Foilsithe ar 

Fógra foilsithe faoi Acht na Gaeltachta i leith An Ghaeltacht Láir, Co. Dhún na nGall ag Aire Stáit na Gaeltachta

D'fhógair an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe & Gaeltachta, Seán Kyne T.D., inniu go bhfuil fógra foilsithe aige i dtaca leis an Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, An Ghaeltacht Láir, Co. Dhún na nGall.

Dúirt an tAire Stáit: “Le foilsiú an fhógra seo, cuirfear tús leis an bpróiseas pleanála teanga sa limistéar seo. Fágann sé seo go bhfuil tús curtha leis an bpróiseas pleanála teanga i 23 limistéar agus nach bhfuil fágtha ach 3 limistéar. Tá obair ullmhúcháin idir lámha ag Údarás na Gaeltachta lena chinntiú go mbeidh an próiseas tosaithe sna limistéir sin go luath san athbhliain."

Tabharfar tréimhse suas le 2 mhí, le feidhm ón 25 Samhain 2016 d'eagraíochtaí chun iarratais a dhéanamh chuig Údarás na Gaeltachta le bheith roghnaithe mar eagraíocht chun plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sa limistéar atá i gceist. Fágann sé seo go mbeidh go dtí an 25 Eanáir 2017 ag eagraíochtaí chun iarratas a dhéanamh.

Tabharfar tréimhse suas le 2 bhliain ón dáta ar a roghnaíonn Údarás na Gaeltachta an eagraíocht chun plean teanga a chur faoi bhráid na Roinne le measúnú i gcomhréir leis na critéir pleanála teanga forordaithe.

Ina dhiaidh sin, beidh tréimhse 7 mbliana ag an eagraíocht chun an plean teanga a chur i bhfeidhm le cabhair ó Údarás na Gaeltachta. Déanfaidh an Roinn athbhreithniú tréimhsiúil ar chur i bhfeidhm an phlean le linn na 7 mbliana sin.

Nóta d'Eagarthóirí
Tá 22 fógra foilsithe roimhe seo faoi alt 7(3) den Acht. Foilsíodh 3 fhógra ar an 16 Eanáir 2014 i leith na Limistéar a leanas:

· Ciarraí Thiar
· Cois Fharraige
· Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir

Foilsíodh 6 fhógra i leith na limistéar a leanas ar an 16 Meitheamh 2014:

· Na Déise
· Ciarraí Theas
· An Cheathrú Rua
· Ceantar na nOileán
· Cloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh
· Dún na nGall Theas


Foilsíodh 4 fhógra eile ar an 20 Feabhra 2015:

· Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall
· Dúiche Sheoigheach agus Tuar Mhic Éadaigh (Co. na Gaillimhe agus Co. Mhaigh Eo faoi seach)
· Conamara Láir, Co. na Gaillimhe
· agus Múscraí, Co. Chorcaí


Foilsíodh 5 fhógra ar an 28 Meán Fómhair 2015:

· Tuaisceart Dhún na nGall
· Toraigh
· Oileáin Árann
· Maigh Eo Thuaidh
· Ráth Chairn agus Baile Ghib


Foilsíodh 4 fhógra ar an 11 Iúil 2016:

· Cléire
· Maigh Eo Thiar
· Na Rosa
· Maigh Cuilinn


Tá tuilleadh eolais faoin bpróiseas ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne: http://www.ahrrga.gov.ie/