Foilsithe ar 

Fáiltíonn an tAire McHugh roimh thuairimí ar threo an pholasaí agus an chleachtais sa todhchaí maidir le deonú díolúintí ó staidéar ar an nGaeilge i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna

Foilsíonn an tAire Páipéar Comhairliúcháin: Treo an Pholasaí sa Todhchaí maidir le Díolúintí ó Staidéar ar an nGaeilge ina bhfuil dréacht-chiorcláin athbhreithnithe do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna

Sheol an tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh T.D. comhairliúchán poiblí inniu lena lorgaítear tuairimí ó na geallsealbhóirí go léir faoin treo a rachfar amach anseo maidir díolúintí ó staidéar na Gaeilge a dheonú.

De bharr go n-aithnítear tábhacht theangeolaíoch, shóisialta agus chultúrtha ár dteanga náisiúnta, tá an Ghaeilge ina croí-ábhar sna curaclaim náisiúnta do bhunscoileanna, d’iar-bhunscoileanna agus d’ionaid don oideachas aitheanta.

Is mar sin atá an scéal ó bhunú an Stáit agus d’atreisigh an Stát an tábhacht atá le teagasc na Gaeilge roinnt uaireanta ó shin, an uair is deireanaí sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018 – 2022.

Tá na socruithe reatha chun díolúintí ó staidéar na Gaeilge a dheonú ann le 25 bliana anuas, nach mór. Tá forbairt shuntasach tagtha i rith an ama seo ar ár dtuiscint ar an tslí a bhfoghlaimíonn páistí agus go háirithe ar riachtanais speisialta oideachais na bpáistí, agus ar bhuntáistí an dátheangachais.

De réir mar atá curaclaim teanga nua agus leasuithe oideachais eile á gcur i bhfeidhm tá sé in am dúinn ag an bpointe seo ár machnamh a dhéanamh ar shocruithe níos iomchuí chun tacú le teagasc agus foghlaim na Gaeilge agus an Bhéarla agus, ag an am céanna, freastal ar gach páiste i dtimpeallacht foghlama ionchuimsitheach.

Faoi Chiorcláin a breacadh sna 1990aidí, tarmligeadh an t-údarás díolúintí ó staidéar na Gaeilge a dheonú do scoileanna.

Tháinig sé chun solais i dtaighde a rinneadh ar an gcleachtas a ghabhann le deonú na díolúintí ó staidéar na Gaeilge go mbíonn deacrachtaí ag príomhoidí scoile i ndáil le téarmaí na gCiorclán a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm. Mar thoradh, bíonn éiginteacht agus easpa comhsheasmhachta ag roinnt le cur i bhfeidhm na dtéarmaí agus uaireanta deonaítear díolúintí ar bhonn mícheart.

Lena chois sin, taispeánann an taighde, mar shampla, gur minic a luaitear catagóirí riachtanais oideachais speisialta nach bhfuil san áireamh sna Ciorcláin, mar aon le riochtaí eile a ghabhann leo, mar fhorais do dhíolúine. Leanann roinnt scoláirí ag a bhfuil díolúine ó staidéar na Gaeilge orthu ag déanamh staidéir nuatheanga iasachta i gcomhair scrúduithe Stáit.

Agus an próiseas comhairliúcháin á sheoladh aige, dúirt an tAire McHugh:

Tá a lán athruithe tarlaithe in Éirinn le 25 bliana anuas, sa tsochaí i gcoitinne agus ar fud an chórais oideachais araon. Ní mór dúinn a chinntiú go dtugtar deis dár bpáistí go léir a bheith i dteagmháil lenár dteanga dhúchais agus lenár gcultúr dúchais de réir a gcumais.

Sa Pháipéar Comhairliúcháin tá dréacht-chiorcláin athbhreithnithe do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna ina gcuirtear i láthair na príomh-athruithe beartaithe ar an bpróiseas, ar na cúinsí agus ar na critéir chun díolúintí ó staidéar na Gaeilge a dheonú. Fáilteofar roimh thuairimí ó gheallsealbhóirí chun freagairt do na hathruithe beartaithe seo i suirbhé ar líne.

Dúirt an tAire McHugh chomh maith:

Is mór ag an Roinn Oideachais agus Scileanna tuairimí an phobail a fháil mar chuid d’fhorbairt pholasaí. Fáilteofar go háirithe roimh thuairimí uathu siúd go léir lena mbaineann; daltaí agus scoláirí, tuismitheoirí/caomhnóirí, múinteoirí, bainistíocht scoile, ceardchumainn mhúinteoirí agus gairmithe atá ag tacú le soláthar oideachais chomh maith le baill an phobail i gcoitinne. Ba chóir go gcuirfeadh na ciorcláin athbhreithnithe deireadh le haon débhríocht i bpróisis agus i gcleachtais a bhaineann le díolúintí agus go mbeadh na critéir chun díolúine ó staidéar na Gaeilge a dheonú do dhaltaí/scoláirí á gcur i bhfeidhm ar shlí níos córa agus níos cothroime.

