Foilsithe ar 

Fáilte curtha ag an Aire Madigan roimh chraoladh chlár faisnéise nua Scoileanna Ildánacha

Is clár faisnéise é Creative Kids a dhéanann ceiliúradh ar thionscnamh Scoileanna Ildánacha Chlár Éire Ildánach agus beidh sé á chraoladh Dé Domhnaigh an 3 Bealtaine ar RTÉ One ag 6.30pm

Chuir an tAire Madigan fáilte freisin roimh an síneadh atá curtha ag an gComhairle Ealaíon leis an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais i ndáil leis an gcéad bhabhta eile de thionscnamh Scoileanna Ildánacha go dtí an 25 Meitheamh 2020.

Tá sonraí maidir le craoladh Creative Kids, clár faisnéise nua, fógartha ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan inniu (an 30 Aibreán 2020) a bheidh á chraoladh Dé Domhnaigh an 3 Bealtaine ag 6.30pm ar bhealach teilifíse RTÉ One.

Dúirt an tAire Madigan inniu:

Is príomhthionscnamh de chuid Chlár Éire Ildánach é Scoileanna Ildánacha – ceann de réimse tionscnamh a bhfuil mar aidhm leo tacaíocht a thabhairt maidir le cumas cruthaitheachta gach páiste agus duine óg in Éirinn a chumasú sa bhaile, sa phobal agus sna scoileanna. Le roinnt blianta anuas tá tacaíocht tugtha againn do na céadta scoileanna ar fud na tíre d'fhonn tús a chur lena n-aistear cruthaitheachta agus is cinnte go n-éiríonn leis an gclár faisnéise seo - a choimisiúnaigh Clár Éire Ildánach - a gcuid taithí a léiriú ar an scáileán mar aon lena rath a chur in iúl.

Insítear sa chlár faisnéise seo scéal cúig scoil atá ag glacadh páirt i Scoileanna Ildánacha – tionscnamh de chuid Chlár Éire Ildánach a bhfuil mar aidhm leis iarracht a dhéanamh tacú le scoileanna glacadh go fonnmhar leis na healaíona agus an chruthaitheacht agus iad a cheiliúradh agus a chinntiú go mbeidh taithí dearfach agus toradh láidir i gceist do gach dalta a ghlacann páirt mar aon le caidrimh idir scoileanna agus pobail na n-ealaíon, an chultúir agus na cruthaitheachta a neartú. Faoi threoir na Comhairle Ealaíon le tacaíocht ón Roinn Cultúir Oidhreachta agus Gaeltachta, an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige atá an tionscnamh.

Dúirt an tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh TD:

Cuireann tionscnamh Scoileanna Ildánacha - ceann d'iomaí tionscnamh atá ag tacú leis an gcruthaitheacht laistigh den chóras oideachais - ar ár gcumas soláthar níos iomláine a dhéanamh maidir leis an uaillmhian atá againn tacú le hacmhainn na cruthaitheachta laistigh de phobail scoile na tíre chun go mbeidh teacht ag gach leanbh agus duine óg in Éirinn ar fhoghlaim sna healaíona cruthaitheacha, mar chuid d'oideachas iomlán agus cuimsitheach. Tugann Creative Kids léargas ar thaithí cúig scoil agus iad ag tabhairt na huaillmhéine sin chun fíre.

Chuir an tAire Madigan fáilte chomh maith roimh chinneadh na Comhairle Ealaíon le déanaí síneadh a chur leis an gcéad bhabhta eile maidir le hiarratais ar thionscnamh Scoileanna Ildánacha i bhfianaise na srianta reatha sláinte poiblí agus níos mó ama a thabhairt do scoileanna a n-iarratas a chomhlánú.

Dúirt Maureen Kennelly, Stiúrthóir ar an gComhairle Ealaíon, agus an síneadh atá curtha leis an spriocdháta á dheimhniú aici:

Mar a fheicfidh gach uile dhuine sa chlár faisnéise iontach seo, tá ag éirí thar barr le Scoileanna Ildánacha cheana féin agus athrú déanta ar shaol na gcéadta duine óg ar fud réimse leathan scoileanna ar fud na tíre mar thoradh air. Tá an-bhród ar an gComhairle Ealaíon an clár seo a chur ar fáil, agus mholfaimis go láidir do phríomhoidí agus do mhúinteoirí iarratas a dhéanamh chun go mbeidh a gcuid scoileanna ábalta páirt a ghlacadh i Scoileanna Ildánacha. Tá síneadh curtha leis an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais go dtí an 25 Meitheamh 2020.