh:

  • Ard-Mhúsaem na hÉireann (Ealaíona Maisiúla & Stair, Dún Uí Choileáin, agus Saol na Tuaithe, Teach Pháirc Thurlaigh)
  • Gailearaí Ealaíne Crawford, Corcaigh
  • Leabharlann Chester Beatty
  • Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
  • An Chartlann Náisiúnta
  • Gailearaí Náisiúnta na hÉireann

Osclóidh Ard-mhúsaem na hÉireann Stair an Dúlra agus Seandálaíocht ar an 20 Iúil. Osclóidh An Ceoláras Náisiúnta agus Amharclann na Mainistreach ar dháta níos déanaí.

Dúirt an tAire inniu:

Tá an-áthas orm go bhfuil sé cinn d'Institiúidí Náisiúnta Cultúir na tíre ag athoscailt ar fad nó go pointe áirithe don phobal ó Dé Luain seo chugainn ar aghaidh agus déanfar an seachtú ceann - Áras Nua-Ealaíne na hÉireann - a oscailt arís Dé Máirt. Is iontach an jab atá déanta ag Institiúidí Náisiúnta Cultúir na tíre maidir leis an bhfreagra a thugadar ar ghéarchéim Covid trí ábhar den chaighdeán is airde a chur ar fáil ar líne ar a gcuid láithreán gréasáin ó cuireadh tús le tréimhse na dianghlasála an 12 Márta. Níl dabht ar bith ach nach mbuailfeadh dada a bheith ábalta cuairt a thabhairt ar ghailearaí, ar leabharlann, nó ar iarsmalann agus molaim na hinstitiúidí ar fad as an obair chrua atá déanta acu chun é seo a éascú!

Tá athrú mór tagtha ar an domhan ó thosaigh géarchéim Covid agus bhí ar institiúidí cultúir na tíre bearta a ghlacadh chomh maith chun a chinntiú go mbeadh cuairteoirí agus an fhoireann slán sábháilte i ndiaidh dóibh oscailt arís. Cé go bhfuil seans ann nach mbeidh teacht ag cuairteoirí ar na bailiúcháin ná ar na gailearaithe ar fad are feadh tamall gairid, táim cinnte go mbainfidh cuairteoirí ar na hinstitiúidí tairbhe as.

Cé go bhfuil dúshláin ar leith ag an gCeoláras Náisiúnta agus ag Amharclann na Mainistreach, táim ag súil go mbeifear ábalta iad a athoscailt don phobal ar dháta níos déanaí.

Tá sonraí na hathoscailte do gach aon Institiúid Cultúir le fáil ar a gcuid láithreán gréasáin féin agus tá na naisc chuig na láithreáin gréasáin sin leagtha amach thíos.