Foilsithe ar 

Fáiltíonn an tAire Madigan roimh Chiontú Lucht Gaistithe Lasracha Coille Laoise

D’fháiltigh an tAire Madigan inniu roimh an gciontú a rinneadh ar an 20 Iúil i gCúirt Dúiche Phort Laoise ar bheirt fhear as cúisimh maidir le lasracha coille fiáine faoi chosaint a ghabháil i ngaiste agus a shealbhú.

Agus í ag fáiltiú roimh an gciontú, dúirt an tAire Madigan,

Ba cheart go mbeadh toradh an cháis seo ina dhíspreagadh do dhaoine atá páirteach sna gníomhaíochtaí mídhleathacha gránna seo. Léiríonn sé go ndéanfaidh an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra reachtaíocht fiadhúlra a fhorghníomhú go gníomhach chun cuidiú le caomhnú ár speiceas fiáin.

Ar an Aoine, 20 Iúíl, bhí an bheirt fhear os comhair Chúirt Dúiche Phort Laoise mar go raibh cúisiú á dhéanamh orthu as lasracha coille fiáine faoi chosaint a ghabháil i ngaiste agus a shealbhú. Agus iad i láthair os comhair na cúirte, cuireadh i leith duine acu go ndearna sé lasracha coille fiáine a chur i ngaiste agus go raibh lasracha coille ina sheilbh aige agus go raibh gliú francach, ar substaint choiscthe é, ina sheilbh aige chomh maith. Bhí a chomhchúisí os comhair na cúirte freisin agus cúisiú á dhéanamh air as na cúisimh céanna, mar aon le cúiseamh amháin eile, is é sin cabhrú agus neartú leis na gníomhaíochtaí sin.

Dúradh leis an gcúirt go raibh 22 lasair choille fhiáin, 2 fheadán gliú francach agus gairis eile a d’fhéadfaí a úsáid le héin fhiáine faoi chosaint a ghabháil ina sealbh ag an mbeirt cúisithe Agus sonraí an cháis á mhíniú aige don Bhreitheamh Catherine Staines, d’inis Kieran Buckley ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra leis an gCúirt go ndearnadh an láthair a chuardach faoi bharántas le triúir oifigeach eile ón SPNF, a raibh Gardaí ó Phort Laoise ag cuidiú leo. Dúradh leis an gCúirt go raibh strus ar na lasracha coille go léir agus go raibh drochbhail ar an áit ina raibh siad á gcoimeád. Chomh maith leis sin, cuireadh clár cearnógach a raibh iarsmaí lasrach coille mairbhe greamaithe le gliú ar a bharr os comhair na cúirte mar fianaise. Duradh leis an gcúirt gur cuireadh síolta éan ar an gclár chun na lasracha coille a mhealladh chuige agus gur baineadh leas as an ngliú francach chun na lasracha coille a ghreamú ar an gclár. Agus coimriú á dhéanamh aige ar an gcás, dúirt an tUas. Buckley maidir leis an lasair choille mharbh a fuarthas ar an gclár, go raibh seans ann gur phlúch sí í féin agus iarracht á déanamh aici í féin a shaoradh. Chiontaigh an breitheamh an chéad chúisí as gach ceann de na trí chúiseamh agus chuir sí toirmisc saoil air éin a choimeád agus ghearr sí tréimhse phríosúnachta trí mhí air, ar fionraí go ceann 1 bhliain amháin. Ciontaíodh an comhchúisí as na cúisimh go léir chomh maith agus gearradh fíneáil €100 air.
Thacaigh an tAire Madigan leis an méid a bhí le rá ag an Breitheamh Catherine Staines, a dúirt gur ghníomhartha éigialta cruálachta iad na cionta ar éin fhiáine dhearóile atá faoi chosaint ag an dlí, agus ghabh sí buíochas leis an obair gan stad a rinne a foireann san SPNF agus an Garda Síochána chun na coirpigh seo a thabhairt chun an dlí.