Foilsithe ar 

Fáiltíonn an tAire Stáit McHugh roimh leithdháiltí na cáinaisnéise don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin do 2019

Ráiteas ó Phríomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh

Mar Aire Stáit don Ghaeilge, do na ceantair Ghaeltachta agus dár n-oileáin, tuigim go rímhaith an dualgas atá orm úsáid na Gaeilge ar fud na tíre a chosaint agus a fheabhsú.
I ndiaidh an ratha a bhí ar Bhliain na Gaeilge 2018, fáiltím roimh an mhaoiniú breise de €5m atá á leithdháileadh do mo Roinn do mo réimse freagrachta i gCainaisnéis 2019 a fógraíodh inniu. Leis seo is fiú €67.5m an méid airgid a bheidh le caitheamh sa réimse seo in 2019.

San áireamh i mo chuid pleananna don bhliain seo chugainn tá:

  • €0.6m sa bhreis chun tacú leis an Phróiseas Pleanála Teanga dá ndéantar foráil in Acht na Gaeltachta 2012;
  • €1.5m i maoiniú caipitil breise le haghaidh Údarás na Gaeltachta chun infheistíocht a dhéanamh i gcoinneáil agus i gcruthú post i gceantair Ghaeltachta, agus nuair a chuirtear an méid sin san áireamh is ionann leithdháileadh caipitil na heagraíochta sin agus €8.5m;
  • Leithdháileadh breise de €0.5m do Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta mo Roinne chun tacú tuilleadh le Próiseas Pleanála Teanga na Gaeltachta.
  • Méadú €0.5m le haghaidh an Údaráis, chun tacaíocht a thabhairt do chomharchumainn Ghaeltachta agus eagraíochtaí forbartha pobail Gaeltachta go príomha;
  • Leithdháileadh breise de €580,000 le haghaidh Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge mo Roinne lasmuigh den Ghaeltacht.
  • Leithdháileadh breise de €1.5m chun forbairt a dhéanamh ar infreastruchtúr na gcuan a fhreastalaíonn ar Oileáin Árainn agus ar Thoraigh agus chun seirbhísí ríthábhachtacha iompair chuig na hoileáin a sholáthar.