Foilsithe ar 

Fógraíonn Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh, deontas reáchtála suas le €50,000 do Chomhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh (CONCOS)

Dúirt an tAire McHugh agus é ag fógairt an deontais

Déanann mo Roinn infheistíocht bhliaintiúil os cionn €4m in earnáil na gcoláistí samhradh trí dheontais do na teaghlaigh a choinníonn scoláirí. Is fianaise é seo go dtuigim fhéin agus mo Roinn chomh tábhachtach don Ghaeilge agus d’eacnamaíocht na Gaeltachta agus atá earnáil na gColáistí Samhraidh. Tá ról lárnach ag CONCOS i gcur chun cinn na hearnála sin, dár ndóigh, agus tá áthas orm, dá réir sin, a bheith ábalta cabhrú leo san obair sin

Is i gcomhréir leis an ngealltantas atá tugtha i mbeart 2.15 i bPlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge a seoladh i Meitheamh 2018 atá an t-allúntas seo á cheadú.

Tá fáil ar an bPlean agus eolas eile ina leith ar shuíomh idirlíon na Roinne: https://www.chg.gov.ie/ga/gaeltacht/20-year-strategy-for-the-irish-language-2010-2030/action-plan-2018-2022/