Leanfar den bpróiseas comhairliúcháin go deireadh an lae Dé hAoine, 11 Eanáir 2019.


Nótaí don Eagarthóir

· Tá an Tuarascáil Taighde: Athbhreithniú ar Bheartas agus ar Chleachtas maidir le Díolúintí ó Staidéar ar na nGaeilge agus

· An Páipéar Comhairliúcháin: Treo an Pholasaí sa Todhchaí maidir le Díolúintí ó Staidéar ar an nGaeilge agus

· An Suirbhé

ar fáil anseo https://www.education.ie/ga/Tuismitheoirí/Eolas/Díolúine-ón-nGaeilge/Díolúine-ón-Gaeilge.html

Cuirtear an suirbhé ar líne i láthair ina dhá Roinn:

· I Roinn 1 iarrtar ar rannpháirtithe freagairt do na príomh-athruithe beartaithe agus

· I Roinn 2 tugtar cuireadh d’fhreafróirí a gcuid tuairimí a roinnt ar ghnéithe de na dréacht-chiorcláin athbhreithnithe. Beidh torthaí an phróisis chomhairliúcháin mar bhonn eolais ag na ciorcláin nua faoina gceadófar díolúintí ó staidéar na Gaeilge ag an leibhéal bunscoile agus na h-iarbhunscoile.


Na príomh-athruithe beartaithe sna dréacht-chiorcláin athbhreithnithe maidir le díolúintí ó staidéar na Gaeilge

An teanga teagaisc sa scoil
Tá na dréacht-chiorcláin athbhreithnithe le cur i bhfeidhm i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla amháin toisc nach mór do scoláirí atá rollaithe i scoileanna agus i suímh lán-Ghaeilge tabhairt faoi staidéar na Gaeilge chun gur féidir leo rochtain a dhéanamh ar an gcuid eile den gcuraclam.

Scoileanna agus ranganna speisialta
Sna dréacht-chiorcláin athbhreithnithe cuirtear in iúl go sainráite nach mbeidh ar scoláirí i scoileanna ná i ranganna speisialta atá nasctha le scoileanna príomhshrutha iarratas a dhéanamh ar dhíolúine. Leanfar de bheith ag tabhairt aitheantais d’uathriail agus lánrogha na n-údarás scoile i dtaobh curaclam a chur le chéile chun freastal ar riachtanais scoláirí aonair ar an tslí is fearr is féidir.

Na cúinsí ina bhféadfaí díolúintí a dheonú agus na critéir a bhaineann leo
Athraíodh na critéir a bhaineann le haois ó 11 bhliain d’aois go 12 bhliain d’aois i gcás scoláirí:
a.) a fuair a gcuid oideachais suas go 12 bhliain d’aois nó an bhliain dheireanach dá b(h)unoideachas lasmuigh den stát
b.) a bhí rollaithe mar scoláirí aitheanta i mbunscoileanna roimhe seo agus atá á n-ath-rollú tar éis tréimhse a chaitheamh thar lear, ar choinníoll go bhfuil trí bliana as a chéile caite ar a laghad ó bhí sé/sí rollaithe sa stát roimhe agus atá 12 bhliain d’aois ar a laghad tráth an ath-rollaithe.

Scoláirí ag a bhfuil deacrachtaí foghlama suntasacha
Sna dréacht-chiorcláin athbhreithnithe leagtar amach gur féidir díolúine a dheonú i gcúinsí ina bhfuil deacrachtaí foghlama suntasacha ag scoláirí atá dianseasmhach bíodh is go raibh rochtain acu ar chur chuige difreáilte i leith teanga agus litearthachta i gcaitheamh ama. Má tharlaíonn a leithéid, d’fhéadfaí iarratas ar dhíolúine a bhreithniú más rud é go bhfuil rang a trí ar a laghad bainte amach ag an scoláire agus má bhaineann sé/sí Scór Caighdeánaithe amach i dtástáil scoite i Léitheoireacht Focal nó i Léamhthuiscint ag/faoi bhun an 10ú peircintíl.

Measúnuithe Síceolaíochta
Ní húsáidtear Sainuimhir Intleachta mheánach/thar an meán a thuilleadh mar shonraitheoir diagnóiseach. De réir na ndréacht-chiorclán athbhreithnithe ní bheidh gá le measúnuithe síceolaíochta a thuilleadh chun iarratais ar dhíolúine ó staidéar na Gaeilge a phróiseáil.

Sásra achomhairc
Déantar foráil sna dréacht-chiorcláin athbhreithnithe le aghaidh achomhairc má dhiúltaíonn scoil díolúine ó staidéar na Gaeilge a dheonú ag an leibhéal áitiúil.