Foilsithe ar 

Fógartha ag an Aire Madigan go bhfuil leabhar agra-chomhshaoil seolta

Tá sé fógartha ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan, T.D. go bhfuil leabhar nua seolta a bhaineann le cúrsaí talmhaíochta agus comhshaoil dar teideal ‘Farming for Nature’ The Role of Results-Based Payments’ arna fhoilsiú ag Seirbhís Páirceanna Náisiúnta & Fiadhúlra na Roinne agus ag Teagasc. 

D’fháiltigh an tAire Madigan roimh fhoilsiú an leabhair ag a Roinn:

Tá ríméad orm a fhógairt go bhfuil an leabhar tábhachtach seo, a d’fhoilsigh mo Roinn i gcomhar le Teagasc, anois seolta ar líne. Tá tírdhreach na hÉireann múnlaithe ag an bhfeirmeoireacht leis na céadta bliain agus beidh tionchar mór aici ar fhlóra agus fána, gnáthóga agus uiscebhealaí an hÉireann amach anseo. Cuirtear i láthair sa leabhar seo na ceachtanna éagsúla atá foghlamtha leis na céadta bliain d’obair arna déanamh ag feirmeoirí agus cleachtóírí agus a chuidigh chun cuir chuige nua feirmeoireachta a thabhairt chun cinn ar mhaithe leis an dúlra in Éirinn an lae inniu. Súil siar ar an méid atá bainte amach go dtí seo atá sa leabhar seo chomh maith le súil a chaitheamh chun cinn ar nithe a cheart a dhéanamh amach anseo.

Meastar go forleathan roinnt tionscadail agus cláir in Éirinn a bheith ina n-eiseamláir i dtaobh cuir chuige torthaí-bhunaithe a leagan amach agus a chur i bhfeidhm ar mhaithe le bithéagsúlacht talún feirme a chaomhnú. Táthar ag díriú níos mó agus níos mó anois ar chuir chuige torthaí-bhunaithe sa phlé atá á dhéanamh faoi chaomhnú níos fearr ar bhithéagsúlacht agus mar atá ag éirí le beartais agra-chomhshaoil an AE. Leagtar amach sa leabhar seo na ceachtanna atá foghlamtha ó chnuasach cás-staidéar faoinar cuireadh cuir chuige torthaí-bhunaithe i bhfeidhm agus a ndearnadh íocaíochtaí i leith gnáthóga feirme agus speicis a chaomhnú.

Áirítear ar na cás-staidéir tionscadail agus cláir mór le rá atá sa leabhar: Clár Bhoirne, AranLIFE, KerryLIFE, Scéim Pleananna Feirme an NPWS agus an Tionscadal Scéimeanna Íocaíochta Agra-comhshaoil Toradh-bhunaithe (RBAPS). Roinntear sna cás-staidéir agus na sna caibidlí a ghabhann leo roinnt de thaithí na hÉireann ar chuir chuige torthaí-bhunaithe a fhorbairt trí phleananna feirme a chur ar fáil chomh maith le bileoga scórála, mar shampla, chomh maith le mionsonraí a thabhairt ar chórais rialachais, an ról atá ag seirbhísí comhairleacha, an rogha táscairí atá ann, monatóireacht a dhéanamh ar mhionsonraí agus an ceangal idir torthaí agus íocaíocht. San áireamh sa leabhar freisin tá machnaimh ar an gcúlra eolaíochta a bhaineann le cuir chuige torthaí-bhunaithe agus comhthéacs beartais. Ag deireadh an leabhair, cuirtear an cheist: Cá dtiocfaimid as seo?

Tá an leabhar seo dírithe ar lucht spéise idirnáisiúnta - ar chleachtóirí, lucht déanta beartas agus lucht acadúil a bhfuil suim acu i gcuir chuige torthaí-bhunaithe chun bithéagsúlacht a chaomhnú agus seirbhísí éiceachórais a sholáthar. Tá tábhacht leis an leabhar seo ó thaobh taighde, beartas agus cleachtas i réimse na talmhaíochta, an chomhshaoil, na hinbhuanaitheachta agus forbairt tuaithe. Mar thoradh ar obair dhlúth i gcomhar idir cleachtóirí agus lucht taighde a cuireadh an leabhar seo i dtoll a chéile. 

Tá sé beartaithe an leabhar a sheoladh go fisiciúil sa bhFómhar ach tá sé le fáil le híoslódáil saor in aisce anois ar láithreán gréasáin an NPWS ag https://www.npws.ie/news/farming-for-nature-book